Ceachtanna peile na deireadh seachtaine

Easpa smachta na Gaillimhe, 'Fadhbanna' Fitzmaurice lucht ceannais na gCúigí agus ceachtanna eile na deireadh seachtaine

Gaillimh ag íoc go daor as easpa smachta

Connacht GAA Football Senior Championship Semi-Final, Pearse Stadium, Galway 14/6/2015 Galway vs Mayo Referee Padraig Hughes shows GalwayÕs Paul Conroy a black card Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan
©INPHO/Cathal Noonan

Thuas in Ard Mhacha inné, níor thug Dún na nGall uathu ach cic saor amháin taobh istigh dá líne 45m féin. I bPáirc an Phiarsaigh, rinne Gaillimh feall i ndiaidh fill a bhronn deiseanna scórála ar Cillian O’Connor. Chríochnaigh an lántosach le 0-9, agus tháinig ocht gcinn acu sin ó chiceanna saora.

Gach uair a ndearna Gaillimh dul chun cinn ar chlár na scór, tugadh an deis do Mhaigh Eo agus d’O’Connor an bhearna a mhéadú arís. Ní raibh Finian Hanley ná Gaillimh in ann Aidan O’Shea a láimhseáil agus sa chéad leath amháin bhuaigh sé ceithre chic saor as ar tháinig ceithre phointe. Bhí cosantóirí na Gaillimhe ag streachailt mar sin don chuid is mó den chluiche agus má tá siad ag iarraidh aon dul chun cinn a dhéanamh sna babhtaí cáilithe, beidh orthu éirí as na fill amaideacha sin.

Deacair breithiúnas ceart a thabhairt ar Dhún na nGall

Ulster GAA Football Senior Championship Quarter-Final, Athletic Grounds, Armagh 14/6/2015 Armagh vs Donegal Donegal's Martin O'Reilly celebrates scoring a goal Mandatory Credit ©INPHO/Presseye/Andrew Paton
©INPHO/Presseye/Andrew Paton

Ar deireadh, bhí naoi bpointe idir Dún na nGall agus Ard Mhacha ar an Domhnach ach d’fhéadfadh gur dúbailt an méid sin a bheadh dá mbeadh an fonn chuige ar Dhún na nGall. Bhreathnaigh na Conallaigh iontach sa chéad leath ach léiríonn an mháistreacht a bhí acu díreach cé chomh dona agus a bhí Ard Mhacha.

Níor thóg sé ach dhá nóiméad ar Dhún na nGall scrios a dhéanamh ar chosantóirí Ard Mhacha. Ar chúis éigin, fágadh James Morgan leis féin ag marcáil Paddy McBrearty agus ní raibh le déanamh ach liathróid fhada a chur isteach i dtreo an chúil chun Ard Mhaca a chloí. Bheadh díomá ar bhainisteoir fhoireann faoi aois dá bhfeicfeadh sé a leithéid.

Ar an taobh eile den scéal, thaispeáin Dún na nGall cén chaoi le cosaint a dhéanamh ar an gcineál sin pas. Aon uair a chuir Ard Mhacha liathróid fhada isteach, bhí scata cosantóirí thiar ag Dún na nGal chun deireadh a chur leis an ionsaí.

Ba bhreá le bainisteoirí eile na fadhbanna atá ag Fitzmaurice a bheith acu

Munster GAA Football Senior Championship Semi-Final, Semple Stadium, Thurles, Tipperary 14/6/2015 Tipperary vs Kerry Kerry's Colm Cooper Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
©INPHO/Donall Farmer

Ní raibh ach seachtar Ciarraíoch ar an bhfoireann a chuaigh chun páirce i gcoinne Thiobraid Árann a thosaigh i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh. Bhí imreoirí ar nós David Moran agus Paul Murphy gortaithe ach níor theastaigh ó Fitzmaurice leithéidí James O’Donoghue, Donnchadh Walsh agus Aidan O’Mahony a úsáid ón tús.

Agus iad ag prapáil do chluiche ceannais na Mumhan i gcoinne Chorcaí, beidh deacrachtaí ag Éamonn Fitzmaurice áit a fháil dá chuid réalta ar fad. Thug Bryan Sheehan taispeántas den scoth uaidh i nDurlas inné ach níl a áit deimhnithe fós aige ar an bhfoireann. Má bhíonn Moran ar ais don chluiche ceannais, bheifeá ag súil go mbeadh sé ag tosú agus más amhlaidh an scéal, beidh ar Fitzmaurice seisear tosaithe a roghnú as measc Colm Cooper, Johnny Buckley, Paul Geaney, Kieran Donaghy, Bryan Sheehan, Barry John Keane, James O’Donoghue, Darran O’Sullivan, Tommy Walsh, Donnchadh Walsh, Paul Galvin, Stephen O’ Brien agus beirt nó triúr eile. Pé rogha a dhéanfaidh Fitzmaurice, beidh imreoirí ar an mbinse i gCill Airne an mhí seo chugainn a mbeadh áit acu ar bheagnach aon fhoireann eile sa tír.

Ceannas ar na cúigí fós ag na foirne céanna

Connacht GAA Football Senior Championship Semi-Final, Pearse Stadium, Galway 14/6/2015 Galway vs Mayo Aidan O'Shea celebrates Mayo's opening goal Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan

Ó 2011, níl ach sé fhoireann a bhfuil craobh an chúige buaite acu, Baile Átha Cliath (4), Maigh Eo (4), Ciarraí (3), Dún na nGall (3), Corcaigh agus Muineachán. An deireadh seachtaine seo, bhí súil ag go leor daoine go mbeadh iomaitheoirí nua le feiceáil i dtrí cinn de na cúigí sin. Faraor, níor tharla sé.

I gConnachta, fuair Maigh Eo an ceann is fearr ar Ghaillimh don chúigiú huair as a chéile agus go leor de na fadhbanna céanna ag foireann Kevin Walsh agus a bhí le foirne an chontae roimhe seo. I gCúige Uladh, chlis Ard Mhacha go hiomlán sa bhaile i gcoinne Dhún na nGall. Cé go raibh dian-ullmhúchán déanta ag Kieran McGeeney agus a chuid imreoirí, ní raibh aon fhreagra acu ar thánaistí chraobh na bliana seo caite. Bhí daoine ag ceapadh chomh maith go mbeadh Tiobraid Árann in ann dúshlán ceart a thabhairt do Chiarraí, go háirithe leis na himreoirí óga atá acu, ach tar éis drochthús, b’iad na máistrí a tháinig slán gan mórán stró. Beidh orainn fanacht bliain eile chun féachaint an mbeidh aon fhoireann in ann barrthuisle a bhaint as an ‘seandream céanna’ sna cúigí.

Fág freagra ar 'Ceachtanna peile na deireadh seachtaine'