Ceachtanna na gcluichí idirchontae agus tríú leibhéal an deireadh seachtaine seo

Cé go bhfuil Baile Átha Cliath ar lasadh, tá sé deacair measúnú a dhéanamh ar na foirne eile sa tsraith agus breathnaíonn sé go bhfuil athrú ag teastáil do Chorn Mhic Shigiúir chun é a spreagadh

Iománaí Bhaile Átha Cliath, Conall Keaney, ag glanadh an tsliotair i gcoinne Chill Channaigh an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Iománaí Bhaile Átha Cliath, Conall Keaney, ag glanadh an tsliotair i gcoinne Chill Channaigh an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tá Baile Áth Cliath ag dul ó neart go neart

Tar éis an dul chun cinn uile a rinne Baile Átha Cliath faoi stiúir Anthony Daly, bhí cuid mhaith daoine a cheap go mbeadh sé deacair ag foireann na príomhchathrach nuair a sheas an Cláiríneach síos óna phost anuraidh.

mar sin atá sé, áfach, agus le dhá chluiche imeartha sa tsraith, tá Baile Átha Cliath ag barr an tábla agus buaite acu ar an dá fhoireann a bhí i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh. Ní amháin sin, ach bhí buanna cuimseathacha acu, iad ag aimsiú 2-20 i gcoinne Thiobraid Árainn seachtain ó shin agus 0-25 in aghaidh Chill Channaigh i bPáirc Uí Nualláin an Domhnach seo.

Anuas iar sin, tá ag eirí leis na hathruithe beaga atá déanta ag an mbainisteoir nua, Ger Cunningham, go háirithe a chinneadh Liam Rushe a chur sa líne lántosach agus Michael Carton á chur sa líne lánchúil.

Seamus Callanan (Tiobraid Árann) ag fáil seilbh an tsliotair os comhair lánchúlaí óg na Gaillimhe, John Hanbury. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Seamus Callanan (Tiobraid Árann) ag fáil seilbh an tsliotair os comhair lánchúlaí óg na Gaillimhe, John Hanbury. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Is iomaí rud a thiteann amach in imeacht seachtaine in iománaíocht na sraithe

An tseachtain seo caite, bhí bua breá ag Cill Channaigh ar Chorcaigh agus beagnach lánfhoireann d’imreoirí in easnamh ar na Cait. Bhí iontas orainn uile nár tháinig aon mheath ar chaighdeán na himeartha acu cé nach raibh fáil acu ar Delaney, Shefflin, Reid, na Fennellys agus a thuilleadh nach iad.

Seachtain níos déanaí cruthaíodh dúinn nach bhfuil fiú Cill Channaigh ábalta leanacht orthu ar nós cuma liom agus an oiread sin imreoirí ar lár.

I Staid Semple, bhí díograis agus anam in imirt Thiobraid Árainn nár thaispeáin siad i mBabhta 1 agus leithéidí Seamus Callanan ag léiriú go bhfuil sé ar cheann de na hiománaithe is sciliúla sa tír. Ar an taobh eile den pháirc, ba léir an tseachtain seo easpa taithí imreoirí óga na Gaillimhe agus bhí Tiobraid Árainn in ann bulaíocht de shórt a dhéanamh orthu.

I bPáirc Uí Roinn, ba léir go raibh ceacht foghlamtha ag Corcaigh óna dtaispeántas i gcoinne Chill Chainnigh an tseachtain roimhe. Bhí i bhfad níos mó fuinnimh in imirt na gCorcaíoch agus iad ag fáil an lámh in uachtar ar an gClár oíche Dé Sathairn.

Tá go leor smaoinimh le déanamh ag Davy Fitzgerald má tá sé chun an Clár a thabhairt slán i Roinn 1A. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Tá go leor smaoinimh le déanamh ag Davy Fitzgerald má tá sé chun an Clár a thabhairt slán i Roinn 1A. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Beidh iomaíocht ghéar chun fanacht i Roinn 1A

an dá chluiche sraithe caillte ag contae an Chláir agus ní bheidh sé pioc níos éasca orthu feasta. Tá Tiobraid Árann rompu i mBabhta 3 agus críochnóidh siad an tsraith le cluichí i gcoinne Bhaile Átha Cliath agus Cill Chainnigh.

Caithfear a rá gurb iad foireann Davy Fitzgerald is mó atá i mbaol I Roinnn 1A faoi láthair. Cé a bheidh leo ag iarraidh teacht slán ag deireadh an chomórtais? Is deacair a rá. Tá dhá phointe ag Gaillimh, Corcaigh, Cill Channaigh agus Tiobraid Árann. Den cheithre fhoireann sin, is iad na Gaillimhigh an t-aon dream a bhfuil dhá chluiche baile fágtha acu ach, fiú leis an  mbuntáiste sin, ní fhéadfá a bheith cinnte nach iadsan a bheidh i mbaol faoin am go m-imreofar an babhta deireanach.

Padraig O'Connor tackles Conor McGraynor 21/2/2015
Conor McGraynor ó DCU ag cailleadh seilbh na liathróide tar éis cailíos ó chosantóir UCC, Padraig O’Connor. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Níl an tóir chéanna ar Chorn Mhic Shigiúir is a bhíodh

go raibh an fhoireann baile, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, san iomaíocht, ní raibh ach slua sách beag i láthair don chluiche ceannais tráthnóna Dé Sathairn.

Ag breathnú ar an gcluiche, ní haon iontas é nach raibh an oiread sin daoine ag iarraidh freastal air. Cé nach raibh ach caitheamh na pingine idir na foirne, bhí an caighdeán peile an-íseal agus imreoirí ar a ndícheall gan scaoileadh leis an bpeil nó go ndéanfaí cailíos orthu seachas a bheith ag iarraidh í a theilgean chuig imreoirí eile a raibh níos mó spáis acu.

Anois, tá deacair peil bhreá tharraingteach a imirt ar pháirc throm i lár mhí Feabhra agus, mar a dúirt bainisteoir DCU, Niall Moyna, ní haon chabhair é go bhfuil ar na himreoirí dhá cluiche chrua a imirt dhá i ndiaidh a chéile. Pé scéal é, caithfear athrú éigin a dhéanamh chun suim an phobail sa chomórtas seo a mhúscailt.

go bhfuil sé soiléir go bhfuil tacaíocht na n-imreoirí fós ag an gcomórtas, mar a chonaic muid i gcás Chorn an Bhóthair Iarainn, ní leor an méid sin amháin.

Fág freagra ar 'Ceachtanna na gcluichí idirchontae agus tríú leibhéal an deireadh seachtaine seo'