Ceachtanna na bpobalbhreitheanna agus an pharlaimint ‘WELL HUNG’

Tá ceachtanna le foghlaim ón iniúchadh ar an tslí inar theip ar phobalbhreitheanna na Breataine toradh an olltoghcháin thall i 2015 a thuar i gceart

Cathal

Bhain toradh olltoghchán na Breataine anuraidh an bonn ó phobalbhreitheanna i súile an phobail agus na meán. Bhí fáth na mímhuiníne soiléir.

Bhí na suirbhéanna ar fad a foilsíodh sa choicís roimh lá na vótála ar aon tuairim: bhí na Coimeádaigh agus an Lucht Oibre bord ar bhord lena chéile.

Ní comhscór a bhí ann i ngach suirbhé, ach bhí an bhearna idir na páirtithe chomh beag sin i bpobalbhreitheanna eile (idir a haon agus dó faoin gcéad ina bhformhór, trí faoin gcéad i gcorrcheann eile) nach raibh aon amhras ar na hiriseoirí.

Bhí cur síos beacht mar shampla ar phríomhleathanach an Sun ar lá na vótála ar an toradh a raibh na meáin i gcoitinne ag súil leis. ‘WELL HUNG’ a dúirt an ceannlíne os cionn thorthaí an tsuirbhé dheireanaigh a rinneadh don nuachtán. Bhí na figiúirí céanna i gcló i nuachtáin eile.

Parlaimint ‘chrochta’ mar sin a bhí á tuar go forleathan agus gach duine ar aon tuairim gur faoi Náisiúnaithe na hAlban a bheadh sé na Coimeádaigh nó an Lucht Oibre a chur i mbun rialtais.

Is eol dúinn go léir céard a tharla. Tá an bhearna idir an toradh a bhí á thuar (ar an meán) roimh an toghchán agus an toradh a bhí ann sa deireadh soiléir sna figiúirí thíos:

Screen Shot 2016-01-22 at 20.27.08

D’iarr na comhlachtaí pobalbhreithe ar shaineolaí taighde in Ollscoil Southampton, an tOllamh Patrick Sturgis, iniúchadh a dhéanamh maidir le cúis na teipe. Glactar leis gur go neamhspleách, gan aon chur isteach ó na comhlachtaí pobalbhreithe, a d’fhiosraigh sé na fáthanna.

Níl a chuid oibre críochnaithe ag an ollamh fós, ach d’fhoilsigh sé tuairisc eatramhach an tseachtain seo ina ndearna sé cur síos ar na laigí a léirigh a chuid taighde go dtí seo. Bhunaigh sé a thuairimí ar chíoradh ó bhonn a dhéanamh ar (a) roghnú na ndaoine a ceistíodh, (b) na ceisteanna a cuireadh orthu, agus (c) an leas a baineadh as na freagraí a tugadh.

A thuairimí, mar sin:

1. Ní mar gheall ar mhórathrú intinne díreach roimh lá na vótála a theip ar lucht na bpobalbhreitheanna toradh an toghcháin a thuar i gceart.

2. Níor ceistíodh dóthain vótóirí a bhí os cionn 70 bliain d’aois agus a raibh sé ar intinn acu vótáil.

3. Ceistíodh líon rómhór de dhaoine óga (faoi 30 bliain d’aois) sa chuid is mó de na pobalbhreitheanna, toisc nár cuireadh a neamhthoil vótála san áireamh go cruinn.

4. Bhí na pobalbhreitheanna róchosúil lena chéile. Níor foilsíodh ach corrcheann a thug le fios go raibh bearna shuntasach idir na príomhpháirtithe. Níl aon mhíniú i dtuairisc an ollaimh ar an bhfáth go raibh an scéal amhlaidh.

Níl fianaise ná freagra iomlán, mar sin, le fáil fós ar an gceist: céard a chuir lucht pobalbhreitheanna na Breataine amú?

Ainneoin gur cás eisceachtúil é toghchán 2015 (bíonn na meastacháin dheireanacha réasúnta cruinn de ghnáth, thall agus abhus), tá sé ag cur imní ar lucht na bpobalbhreitheanna in Éirinn.

Taobh amuigh den chontúirt atá sonraithe thuas, tá fadhbanna nua le réiteach agus vótóirí Éireannacha á gceistiú an babhta seo. Mar shampla, mar a deir Richard Colwell, stiúrthóir Red C, ina alt suimiúil sa Tallyman’s Campaign Handbook a foilsíodh Dé Céadaoin, tá cúis mhór amhrais ann i dtaobh thacaíocht na Neamhspleách.

Má neartaíonn vóta na Neamhspleách arís (cuimhnigh gur shroich siad 25 faoin gcéad sna pobalbhreitheanna anuraidh), ar chóir breathnú ar a leithéid mar chomhartha láidir míshásaimh a lagódh páirtithe an rialtais go háirithe?

Nó ar chóir breathnú ar a leithéid mar fhianaise ar mhíshástacht a dtiocfadh maolú uirthi roimh lá na vótála, de réir mar a dhíríonn daoine ar an rogha rialtais atá rompu?

Neosfaidh toradh an toghcháin cruinneas nó easpa cruinnis ár bpobalbhreitheanna. Idir an dá linn, is féidir le gach iriseoir agus vótóir Éireannach ceacht a fhoghlaim ón méid a tharla thall anuraidh.

Bainimis sult as na pobalbhreitheanna, ach is tábhachtaí ár mbreith ar na hiarrthóirí agus ar a bpolasaithe ná buille faoi thuairim i leith an toraidh, dá fheabhas é.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTÉ Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Ceachtanna na bpobalbhreitheanna agus an pharlaimint ‘WELL HUNG’'

  • Eoin Ó Murchú

    Má chuimhníonjn muid go mbíonn margin of error de +/- 3% ann, níl na figiúirí thuas go hiomlán as riocht. Sé sin go gciallaíonn 34% idir 31% agus 37%, agus sin mar a thit sé amach sa deire.
    Freisin, bhí na pobalbhreitheanna céad faoin gcéad cruinn maidir le hAlbain.
    Agus ag dul leis sin is minic a chuireann first past the post an toradh as riocht leis na figiúirí phobalbhreitheanna.
    Maidir lenár dtoghchan féin, ceapaim gur feidir linn bheith reasúnta muinineach astu: ach amháin – seans maith go mbeidh SF pointe nó dhó níos lú mar a thuartar agus níl a fhios ag an diabhal cá rachaidh vótaí na na neamhspleáigh mar aistriúcháin.
    Ar na figiúiri reatha beidh suas le 54 suíocháin ag FG agus idir 6 is 10 ag Labour: se sin go mbeidh orthu feabhas as cuimse a dheanamh le bheith atofa. Is féidir e a dhéanammh le feachtas laidir ach ní fheicim é, go hairithe toisc go bhfuil an oiread sin nimhe i gcoinne Labour sna ceantracha Lucht Oibre.