Ceachtanna códála ar fáil i nGaeilge ar líne

Suíomh a bunaíodh ar mhaithe le suim sa ríomheolaíocht a mhúscailt i ndaoine óga curtha ar fáil i nGaeilge

Ceachtanna códála ar fáil i nGaeilge ar líne

Tá suíomh, a bhfuil sé mar aidhm aige suim sa ríomheolaíocht, go háirithe sa chódáil, a mhúscailt i ndaoine óga, anois ar fáil i nGaeilge

Is é an tOllamh Kevin Scannell, ó Ollscoil Missouri i Meiriceá, a chuir Gaeilge ar an suíomh Code.org a bunaíodh cúpla bliain ó shin mar eagraíocht neamhbhrabúis. Tá tacaíocht faighte ag an eagraíocht ó leithéidí Bill Gates, Mark Zuckerberg agus Jack Dorsey.

Tá cúig chúrsa iomlána ar fáil ar Code.org, gach ceann acu tuairim is 20 uair an chloig ar fad, chomh maith le hocht ngearrchúrsa ‘Hour of Code’ a thugann blaisín beag den ríomhchlárú do dhaoine óga. Tá gníomhaíochtaí eile ann a mhúineann coincheapa códála “gan bacadh le ríomhaire ar chor ar bith”.

Baineann Code.org úsáid as teanga ríomhaireachta darb ainm Blockly, atá an-chosúil leis an teanga cháiliúil ríomhaireachta Scratch a forbraíodh in MIT deich mbliana ó shin. Scríobhtar an cód i dtrí bhloc éagsúla a dhéantar a tharraingt agus a cheangal le chéile ar an scáileán.

Dúirt Scannell le Tuairisc.ie go bhfuil Scratch ar fáil i nGaeilge ach nach mbaineann mórán daoine sna scoileanna úsáid as “toisc nach bhfuil ceachtanna nó cúrsaí teagaisc ar fáil leis”. Dar leis go “líonann Code.org an bhearna sin”.

Dúirt sé gur fhás an togra as comhráite a bhí aige le daoine éagsúla i saol na Gaeilge ag an gcomhdháil ‘Pobal na Gaeilge sa Ré Dhigiteach’ a reáchtáladh in Óstán Chois Fharraige i Márta na bliana seo.

“Bhí comhrá agam le Mícheál Ó Foighil faoi ghníomhaíochtaí den sórt seo a bheadh oiriúnach do dhaltaí i gColáiste Lurgan, agus chuir Siún Ní Dhuinn ceist orm faoin titim thubaisteach ar líon na gcailíní atá ag dul isteach sa ríomheolaíocht. Ní réiteach iomlán ar an bhfadhb sin é seo, ach creidim gur céim chun tosaigh é, trí chailíní a spreagadh chun códála agus iad fós óg,” a dúirt sé.

Dúirt an tOllamh Scannell, a bhfuil a lán tograí Gaeilge curtha i gcrích aige ó thosaigh sé ag plé leis an nGaeltacht Dhigiteach 16 bliain ó shin, go bhfuil an ríomhchlárú “thar a bheith tábhachtach” sa lá atá inniu ann agus gur theastaigh uaidh “deis a thabhairt do dhaoine óga sa Ghaeltacht agus sna Gaelscoileanna triail a bhaint as”.

Déanann Scannell ceardlanna saor in aisce ó am go chéile ar Scratch agus Code.org sna Stáit Aontaithe agus dúirt sé le Tuairisc.ie gur mhaith leis an rud céanna a dhéanamh sa tír seo an chéad uair eile a bheidh sé ar cuairt ar Éirinn.

Fág freagra ar 'Ceachtanna códála ar fáil i nGaeilge ar líne'