CEACHTANNA CLG: Ar a laghad ní bheidh eagla ar Mhaigh Eo roimh Bhaile Átha Cliath…

A raibh le foghlaim ó chluichí móra peile an deireadh seachtaine seo caite...

CEACHTANNA CLG: Ar a laghad ní bheidh eagla ar Mhaigh Eo roimh Bhaile Átha Cliath…

Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Ar a laghad ní bheidh eagla ar Mhaigh Eo roimh Bhaile Átha Cliath

Bhí caint ann go mbeadh an cluiche leathcheannais idir Baile Átha Cliath agus Tír Eoghain ar cheann de na cluichí ab fhearr a bhí againn le tamall. Ní raibh ann faraor ach muc i mála.

Dúradh go mbeadh sé deacair ar Bhaile Átha Cliath córas cosanta Thír Eoghain a shárú ach, i ndáiríre, ní raibh ag teastáil ó imreoirí Jim Gavin chun sin a dhéanamh ach beagáinín foighne. Chuir Tír Eoghain líne cosantóirí siar ar an líne 45m agus níor bhog siad amach ón líne sin chor ar bith chun brú a chur ar an bhfear a raibh an liathróid ina sheilbh aige.

Ní raibh ar Bhaile Átha Cliath ach an liathróid a chur siar agus aniar nó gur aimsigh siad ruainne beag spáis taobh istigh den líne chosanta.  Ba cheart freisin ar ndóigh a gcuid tosaithe a mholadh as an gcruinneas a léirigh siad, go háirithe sa chéad 20 nóiméad nó mar sin.

Agus an oiread sin ama caite ag Tír Eoghain ag obair ar an gcóras seo, ní raibh plean ar bith eile ag Mickey Harte chun an taoide a chasadh agus bhí sé soiléir luath go maith nach raibh siad chun mórán deacrachtaí a chruthú do Bhaile Átha Cliath.

Tá an pheil athraithe go mór ó tháinig Tír Eoghain chun cinn ag tús na mílaoise, ach dá dtaispeánfaidís fiú cuid den díocas a léirigh siad sa chluiche leathcheannais cáiliúil sin i gcoinne Chiarraí in 2003, seans nach mbeadh siad buailte chomh dona sin ag Baile Átha Cliath inné.

I láthair na huaire, is iad Maigh Eo is mó a chuirfeadh seanfhoireann sin Thír Eoghain i gcuimhne duit agus is cinnte nach mbeidh aon fhaitíos orthu roimh Bhaile Átha Cliath sa chluiche ceannais.

Pictiúr: Inpho.ie

Gach rud ag dul mícheart do Fitzmaurice

Ach an oiread le Stephen Rochford an tseachtain seo caite, rinne Éamonn Fitzmaurice cúpla cinneadh mór don chluiche athimeartha Dé Sathairn. Thuigfeá dá chinneadh cosantóir le cois a imirt i bhfianaise an scrios a rinneadh ar líne lánchúil Chiarraí an tseachtain roimhe sin, ach mar ba léir do lucht leanúna na Ríochta, bhí an chuma ar an scéal gur ‘Murphy’s Law’ a bhí i bhfeidhm i bPáirc an Chrócaigh inné.

Cuireadh Donnchadh Walsh ag imirt ón tús ach ba léir nach raibh fear an Chromáin go hiomlán aclaí. Agus gortú fós ag cur as dó, ní raibh sé in ann brú a chur ar líne leathchúil Mhaigh Eo.

Mar thoradh air sin, bhí níos mó ama ag leithéidí Keith Higgins agus Colm Boyle an liathróid a sheoladh isteach i dtreo na dtosaithe agus í a choinneáil amach ó Paul Murphy, a bhí ag feidhmiú mar chosantóir le cois.

Agus cosantóir breise curtha san imirt ag Ciarraí, bhí orthu duine dá gcuid tosaithe a choinneáil ar an mbinse agus is é James O’Donoghue a chaill a áit ar an bhfoireann. Ba léir nárbh é sin an cinneadh ceart ach an oiread agus bhí an-tionchar ag O’Donoghue ar an gcluiche nuair a tháinig sé isteach ag leath ama.

É sin ar fad sa mhullach ar chinneadh an réiteora Darran O’Sullivan agus Peter Crowley a chur den pháirc, mhaithfeá do Fitzmaurice é dá gceapfadh sé gur air féin a bhí an mhallacht seachas ar Mhaigh Eo.

Slán le ré Seán Cavanagh. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ní deireadh maith a bhíonn ar gach scéal

D’fhág CLG slán le duine de mhórlaochra na linne an deireadh seachtaine seo agus a chluiche deireanach imeartha ag Seán Cavanagh do Thír Eoghain. D’fhéadfadh chomh maith nach bhfeicfimis laoch mór eile, Kieran Donaghy, i ngeansaí Chiarraí arís.

Bhí ráflaí ann ag tús na bliana go raibh fear Thrá Lí chun éirí as an imirt, mar a rinne a sheanchara Colm Cooper, ach tar éis do Donaghy díriú ar an gcispheil don gheimhreadh, mheas sé go raibh an cíocras fós ann séasúr eile a thabhairt d’fhoireann na Ríochta.

Mo léan is drochbhlas a d’fhágfas a chluiche deireanach don chontae i mbéal Donaghy. Ach an oiread leis an gcuid is mó dá chomhghleacaithe, níor éirigh leis an lántosach dul i bhfeidhm ar an imirt Dé Sathairn agus léirigh sé a chuid frustrachais nuair a tharraing sé dorn ar a chéile comhraic, Aidan O’Shea, i dtreo dheireadh an chluiche.

Ní raibh críoch chomh hachrannach céanna le seal Sheán Cavanagh i ngeansaí Thír Eoghain ach beidh an díomá chéanna air i ndiaidh an chluiche i gcoinne Bhaile Átha Cliath. Baineadh Cavanagh den pháirc agus ceathrú huaire fós le himirt agus gan an mhéar féin leagtha aige féin ná ag Tír Eoghain ar fhoireann Jim Gavin an tráthnóna uile.

Is mór an trua nach raibh an bheirt in ann an clabhsúr a bhí dlite dóibh a chur lena n-aistear idirchontae ach nuair a dhéanfar clár Laochra Gael fúthu amach anseo, agus déanfar cinnte, ní bheidh i dtaispeántais an deireadh seachtaine seo caite ach fonóta.

Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Foirne Uladh imithe in olcas?

Ní fhéadfadh go mbeadh aon chontae as Cúige Uladh sásta leis an gcaoi ar tháinig deireadh lena bhfeachtais chraoibhe in 2017. Is iad an Cabhán an t-aon fhoireann Ultach a chríochnaigh i bhfoisceacht aon scór amháin den fhreasúra ina gcluiche deireanach (fuair Tiobraid Árann an ceann is fearr orthu i mBabhta 2 de na cluichí cáilithe).

Don chuid eile de na hUltaigh, bhí bearnaí idir ocht bpointe agus ocht bpointe dhéag eatarthu féin agus an chuid eile de na foirne Ultacha.

Ard Mhacha is measa a buaileadh, chloígh Tír Eoghain iad, 3-17 in aghaidh 0-8, ach níor mhair foireann Mickey Harte i bhfad eile sa chraobh agus bhí dhá phointe dhéag le spáráil ag Baile Átha Cliath orthu i gcluiche an Domhnaigh.

Ba é an scéal céanna le Muineachán, a raibh farasbarr ocht bpointe acu ar an Dún sna babhtaí cáilithe, ach arís thug Baile Átha Cliath greadadh dóibh sa chluiche ceathrú ceannais agus deich bpointe eatarthu ag an deireadh.

Níor éirigh rómhaith le foirne Uladh in aghaidh na gConnachtach ach an oiread i mbliana. Bhuail Sligeach Aontroim le sé phointe i mí an Mheithimh, bhí aon phointe dhéag idir Maigh Eo agus Doire mí Iúil agus bhí bua ollmhór, cúig phointe dhéag, ag Gaillimh ar Dhún na nGall an mhí céanna.

Deirtear gurb í Craobh Uladh an chraobh is mó iomaíochta sa tír ach breathnaíonn sé nach maith an t-ullmhúchán í do na coimhlintí a thagann ina diaidh.

Fág freagra ar 'CEACHTANNA CLG: Ar a laghad ní bheidh eagla ar Mhaigh Eo roimh Bhaile Átha Cliath…'