Ceacht staire – ‘I propose therefore …the opportunity for free education will be available to all families’.

CATHAL MAC COILLE: Tá ceachtanna le foghlaim fós ón athrú mór ar an gcóras oideachais a cuireadh i bhfeidhm 50 bliain ó shin

Ceacht staire – ‘I propose therefore …the opportunity for free education will be available to all families’.

Pictiúr: Tuairisc ar RTÉ faoin saoroideachas. Pictiúr: RTÉ

Ní raibh duine ar bith a chuala óráid an Aire Oideachais ar an 10 Meán Fómhair 1966 ag súil leis an athrú bunúsach polasaí a d’fhógair sé, agus a cuireadh i bhfeidhm bliain ina dhiaidh sin.

Dúirt Donogh O’Malley le cruinniú i nDún Laoghaire an lá sin go raibh mórathrú riachtanach ionas nach gcuirfeadh easpa airgid bac níos mó ar fhreastal páistí bochta ar mheánscoileanna:

I propose therefore from the coming school year, beginning in September of next year, to introduce a scheme whereby, up to the completion of the Intermediate Certificate [ar a dtugtar an Junior Certificate nó an Teastas Sóisearach anois] course, the opportunity for free post-primary education will be available to all families.”

Is mar gheall ar an gcinneadh seo a tháinig athrú ó bhonn ar an gcóras oideachais ó 1967 ar aghaidh. Bhí 148,000 dalta ag freastal ar scoileanna dara leibhéal sa scoilbhliain 1966-67. Faoi cheann seacht mbliana, bhí oideachas meán-scoile á fháil ag 239,000 dalta – méadú 61 faoin gcéad.

Bhí dlúthbhaint ag gach feabhas a tháinig ar shaol na tíre sa tréimhse ó shin leis an ardú leanúnach ar an meánchaighdeán oideachais a thosaigh i Meán Fómhair 1967. Is eiseamláir a ndearna Donogh O’Malley chomh maith de chur chuige polaitiúil éifeachtach, cé nach raibh sé gan locht.

Níor thug an Máilleach deis ar bith don rialtas an cinneadh stairiúil a d’fhógair sé i nDún Laoghaire i Meán Fómhair 1967 a phlé roimh ré. Dúirt rúnaí na roinne airgeadais T.K. Whitaker leis an Taoiseach, agus óráid an aire á cáineadh go géar aige, nach bhféadfaí plean rialtais ar bith a chur i bhfeidhm dá mbeadh cead a gcinn ag airí caiteachas a breise a fhógairt de réir a dtola.

Is ar thráthnóna Sathairn a thug Donogh O’Malley a óráid. Tharraing a ndúirt sé aird as cuimse i nuachtáin an Domhnaigh agus moladh forleathan ón lá sin ar aghaidh. Ba léir fiú do na hairí rialtais a bhí míshásta leis an easpa plé roimh ré nach bhféadfaí an polasaí nua a mhoilliú ná a mhaolú.

Síleadh ar feadh i bhfad go raibh cead nó tacaíocht neamhoifigiúil roimh ré, ar a laghad, tugtha ag an Taoiseach Seán Lemass don Mháilleach. Is léir ó bheathaisnéis John Horgan (Seán Lemass – The Enigmatic Patriot, 1997) go raibh saor-oideachas meánscoile pléite acu ceart go leor. Ach níl fianaise ar bith ann gur cheadaigh Lemass fógairt an chórais nua. Go deimhin, dúirt sé leis an Máilleach i ndiaidh na hóráide gur chóir dó machnamh a dhéanamh ar é a chur i bhfeidhm de réir a chéile, toisc go gcaithfí iarratais airgeadais ó airí eile a chur sa mheá.

Sin ráite, thosaigh ré nua an tsaor-oidechais i meánscoileanna na tíre i Meán Fómhair 1967, díreach mar a gheall an Máilleach bliain roimhe sin. Níl an chreidiúint go léir tuillte aige féin amháin. Bhí sciar di tuillte ag Jack Lynch, a tháinig i gcomharbacht ar Lemass mar Thaoiseach i Samhain 1966 agus a thug tacaíocht airgeadais don scéim. Tá sciar eile buíochais tuillte ag na hoird Chaitliceacha (nach bhfuil gan locht ar bhealaí eile) a chuir an scéim i bhfeidhm ainneoin neamhthoil an rialtais í a mhaoiniú go hiomlán.

Sin ráite, is mar gheall ar rith aonair pholaiteora a tháinig feabhas ó bhonn ar an gcóras oideachais, agus ar chothrom na Féinne, agus ar shaol na tíre i gcoitinne le caoga bliain anuas. B’fhearr gan dabht gur ar bhonn tomhaiste, pléite, agus pleanáilte, a chuirfí gach mórathrú polasaí i bhfeidhm. Ní foláir a rá freisin go bhfuil saol agus córas riaracháin na tíre níos casta anois ná mar a bhí i 1967.

Sin ráite, is údar machnaimh é an t-athrú a d’fhógair Donogh O’Malley go tobann caoga bliain ó shin, agus an feabhas mór a tháinig dá thoradh.