Ceacht ón nGréig romhainn – ach cé dóibh a múinfear é?

Beidh tionchar nach beag ar pholaitíocht na hÉireann ag cibé socrú Eorpach a dhéantar i leith fhiacha na Gréige

???????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????

Ní léir fós cén uair a shroichfidh an Ghréig uair na cinniúna, ach tá an méid seo soiléir. Is mó go mór an baol go ndíbreofar an tír as limistéar an Euro, tré thimpiste nó d’aon ghnó, seachas mar a bhí ar theacht i gcumhacht Syriza trí mhí ó shin.

Shéan Rialtas na Gréige tuairisc a foilsíodh sa Financial Times Dé Luain a dúirt go raibh loiceadh ar fhiacha beartaithe go luath acu. Ach níor chuir an séanadh oifigiúil oiread agus duine ar a shuaimhneas. Séanann gach rialtas géarchéim airgeadais roimhré. Mar is eol d’ Éireannaigh.

Tá práinn faoi dhó ag bagairt ar rialtas na Gréige. Ní foláir athruithe inchreidte ar chóras cánach agus airgeadais na tíre a ghealladh roimh an tseachtain seo chugainn ionas go gcuirfear iasacht eatramhach €7.2bn ar fáil don tír. Ní hacmhainn don stát maireachtáil dá cheal ach ar feadh achair ghairid.

Ina dhiaidh sin, beidh (a) iasacht níos mó agus/nó (b) síneadh ama agus/nó (c) cealú fiacha ag teastáil chun ábhar dóchais a thabhairt don Ghréig go mbeifear muiníneach as. Dá dhonacht an coibhneas idir fiacha agus olltáirge baile (GDP) na hÉireann (114 faoin gcéad), is in áit na leathphingine atá sé le hais ráta na Gréige (176 faoin gcéad).

Chuir Sinn Féin agus mionpháirtithe na heite clé fáilte chroíúil roimh thoghadh Syriza i mí Eanáir. Chuaigh an teachta Sóisialach Paul Murphy chun na Gréige lena mbua a cheilúradh. Bua, dar leis, ar tuar dóchais é do thíortha eile: “they have blown a breath of fresh air across Europe – giving hope in Ireland, Spain, Portugal and elsewhere that the austerity nightmare can be brought to an end.”

Moladh Syriza go hard le linn Ard-Fheis Shinn Féin, agus dúirt Aire Cúnta Airgeadais na Gréige Euclid Tsakalotos leis an Ard-Fheis go raibh Syriza agus Sinn Féin páirteach i gcomhgluaiseacht Eorpach in aghaidh na déine.

Má éiríonn le Syriza margadh nó maolú suntasach ar bith ar fhiacha a bhaint amach, beidh taca láidir ag na páirtithe seo i bhfeachtas an olltoghcháin. ‘Féach fódsheasamh na Gréige,’ a déarfar, ‘agus an dea-thoradh a bhí air, i gcomparáid le meatacht agus ceann faoi Rialtas na hÉireann’.

Ach mura dtabharfar faoiseamh don Ghréig agus má théann cúrsaí thall in olcas arís, neartófar cás Fhine Gael, an Lucht Oibre agus Fhianna Fáil in aghaidh na bpáirtithe thuasluaite. ‘Cén mhaith caint láidir gan aon tairbhe?’ a déarfaidh siad. ‘Ba dhian agus ba ghéar ár gcur chuige, ach nach bhfuil a thoradh míle uair níos fearr ná cruachás na Gréige’.

25/6/2007 Irish Human Rights Commissions
Maurice Manning. Pictiúr: Photocall Ireland

Definitely Maybe…

D’fháiltigh Enda Kenny roimh thuarascáil an choiste a mhol atheagrú ar thoghadh an tSeanaid, ach focal níor dhúirt sé ina fabhar ná ina coinne.

Na príomhathruithe: (1) Vóta do gach saoránach, ina measc saoránaigh i dTuaisceart Éireann agus thar lear, (2) Toghadh díreach 36 Seanadóir, agus (3) Bille atheagraithe, a bhunófaí ar bhille a fhoilseoidh an coiste faoi cheann míosa, a chur faoi bhráid na Dála roimh bhriseadh an tSamhraidh.

Rinne an coiste, a raibh an tIar-Sheanadóir Maurice Manning mar chathaoirleach, a gcuid oibre go scafánta, agus tá clár athraithe tomhaiste curtha le chéile acu.

Faraor, is é tuairim thomhaiste an cholúin seo nach bhfuil seans dá laghad ann go rachfar chun cinn lena moltaí mar is mian leo. Fiú má fhoilsíonn an rialtas bille atheagraithe ceart roimh an olltoghchán, ní rithfear é. Agus i ndiaidh an olltoghcháin, cá bhfios?

Is láithreoir ar ‘Morning Ireland ‘ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille.

Fág freagra ar 'Ceacht ón nGréig romhainn – ach cé dóibh a múinfear é?'