Ceacht Mark Furlong don Rialtas

Thug fear óg eiseamláir bhreá do pholaiteoirí Theach Laighean, agus leanbh á shábháil aige.

Mark Furlong. Pictiúr: RTÉ
Pictiúr: RTÉ

Teach trí thine, lár na hoíche. An bhriogáid dóiteáin ar an mbealach.

Fear agus leanbh trí mhí d’aois sáinnithe in uachtar an tí. An t-athair á hiompar, é ina sheasamh ag béal fuinneoige.

Gan ach aon rogha chrua amháin le déanamh aige.

An páiste a chaitheamh síos, le súil go mbéarfaí uirthi.

Níl Mark Furlong fiche bliain d’aois ach is ar éigean a dhéanfaidh sé gníomh níos tábhachtaí ar an toirt fad a mhairfidh sé ná tarrtháil an linbh óig go moch ar maidin Dé Luain.

Shín sé a lámha amach, caitheadh Mila síos, agus thit sí isteach go cruinn sábháilte ina lámha.

Beidh a tuismitheoirí buíoch go deo.

Dúirt fear tine ar an lathair go raibh an t-ádh ar bhunadh uile an tí gur tháinig siad go léir slán, cé gur gortaíodh seisear, ina measc an mháthair Charlene Murphy, a bhris a cos nuair a léim sí.

Agus Mila? Níl smál uirthi.

Ní chuirfeadh a ndúirt Mark Furlong faoin eachtra níos deireanaí iontas ar dhuine ar bith.

Ach is fiú tagairt do ghiota dá ráiteas:

“My heart was pounding. I just thought of nothing else except catching that child.”

Níl aon chosúlacht idir leanbh a thabhairt slán ó dhóiteán agus tír a thabhairt slán ó chruachás.

Mar sin féin, tabhair faoi deara na dea-thréithe nach ndéanfadh aon dochar dá mbeidís i réim níos minicí idir Sráid Chill Dara agus Sráid Mhuirfin:

 

  1. Mearbhreithiúnas.
  2. Misneach.
  3. Luathghníomh.
  4. Freagracht.
  5. Diongbháilteacht.
  6. Rogha gan rómhoill.
  7. Dhá shúil ghéara.
  8. Dhá lámh láidir.
  9. Dhá chos i dtaca.
  10. Comhthuiscint fhoirfe idir an bheirt a thug aghaidh ar an bpráinn, agus ar an ngníomh tarrthála a bhí riachtanach.
  11. Gastacht, aclaíocht agus solúbthacht de réir an riachtanais.
  12. Agus dhá thréith atá molta go minic ag Enda Kenny agus ag airí rialtais le seachtain: cinnteacht agus soiléireacht (féach ‘An Fhírinne Lom;’ thíos).

 

Tá eiseamlairí de na tréithe sin uilig ag teastáil, ní hamháin i dTeach Laighean agus i dTithe an Rialtais, ach i saol na tíre i gcoitinne.

Mar a léirigh dhá shocrú a thainig chun solais Dé Máirt.

1. D’fhógair Leo Varadkar córas nua cártaí leighis, atá ar aon dul leis an gcóras a bhí i bhfeidhm go dtí

(a) gur cuireadh srian air i 2013,

(b) sular gheall an Taoiseach nach raibh srian ar bith i bhfeidhm,

(c) sular bhunaigh sé coiste,

(d) sular cheap sé Leo mar Aire Sláinte in ionad James Reilly chun déileáil leis an bpraiseach,

(e) sular shocraigh an rialtas go bhfillfí ar an seanchóras.

2. Ritheadh rúin sa Dáil a cheadóidh reáchtáil éisteachtaí an choiste a dhéanfaidh inúchadh ar ghéarchéim na mbanc.

Mar is eol do chách, is i Meán Fómhair na bliana 2008 a thosaigh an ghéarchéim dáiríre. Sé bliana ó shin.

Thug Mark Furlong dea-sampla dúinn uilig. Ní gá a thuilleadh a rá.


AN FHÍRINNE LOM


‘CLARITY AND CERTAINTY’:

‘Soiléireacht agus Cinnteacht’ a bhí curtha ar fáil ag an aire comhshaoil Alan Kelly, agus leasuithe ar chóras na dtaillí uisce an tseachtain seo caite, dar leis féin agus urlabhraithe eile rialtais.

Ar chuala léitheoir ar bith cinnteacht nó soiléireacht maidir le cúrsaí uisce á hiarraidh ag duine ar bith a bhí i mbun agóide?


 

 

Fág freagra ar 'Ceacht Mark Furlong don Rialtas'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Nuaur a íocann tú tuarastáil €100K do chláir bhainisteoirí agus luch comhairleoireachta agus caidreamh poiblí ní bhionn soiléireacht ar bith acu ó thaobh réiteacht fadhbanna. Caithfidh said gach rud a dhéanamh casta ionas nách dtuigeann an cosmhuintir cad atá ar siúl.Ansin nuair a bhionn an praiseach ar fuaid na mias iarrann said ar na ghnáth daoine íoch as.Ar an gcaoi sin leannann an fainne fí.