Ceacht le foghlaim ó Ard na Croise faoi chúrsaí leathanbhanda

Tá sé thar am againn éirí as an síorphlé faoi chúrsaí leathanbhanda agus conas é a fheabhsú ar fud na tíre

Ceacht le foghlaim ó Ard na Croise faoi chúrsaí leathanbhanda

Eadrainn féin, a léitheoir dhil, bhí scríbhneoir an cholúin seo imníoch tar éis seoladh an ríomhphoist inar dúradh leis an Eagarthóir cén t-ábhar a bheadh a phlé.

Ní bheadh iontas ar iriseoir ar bith a d’fhógair colún eile faoi chúrsaí leathanbhanda, dá nglaofadh Eagarthóir air láithreach chun fainic mar seo a leanas a chur air:

Féach, táimid go léir tinn tuirseach de chaint ar leathanbhanda, agus ar shíorchlamhsán faoi mhoille na seirbhíse. Tá a fhios againn go léir gur náire shaolta é nach bhfuil caighdeán agus luas na seirbhíse sa chuid is mó den tír ar aon chéim leis an gcóras atá ar fáil taobh thoir den M50. Táimid bréan de mhoilleadóireacht gach rialtas le scór bliain. Ní féidir focal fiúntach eile a scríobh faoi. An gcloiseann tú mé?’

Ar ámharaí an tsaoil, glaoch dá leithéid ní bhfuair mé. Bíonn eagarthóirí trócaireach tuisceanach uaireanta (go háirithe i mí Lúnasa). Seo linn, mar sin, agus faillí náisiúnta an leathanbhanda faoi chaibidil anseo arís eile. Chomh maith le hábhar dóchais ónár stair.

Léirigh suirbhé idirnáisiúnta ar luas leathanbhanda a foilsíodh Dé Máirt go bhfuil 25 tír eile san Eoraip chun cinn ar Éirinn ó thaobh luais de. Dá dhonacht an scéal seo, is measa an dochar a dhéanann an easpa iomlán leathanbhanda atá i mórán ceantar sa tír agus a mhoille i mórán ceantar eile.

An dea-scéala? De réir an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda, a d’fhógair an tAire Cumarsáide Denis Naughten i mí Aibreáin, cuirfidh an rialtas deontais ar fáil chun soláthar seirbhíse a dheimhniú sa chuid is mó den tír.

An drochscéala? Níl barántas ar bith tugtha fós go gcuirfear córas leathanbhanda ardluais ar fáil i ngach áit. Tá go leor saineolaithe amhrasach go gcuirfear an córas ar fáil faoi dheireadh 2018, mar atá geallta, do leathmhilliún teach agus do 47,000 gnó.

Bí cinnte go mbeifear ag cur is ag cúiteamh arís eile amach anseo maidir le dhá cheist a dhúisítear go rialta agus cúrsaí leathanbhanda á bplé:

1. An féidir brath ar chomhlacht príobháideach (Eir faoi láthair) leis an bhforbairt a theastaíonn a dhéanamh gan mhoill?

2. Arbh fhearr comhlacht nua stáit a bhunú chun tabhairt faoin obair, a d’fhéadfaí a mhaoiniú le deontas rialtais agus/nó iasachtaí agus/nó táillí custaiméirí?

Níl freagraí simplí ar na ceisteanna seo, ach ní hionann sin agus a rá gur féidir leathnú mall an chórais ó 2000 ar aghaidh a chosaint.

An t-ábhar dóchais? Ní raibh an stát ach trí bliana d’aois i 1925 nuair a chinn an rialtas go dtógfaí stáisiún cumhachta hidrileictreach in Ard na Croise. D’oibrigh 5,000 oibrí ar thógáil an stáisiúin nua agus ar thochailt canálach, a bhí 12 chiliméadar ar fhad, ón tSionainn. B’ionann an caiteachas £5.2 milliún ar an togra iomlán agus 20 faoin gcéad de chaiteachas iomlán an stáit nua i 1925.

Ní raibh aon stáisiún hidrileictreach níos mó ar domhan nuair a thosaigh giniúint leictreachais in Ard na Croise i 1929. Tháinig feabhas agus forbairt mhór dá bharr ar gach gné de shaol na tíre, faoin tuath agus sna bailte móra, de réir mar a tógadh gréasán cumhachta ar fud na tíre.

An ceacht? Bhí cur chuige, caiteachas agus forbairt ar scála mór ar chumas an stáit seo nuair a bhí an tír beo bocht sna 1920idí. Ba chóir go mbeadh sé ar ár gcumas anois feabhas mór riachtanach eile a dhéanamh, gan mhoill.

Fág freagra ar 'Ceacht le foghlaim ó Ard na Croise faoi chúrsaí leathanbhanda'

  • Seán Mac Gearailt

    Ní mór a thuiscint go raibh polaiteoirí na linne sin (1920í) meáite ar leas na tire agus leas an phobail a dhéanamh. An amhlaidh do pholaiteoirí an lae inniu ???

  • Páid Ó Donnchú

    Ní dóigh liom é a Sheáin. Agus ní feidir an Stát ag dul in iomaíocht le comhlactaí príobháideacha de réir rialacha an tAE.
    Ach breathnaigí suas ar na cuaillí ag na boscaí dubha cearnógacha i Lios Ceannúir, Maigh Cuilinn, Indreabhán agus go leor áiteacha eile amuigh fén dtuath. Tá na cait ciúin ag ól bainne agus is gearr go mbeidh na ceantracha lasmuigh do na bailte móra chun cinn.

  • Art

    A Chathail, (go háirithe i mí Lúnasa) agus (Eir faoi láthair) ní gá lúibíní,
    as éistoir Shaol ó dheas