The Watchmaker – mórléiriú neamhspleách taitneamhach agus ceacht do dhrámaíocht na Gaeilge

Bhí ár léirmheastóir in amhras faoi fhreastal ar The Watchmaker, seó rince a bhí ar ardán an Olympia le déanaí, ach ní raibh lá aiféala air go ndeachaigh sé ann

The Watchmaker – mórléiriú neamhspleách taitneamhach agus ceacht do dhrámaíocht na Gaeilge

Bhíos le freastal ar The Watchmaker, léiriú neamhspleách ballet agus damhsa nua-aimseartha san Olympia. Ach ní raibh cuma mhaith ar chúrsaí. Ní raibh aon dé ar mo thicéad i scliúchas bhoth na dticéad agus bhí slua callánach ag bailiú lasmuigh. Nuair a d’éirigh liom teacht ar mo shuíochán faoi dheireadh thugas beart mór Nasha Gazeta (nuachtán phobal na Rúise in Éirinn) faoi deara agus teangacha Slavacha ar fad a bhí le cloisteáil i mo thimpeall. An raibh mé imithe ar strae ar fad? Ó, agus níl mórán de chur amach agam ar an damhsa.

Ar dtús, casann muid le hUaireadóir galphunc an phóstaeir a thugann dúinn ‘réamhrá’ beag faoin scéal agus é ag bogadh i stíl mheicniúil an róbait. Is cosúil gurbh é stíl damhsa seo Ernest Putelis a spreag Veronika Sardiko chun tabhairt faoi The Watchmaker, agus ní haon iontas mar sin, go mbaineann cuid de na píosaí is láidre sa seó ar fad leis an stíl sin. Bhí mé ar mo shuaimhneas ansin.

Tá an scéal féin simplí go maith. Tugann an tUaireadóirí aire do chlog na cathrach agus é ag féachaint anuas ar a bhfuil faoi. Isteach linn sa chathair agus damhsóirí siar is aniar. I dtosach feictear lucht ballet, gnáthshaoránaigh na cathrach. Ansin nuair a thiteann doircheacht na hoíche tagann sprideanna gránna amach ón dorchadas. Gadaithe iad agus suim ach i rud níos tábhachtaí go mór ná airgead: an t-am féin. Tá sé ina chíor thuathail ó thaobh stíleanna éagsúla damhsa – clasaiceach, nua-aimseartha, hip hop agus brisdamhsa. Is féidir an seó a thuiscint mar phlé ar chúrsaí ama agus brú an tsaoil gan tochailt ródhomhain a dhéanamh ann.

Sardiko a scríobh agus a chóirigh é lena páirtnéir,  Putelis (an ‘Watchmaker’ féin), agus i gcomhar le MyArt Dublin. Grúpa damhsa clasaiceach agus rince sráide é seo. I bhfírinne is ar ardán na gnáth-amharclainne a fheicim an damhsa de ghnáth agus mar gheall air sin ghlac sé roinnt ama orm teacht isteach air. Nuair a bhíonn an scéal á chur i láthair tríd an damhsa féin, is iomaí léamh is féidir a dhéanamh ar an ngluaiseacht le hais línte soiléire an dráma.

Maidir le damhsóirí na doircheachta is stíl nua-aimseartha a chleachtann siad, iad ag lúbadh siar is aniar, ag cur isteach ar ballet na cathrach. Tá an choimhlint agus an chodarsnacht idir an dá stíl seo lárnach sa seó. Feictear ealaí an ballet ag gluaiseacht go maorga i gcuair agus i gciorcail ach is gluaiseachtaí stadacha righne a fheictear ó na brisdamhsóirí agus ‘an t-am’ á ghoid acu.

Titeann cúrsaí as a chéile agus an clog imithe. Tagann athrú ar an saol agus go leor fadhbanna ann nach mbíonn saol an duine á stiúradh a thuilleadh ag rialtacht an chloig. Cuirtear troid inár láthair i bhfoirm damhsa. Ansin tugann damhsóirí na scáthanna faoi Shiopa na gClog, chun an clog a scrios ar fad.

Ó thaobh an scéil, ní raibh mé féin i dtaithí ar rud chomh simplí leis –an choimhlint idir maith agus olc – ach bhraith mé gur éirigh leis mar scéal agus leis an damhsa mar mheán cumarsáide. Tá an léiriú féin gearr go maith ach chuaigh sé i bhfeidhm orm mar sin féin agus ba dheacair gan meangadh gáire a bheith ort nuair a dheisítear an clog (iontas na n-iontas, a deir tú). Níor tháinig tuar faoi thairngreacht na tubaiste mar sin agus bhain mé taitneamh as léiriú chomh héagsúil leis a fheiceáil ar ardán.

Tá cleasa beaga deasa ann leis. Cloigíní Ardeaglais Theampall Chríost a chloistear nuair a thosaíonn an clog ag feidhmiú arís, táim cinnte. Cuid den seit, amhail an clog féin, cuireann sé go mór leis an léiriú ach cuid eile de, seans gurbh fhearr stíl níos loime a chleachtadh.

Is léiriú mór neamhspleách é seo (tá 21 damhsóir ann!). Beirt atá taobh thiar de i bhfírinne agus d’éirigh leo mórléiriú a chur ar siúl san Olympia. Ceacht do dhrámaíocht na Gaeilge ansin, b’fhéidir. Mura bhfuil an Amharclann ‘Náisiúnta’ sásta muid a léiriú, déanaimis muid féin a léiriú.

Coinnigh súil ar https://myartdublin.com/ chun fáil amach faoi chamchuairt The Watchmaker

Fág freagra ar 'The Watchmaker – mórléiriú neamhspleách taitneamhach agus ceacht do dhrámaíocht na Gaeilge'