Cé na dúshláin atá roimh Phríomhfheidhmeannach nua S4C na Breataine Bige?

Státseirbhíseach ab ea Owen Evans, Príomhfheidhmeannach nua S4C ó 2010 agus is é atá ina Leasrúnaí Buan ar Rialtas na Breataine Bige

Cé na dúshláin atá roimh Phríomhfheidhmeannach nua S4C na Breataine Bige?

Ceapadh an tUasal Owen Evans ina Phríomhfheidhmeannach nua ar S4C na Breataine Bige an tseachtain seo caite. Tiocfaidh sé i gcomharbacht ar Ian Jones, an té atá ina Phríomhfheidhmeannach le cúig bliana anuas. Is státseirbhíseach é Owen Evans ó 2010 anall, agus is é atá ina Leasrúnaí Buan ar Rialtas na Breataine Bige. Idir 2008 agus 2010, bhí sé ina stiúrthóir ar an eagras ‘Busnes yn y Gymuned’ (Cúrsaí Gnó sa Phobal). Roimhe sin arís, is le British Telecom (BT) a bhí an tUasal Evans ag obair, agus bhí lámh aige sa straitéis banda leathan a chur BT i bhfeidhm sa tír.

Cé na dúshláin atá roimh an bPhríomhfheidhmeannach nua agus roimh stáisiún S4C sna blianta atá romhainn? Agus cabhair againn ón Ollamh Elin H.G. Jones, Ollscoil Aberystwyth, bhreathnaigh Tuairisc.ie ar an scéal.

Fógraíodh sa Mhárta go ndéanfaidh rialtas na Breataine Móire infheistíocht £74.5 milliún in aghaidh na bliana ann go dtí 2022. Ó 2010, is le hairgead ó na ceadúnais teilifíse a dhéantar maoiniú ar S4C. Is dea-scéal más ea a bhí sa bhfógra maoinithe le deireanas, ach, seachas £7 milliún as póca an rialtais, níl san airgead ach rud go bhfaigheann an pobal a luach ar ais ó chostas an cheadúnais.

Scéal eile atá go mór i gceist faoi láthair agus Owen Evans ag dul i mbun a chúram feidhmeannais is ea an plean athlonnaithe atá ag S4C. Is sa bpríomhchathair Caerdydd (Cardiff) atá an stáisiún lonnaithe ó thús ama. De réir an phlean athlonnaithe, aistreofar oifigí S4C aniar go Caerfyrddin (Carmarthen). Is ceantar láidir Breatnaise a bhí i gCaerfyrddin riamh, ach tá an teanga á creimeadh ann, agus níl amhras ar bith ach go neartófar an pobal dúchais Breatnaise ann de bharr aistriú an stáisiúin.

Ní móide go bhfuil stáisiún teilifíse ar domhan nach dúshlán dóibh an lucht féachana a mhealladh agus a mhéadú. Is amhlaidh do S4C. Tar éis ré órga na n-ochtóidí agus na nóchaidí, tháinig meath ar an lucht féachana i dtús na mílaoise. Cuireadh srian leis an meath sin faoi 2009 nó mar sin. I láthair na huaire, is idir 20 agus 70 míle duine an líon is mó a bhíonn ag féachaint ar chláracha de chuid an stáisiúin. Is iad na cluichí móra rugbaí is mó a bhfuil mealladh na ndaoine iontu. Bíonn suas le 50,000 duine ag breathnú ar an sobaldráma Pobol y Cwm. An tseachtain dar críoch an 12 Márta, bhreathnaigh 35,000 duine ar an gclár nuachta Heno, an oíche ab fhearr breathnú air. Tá lucht féachana dílis ar an gclár feirmeoireachta seanbhunaithe Ffermio, clár a mbíonn os cionn 30,000 duine ag breathnú air. Bíonn os cionn 20,000 duine ag féachaint ar na cláracha do pháistí is mó a bhfuil tóir orthu.

Maidir leis an nuacht a bhíonn á craobhscaoileadh ar S4C, tá sé le rá gurb é an BBC a chuireann an t-ábhar ar fáil lena haghaidh. Sin cuid den socrú atá ag an stáisiún leis an bhfondúireacht. Fágann sin, dar leis an Ollamh Elin Jones, go bhfuil ceist ann maidir le cúrsaí neamhspleáchais nó easpa neamhspleáchais. Bíonn an t-údarás Ovcom ag déanamh monatóireachta ar an gceist seo, a deir sí.

Idir an dá linn, tháinig dea-scéal ó Mheiriceá go S4C seachtain ó shin. Bronnadh dhá ghradam ar léiriúcháin de chuid S4C ag Féile Idirnáisiúnta na Teilifíse agus na Scannán i Nua-Eabhrac. Is ar an scannán Yr Ymadawiad (Imeacht) agus ar chlár faisnéise faoin ngrianghrafadóir cogaidh Philip Jones Griffiths  a bronnadh an dá ghradam. Tharla anuraidh gur bronnadh gradam mór idirnáisiúnta i Nua-Eabhrac ar Y Gwyll/Hinterland, comhléiriúchán idir S4C agus teilifís na Sualainne a bhfuil ainm in airde air i dtíortha go leor.