Cé mise le bheith ag súil go bhfanfadh aos óg na Gaeltachta sa bhaile?

An ndéanann a mbaile dúchais leas an aosa óig? Sin í an cheist atá ag ár gcolúnaí

Image lesaving home

Bhí alt cumhachtach ag Máirtín Ó Catháin ar na leathanaigh seo Dé Máirt. An teachtaireacht lárnach a bhain mé as: murach ceantair tuaithe a bheith chomh hiargúlta sin, d’fhanfadh an t-aos óg sa bhaile.

B’fhéidir go bhfanfadh. Agus b’fhéidir go ndéanfadh an t-aos óg leas a mbaile dúchais. Ach an ndéanfadh a mbaile dúchais leas an aosa óig? Sin í an cheist.

Mheabhraigh alt suimiúil Uí Chatháin alt spreagúil eile dom a léigh mé ar na mallaibh, achainí ina molann an smaointeoir agus an fear gnó as Meiriceá, Isaac Morehouse, do dhaoine óga a mbaile dúchais a fhágáil.

“In áit éigin eile, duine suimiúil ón taobh amuigh a bheas ionat a mbeidh smaointe mealltacha aige agus paisean don saol. Sa bhaile, ní bheidh ionat go brách ach Jimmy Bhiddy Mhichíl Mhóir,” a scríobhann Morehouse. Ceart go leor, níorbh é sin go baileach a scríobh sé. ‘You’ll always be Jimmy, Bev and Stan’s kid’ a bhí ag Morehouse. Ach tuigeann tú céard atá i gceist.

“I gcathair nua, déanfar thú a mheas ar a gcuireann tú i gcrích. I do bhaile dúchais, bíonn grá agus meas ort cuma céard a dhéanann tú – ach ní bhreathnófar ort go brách mar neach neamhspleách,” a scríobhann Morehouse. Is leor abairt nó dhó as Cré na Cille a léamh chun fírinne na bhfocal seo a mhothú go géar: i do bhaile dúchais, ní bhíonn éalú ó stair do mhuintire agus a seacht sinsear.

‘Fágaigí’ an chomhairle a chuireann Morehouse ar dhaoine óga. “Gabh agus faigh amach cé thú féin i ndáiríre, in ionad an duine sin a shíl tú a bhí ionat nuair a bhí teorainn le do chuid samhlaíochta, […] teorainn do dhúchais.”

Chuaigh alt Mháirtín Uí Chatháin – an cur síos ón gcroí a bhí aige ar ‘gang Londan’ ag filleadh abhaile go hIarthar Chonamara don Nollaig go háirithe – i bhfeidhm orm go mór. Go deimhin, samhlaím go ndeachaigh a chuid focal i bhfeidhm ar go leor léitheoirí de chuid Tuairisc.ie.

Ceann de na tréithe is lárnaí in aigne choiteann phobal na Gaeilge ná gur cás linn – go háirithe linne nach bhfuil cónaí orainn ann – dornán bailte beaga ar imeall an domhain: an Ghaeltacht. Focail draíochta iad logainmneacha ar nós Muicíneach idir dhá sháile, Baile an Fheirtéaraigh agus Loch an Iúir (nó, i mo chás féin, Gleann Cholm Cille), a mhúsclaíonn maoithneas gan teorainn, cuimhní cinn ar choláistí samhraidh agus aislingí faoi shaol idéalach, Gaelach. Tobair an dúchais as a ndéanfaí an tír ar fad… tuigeann tú leat mé.

Ach fágann an tábhacht ar leith a bhaineann leis an nGaeltacht in aigne choiteann phobal na Gaeilge go mbíonn ualach ar leith ar ghuaillí aos óg bhailte ar nós Muicíneach idir dhá sháile, Baile an Fheirtéaraigh agus Loch an Iúir. Ní hamháin gur mhaith lena muintir féin go bhfanfaidís sa bhaile, ba mhaith linne – pobal na Gaeilge – ar fad go bhfanfaidís ann agus go gcoinneoidís a gceantar dúchais beo (le gur féidir linne nach bhfuil cónaí orainn ann dul ar saoire ann agus uisce naofa thobar an dúchais a bhlaiseadh.)

Bhí tráth ann go raibh mé féin den tuairim sin: gur cheart oiread scéimeanna fostaíochta agus forbartha pobail a chur i gcrích sa Ghaeltacht nach gcuimhneodh duine ar bith ar fhágáil. Ach tuairim shantach agus thar a bheith mí-ionraic a bhí ansin. Nach raibh mé féin tar éis mo bhaile dúchais a fhágáil? Nach raibh mé féin tar éis saol a thógáil dom féin nach dtógfainn go brách i mo bhaile dúchais? Cé mise, mar sin, le bheith ag súil go bhfanfadh aos óg na Gaeltachta sa bhaile, go gcuirfidís leas a mbaile dúchais roimh a leas agus a mianta féin?

Tar éis a bhfuil feicthe agam den saol sa dá scór bliain atá caite agam ar an bpláinéad seo, ní féidir liom ach aontú le dearcadh Isaac Morehouse: an té a dteastaíonn uaidh aithne cheart a chur air féin agus ar a chumas féin, níl rogha aige ach a bhaile dúchais a fhágáil.

Mar sin, más duine thú a bhaineann le ‘gang Londan’ (nó, go deimhin, gang Ghlaschú, gang Springfield, gang Boston, gang Perth na hAstráile nó gang Bhruiséil na Beilge), má bhíonn tú sa bhaile um Nollaig agus má tharlaíonn tú ar an gcolún seo, nó go deimhin más bean nó fear óg thú nár fhág an baile riamh agus atá ag streachailt leis an gceist seo atá chomh sean leis na cnoic, cogar i do chluas uaimse: ná bíodh leisce ort léim (ar ais) ar bhus, ar thraein, ar bhád nó ar eitleán a bhéarfaidh i bhfad ó do bhaile dúchais thú.

Agus thar aon rud eile, ná bíodh braistint chiontachta ort. Is é an domhan mór do bhaile, agus bíonn siúlach scéalach.

Beannachtaí na Nollag ón mBrasaíl.

Fág freagra ar 'Cé mise le bheith ag súil go bhfanfadh aos óg na Gaeltachta sa bhaile?'

  • Seosamh Ó Cuaig

    Is breá an scríbhneoir é Alex. Tá máistreacht aige ar an nGaeilge freisin. Is mór idir é agus bobaidí na tíre seo nach bhfuil in ann dhá fhocal Gaeilge a fhoghlaim.

  • dudley mckeown

    Tá muintir Mhucineachidirdhásháile ann mar go bhfuil muid ag iarraidh bheith ann . Nil ualach ar bith ar ár nguaillí .