Cé hiad oidhrí Thelma & Louise?

25 bliain i ndiaidh ‘Thelma & Louise’ táthar ag cásamh athuair an easpa dul chun cinn atá déanta ag mná sa tionscal scannáin, ach cé hiad carachtair baineann is suaithinsí ó 1991?

Thelma & Louise

Tá cúig bliana is fiche gafa tharainn ó chuir Thelma & Louise an lucht féachana ag maíomh go raibh cloch mhíle scannánaíochta sroichte óir gur bheirt cheann feadhna bhaineanna a bhí sa scannán mór-ráchairte sin. Tá an chríoch úd, don chairt ar foluain os cionn faille, mar chuid den chultúr coiteann agus bhíothas ag tnúth ag an am go raibh na seanmhúnlaí briste. Ar an drochuair ar na saolta seo táthar ag cásamh athuair an easpa dul chun cinn atá déanta ag mná sa tionscal; an easpa carachtar le téagair; an easpa cothromaíochta ó thaobh pá; agus an róbhéim ar áilleacht agus gnéas. É sin ar fad agus an cáineadh nimhneach a rinneadh ar chliar Ghostbusters. Is léir nach bhfuil an tuar tagtha faoi thairngreacht Thelma agus Louise. Ina dhiaidh sin féin tá carachtair bhan den scoth curtha os ár gcomhair ag lucht Hollywood le cúig bliana is fiche anuas mar aon le táirgí eile ina raibh mná ar fad sna príomhrólanna. Seo liosta de na carachtair is suaithinsí, ón scáileán beag agus mór, ó 1991 i leith, carachtair atá greanta i scioból samhlaíochta an lucht féachana.

Sarah Connor (na scannáin Terminator):

An bhliain chéanna le Thelma & Louise bhain Terminator 2: Judgement Day creathadh as an lucht féachana. Le maisiúcháin cheannródaíocha, Arnie mar laoch seachas mar bhithiúnach agus deismireachtaí grinn á gcaitheamh ar dalladh, bhí James Cameron tar éis tógáil go cumasach, cliste ar an táirge bunaidh. Tugadh an-suntas chomh maith don chlaochlú a bhí tagtha ar an gceann feadhna baineann a bhí á léiriú go cumasach ag Linda Hamilton. Cruas agus diongbháilteacht in áit na saontachta agus na leochaileachta. Carachtar téagartha nach rabhthas ag súil leis i saothar aicsin. B’ábhar díomá é nuair a cuireadh de dhroim seoil í ina dhiaidh sin agus bhí coiscéim bhacaí sa tsraith dá huireasa. Go deimhin bunaíodh sraith teilifíse, Terminator: The Sarah Connor Chronicles chun an tóir a bhí uirthi a shásamh agus ba í a bhí i lár an aonaigh sa ghála is déanaí den tsraith.

Ripley (na scannáin Aliens):

An bhliain dár gcionn seoladh an tríú gála de Aliens. Ba i 1979 a tháinig an chéad ghála, le Ridley Scott, os comhair an phobail agus chuir James Cameron dlús faoin aicsean sa dara gála seacht mbliana ina dhiaidh sin, díreach mar a dhein le Terminator. I ngach gála acu ba í Elle Ripley le Sigourney Weaver a bhí i lár an aonaigh. Ar shlí d’fhéadfaí a mhaíomh gurbh ise an múnla do Sarah Connor. Carachtar misniúil, beagfhoclach a raibh cruas agus cineáltas inti. Tháinig sí in inmhe sa dara gála agus bunaíodh laoch nach bhféadfadh an tsraith déanamh dá huireasa. Fuair sí ainmniúchán Oscar dá taispeántas sa dara gála, an chéad uair riamh ainmniúchán a bheith faighte ag aisteoir i dtáirge ficsean eolaíochta.

Carrie Bradshaw, Miranda Hobbes, Charlotte York, Samantha Jones  (Sex and the City):

Ba i 1998 a tháinig Sex and the City ó cheárta HBO agus faoin tráth gur tháinig sé chun críche sé bliana ina dhiaidh sin, tar éis beagnach céad clár, bhí lucht leanta dílis (mná den chuid is mó, ach níorbh ea ar fad) gnóthaithe ag an tsraith agus bhí an ceathrar ban sa Táin. Táirge ban go bhféadfadh fir agus mná taitneamh a bhaint as a bhí ann le carachtair ghreannmhara, réalaíocha, dhaonna.

Bhí trácht neamhbhalbh ar chaidrimh agus ar ghnéas agus greann tíriúil ann, agus níor fágadh na fir in áit na leathphingine ach an oiread. Chinntigh an lucht leanta antoisceach go raibh rath thar na bearta ar na scannáin a lean, fiú an dara ceann a chuaigh ar bóiléagar ar fad.

Carrie Mathison (Homeland):

Comhrac an bhradáin idir Carrie agus Saga ó The Bridge anseo. Beirt bhan chumasach atá gafa lena ngairmeacha is iad sa tóir ar bhithiúnaigh. Fadhbanna meabhairshláinte ag an mbeirt acu agus caidrimh chigilteacha acu leis daoine atá timpeall orthu. Chaitheas tús áite a thabhairt do Carrie bunaithe ar na taispeántais iontacha atá tugtha ag Claire Danes uaithi le cúig sraith anuas. Cuireann sí carachtar os á gcomhair a bhfuil daonnacht agus téagair ag baint léi. Ní haon iontas go bhfuil dhá dhuais Golden Globe tugtha léi aici.

Katniss Everdeen (The Hunger Games):

Oidhre Sarah Connor agus Elle Ripley gan aon agó. An cruas agus an leochaileacht fite fuaite ina chéile i gcarachtar beagfhoclach, caithiseach. Lucht leanta dílis cothaithe ag na leabhair agus éiríonn le Jennifer Lawrence í a chur ina steillbheatha os ár gcomhair. Baineadh súp, fiú as an triantán grá a raibh blas seanchaite air. Éiríonn leis an gcarachtar/aisteoir mothúcháin agus aicsean an scéil a léiriú go paiteanta.

Lisbeth Salander (an tsraith The Girl with the Dragon Tatoo):

Is ar an leagan Sualainnise atáim ag cuimhneamh agus ar an gcarachtar dúnéaltach a chuir Naomi Rapace os ár gcomhair. Carachtar a bhfuil a hóige ag luí go trom ar a croí agus í ina duine cigilteach, cliste, cneasta agus contúirteach lena chois sin. Ní raibh a leathbhádóir fireann ach ag sodar ina diaidh. Cé nach raibh an dara agus an tríú gála chomh taitneamhach leis an gcéad cheann d’éirigh le Lisbeth ár n-aird a mhealladh i gcónaí. Ní raibh an chéad ghála Béarla gan a mhaitheasaí le Rooney Mara sa phríomhról. Tá caint ar an dara agus an tríú gála a dhéanamh go luath.

Orange is the New Black (an chliar ar fad):

Cloch mhíle don scáileán beag sa tslí is gur mná iad gach duine den chliar ar fiú trácht orthu seachas beirt. Tosaíodh amach le Piper i lár an aonaigh agus an tsraith bunaithe ar chuimhní cinn Piper Kelman. I gcaitheamh na sraithe, áfach tá carachtair théagartha, stuifiúla cosúil le Red, Crazy Eyes, Taystee, Poussey agus Nicky tar éis guailleáil isteach. Mná de gach cine, cúlra agus claonadh gnéis anseo. D’fhéadfaí a mhaíomh gurb é an carachtar is geanúla agus is suimiúla acu ná bean dhubh, leispiach a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte aici. Seo é oidhre dlisteanach Thelma & Louise.

Carachtair eile gur fiú a lua: The Bride (Uma Thurman), Kill Bill (2001), Clarice Starling (Jodie Foster), The Silence of the Lambs (1991),  Marge Gunderson (Frances McDormand), Fargo (1996); Erin Brockovich (Julie Roberts) Erin Brockovich (2000); Amelie (Audrey Tautou) ón scannán den teideal céanna (2001); Hanna Geller (Saoirse Ronan) Hanna (2011); Birgitte Nyborg (Sidse Babett Knudsen), Borgen (2010-2013); Furiosa, (Charlize Theron) Mad Max: Furys Road (2015)

Fág freagra ar 'Cé hiad oidhrí Thelma & Louise?'