Cé hiad na foirne iomána ar éirigh leo craobh an chontae a chosaint i mbliana?

Agus deireadh ag teacht leis na craobhacha sinsir iomána tráthnóna, caitheann Tuairisc.ie súil siar orthusan a thug leo an dara craobh as a chéile agus cé leis nár éirigh sin

Cé hiad na foirne iomána ar éirigh leo craobh an chontae a chosaint i mbliana?

Chrissy McKaigue (Sleacht Néill), Pádraic Maher (Sáirséalaigh Dhurlais) agus beirt Chuala, Seán Moran agus John Sheanon. Pictiúir: INPHO

Tráthnóna, imreofar an cluiche ceannais sinsir contae deireanach san iomáint i mbliana nuair a thabharfaidh an Gort agus cumann Liam Uí Mhaoilíosa aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais iomána na Gaillimhe.

Tar éis dóibh cluiche ceannais na bliana seo caite a chailleadh, beidh an Gort ag súil nach ligfidh siad an deis seo le sruth ach is cinnte go mbeidh a gcéilí comhraic chomh tiomanta céanna agus fir na cathrach ag iarraidh Chraobh Shinsir na Gaillimhe a thabhairt leo den chéad uair ó 1970.

Baineadh stangadh as lucht iomána na Gaillimhe nuair a buaileadh curaidh na bliana seo caite, Naomh Tomás, sa réamhbhabhta ceathrú ceannais ach fágann sin go mbeidh buaiteoir difriúil againn sa chraobh in 2017.

Tríd agus tríd, is é an scéal céanna é ar fud na tíre. Bíonn buaiteoirí contae as seacht gcraobh déag páirteach i gcomórtais shinsir iomána na gcúigí agus i mbliana níor éirigh ach le sé fhoireann as na seacht gcinn déag sin an chraobh a bhuaigh siad anuraidh a chosaint.

Ar ndóigh, níor sáraíodh seaimpíní na hÉireann go fóill. Thug Cuala leo Corn Uí Mhórdha i bPáirc an Chrócaigh sa Mhárta seo caite agus beidh sé deacair iad a stopadh arís. Bhuadar Craobh Bhaile Átha Cliath mí Dheireadh Fómhair agus imreoidh siad i gcluiche ceannais Laighean tráthnóna agus iad ag iarraidh an chraobh sin a thabhairt leo den dara bliain as a chéile chomh maith.

Is iad Baile Uí Aodha an Chláir a chaill in aghaidh Chuala i gcluiche ceannais na hÉireann níos luaithe i mbliana, ach, cé gur bhuaigh foireann Tony Kelly Craobh na Mumhan an séasúr seo caite, níor éirigh leath chomh maith leo an uair seo. Níor bhain siad ach an babhta ceathrú ceannais amach sa Chlár.

Ba mheasa fós a chruthaigh curaidh 2016 Chorcaí, Raonaithe an Ghleanna, nuair a ghéill siad i mbabhta 4 na craoibhe.

Ní buaiteoirí nua a bhí againn i ngach craobh i gcúige Mumhan. I dTiobraid Árann agus i bPort Láirge, níor éirigh le haon dream deireadh a chur le tréimhse ceannasaíochta Shairséalaigh Dhurlais ná Bhaile Gunnair mar bhuaigh an dá chumann sin a gcluichí ceathrú craoibhe an athuair.

D’éirigh le Sleacht Néill Dhoire an gaisce sin a shárú nuair a bhuaigh siad craobh an chontae den chúigiú huair as a chéile. Ní hamháin sin, ach thug an cumann leo craobhacha sinsir peile, iomána agus camógaíochta an chúige chomh maith, mar a rinne siad anuraidh.

Is iad seaimpíní an Dúin, Baile Ghalgail, agus seaimpíní Fhear Manach, Lios Béal Átha, an t-aon dá chumann eile ar éirigh leo an chraobh a thabhairt leo arís in 2017.

Fág freagra ar 'Cé hiad na foirne iomána ar éirigh leo craobh an chontae a chosaint i mbliana?'