Cé hiad na fir atá san iomaíocht do phost iománaíochta na Gaillimhe?

Breathnaíonn Tuairisc.ie ar chuid de na hainmneacha ata luaite le post na Gaillimhe tar éis do Anthony Cunningham éirí as níos luaithe sa tseachtain

Iarroghnóir na Gaillimhe, Mattie Kenny. INPHO/Ryan Byrne
Iarroghnóir na Gaillimhe, Mattie Kenny. INPHO/Ryan Byrne

Mattie Kenny – 7/4

Is fear é Kenny a mbeidh aithne mhaith ag cuid de na himreoirí air tar éis dó dhá bhliain a chaitheamh mar roghnóir ag Anthony Cunningham ar fhoireann na Gaillimhe nuair a shroich siad cluiche ceannais na hÉireann i 2012. D’éirigh sé as an bpost ag deireadh 2013 agus tá sé anois ina bhainisteoir ar fhoireann Chuala i mBaile Átha Cliath. Imreoidh siad i gcluiche ceannais Chúige Laighean an tseachtain seo chugainn tar éis dóibh craobh an chontae a bhuachan i mbliana.

Ní hé seo an chéad uair Kenny a bheith luaite le post na Gaillimhe agus chuir sé a ainm chun tosaigh anuraidh. Rud amháin a bheadh ag dul ina choinne ná go raibh sé páirteach cheana féin ar  fhoireann bhainistíochta ar theip orthu Craobh na hÉireann a bhuachan leis na himreoirí céanna.

Michael Donoghue, a bhuaigh Craobh an hÉireann le Droichead an Chláirín i 2011. INPHO/Cathal Noonan
Michael Donoghue, a bhuaigh Craobh an hÉireann le Droichead an Chláirín i 2011. INPHO/Cathal Noonan

Michael Donoghue – 7/4

Fearacht Kenny, bhí Michael Donoghue ar fhoireann bhainistíochta Faoi-21 na Gaillimhe i 2005 nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann. Bheadh aithne níos fearr air mar an té a bhuaigh Craobh Club na hÉireann faoi dhó le Droichead an Chláirín, mar imreoir i 2001 agus arís mar bhainisteoir i 2011 nuair a bhuaigh siad ar Ghaeil Uí Lochlainn.

Tar éis dó seal a chaitheamh mar bhainisteoir an Turlaigh Mhór i nGaillimh, tá Donoghue mar chuid d’fhoireann bhainistíochta Eamon O’Shea le Tiobraid Árann le cúpla bliain anuas, taithí a a sheasfadh leis agus post na Gaillimhe le líonadh.

Iarbhainisteoir Bhaile Átha Cliath, Anthony Cunningham. INPHO/James Crombie
Iarbhainisteoir Bhaile Átha Cliath, Anthony Cunningham. INPHO/James Crombie

Anthony Daly – 10/3

Níor éirigh le Ger Loughnane mórán dul chun cinn a dhéanamh mar bhainisteoir ar Ghaillimh ach b’fhéidir go mbeadh níos mó ratha ar an bhfear a bhí mar chaptaen aige nuair a bhuaigh an Clár Craobh na hÉireann i 1995 agus 1997. Rinne sé an-obair le foireann Bhaile Átha Cliath agus é ina bhainisteoir acusan freisin.

Daly i gceannas ar chóras iománaíochta faoi aois Luimnigh faoi láthair ach seans gur leor an gradam a bhaineann le post na Gaillimhe chun é a mhealladh ar ais chuig grád na sinsear. An t-aon amhras a bheadh ann faoi ná nár éirigh le Baile Átha Cliath faoina cheannas an chéad chéim eile a thabhairt agus Corn Mhic Cárthaigh a bhuachan.

Jeffrey Lynskey ag ceiliúradh tar éis d'fhoireann mionúr na Gaillimhe Craobh na hÉireann a bhuachan i mbliana. INPHO/James Crombie
Jeffrey Lynskey ag ceiliúradh tar éis d’fhoireann mionúr na Gaillimhe Craobh na hÉireann a bhuachan i mbliana. INPHO/James Crombie

Jeffrey Lynskey – 7/2

raibh jab éasca a bhí ag Jeffrey Lynskey sa chéad bhliain aige mar bhainisteoir ar mhionúir na Gaillimhe agus é mar chomharba Mattie Murphy, fear a raibh sé cinn de Chraobhacha Mionúr na hÉireann buaite aige leis an gcontae. Ní raibh muintir an chontae ag súil le mórán ón bhfoireann i mbliana ach, bliain agus fiche tar éis dó an corn a bhuachan mar imreoir, stiúir Lynskey foireann 2015 chuig Craobh na hÉireann arís.

Mar sin féin, b’fhéidir go bhfuil sé róluath do Lynskey post na sinsear a thógáil agus b’fhearr an rud b’fhéidir dá bhfanfadh sé le foirne faoi aois an chontae go fóill.

Johnny Kelly i gceannas ar fhoireann Faoi-21 na Gaillimhe i 2014. INPHO/Cathal Noonan
Johnny Kelly i gceannas ar fhoireann Faoi-21 na Gaillimhe i 2014. INPHO/Cathal Noonan

Johnny Kelly – 8/1

Fear eile a chuir isteach ar an bpost céanna anuraidh, sular tugadh téarma eile do Cunningham, bhí Kelly ina bhainisteoir ar Phort Omna nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann i 2009. I mbliana, bhuaigh sé Craobh Uíbh Fhailí agus é i gceannas ar Chúldoire.

Chaith Kelly trí bliana mar bhainisteoir Faoi-21 na Gaillimhe ach d’éirigh sé as i mbliana gan oiread is cluiche buaite ag na Gaillimhigh sa chomórtas. Bhí níos mó ratha ar fhoireann idirmheánach an chontae, iad ag buachan Craobh na hÉireann i mbliana.

Eamon O'Shea agus Anthony Cunningham ina dhiaidh chluiche leathcheannais na hÉireann i mbliana. INPHO/James Crombie
Eamon O’Shea agus Anthony Cunningham ina dhiaidh chluiche leathcheannais na hÉireann i mbliana. INPHO/James Crombie

Eamon O’Shea – 10/1

Agus é ag obair i nGaillimh agus cónaí air ann, ní haon iontas go bhfuil O’Shea luaite leis an bpost ach gan é ach díreach críochnaithe le Tiobraid Árann, ní dócha go mbeadh suim aige ann. Bhain O’Shea cáil amach mar roghnóir ar fhoireann Liam Sheedy a bhuaigh Craobh na hÉireann i 2010 agus cé nach raibh an oiread ratha air mar bhainisteoir, is fear é O’Shea a mbeadh tóir fós air.

Fág freagra ar 'Cé hiad na fir atá san iomaíocht do phost iománaíochta na Gaillimhe?'