Cé hiad na cuntais Ghaeilge is tábhachtaí ar Twitter? Tá an freagra sa léaráid seo…

Tá cuntas Tuairisc.ie i measc na gcuntas is lárnaí ár léaráid nua a thugann léargas ar an gceangal idir cuntais Ghaeilge ar Twitter

Cé hiad na cuntais Ghaeilge is tábhachtaí ar Twitter? Tá an freagra sa léaráid seo…

Tá leithéidí RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Tuairisc.ie i lár an aonaigh i measc cainteoirí Gaeilge ar Twitter, de réir anailís nua atá curtha amach i bhfoirm léaráide ag an ríomheolaí aitheanta Kevin Scannell.

Léiríonn an léaráid go bhfuil leithéidí RnaG, Tuairisc.ie, an clár Cormac ag a 5 ar na cuntais Ghaeilge “lárnaí” i saol na Gaeilge ar Twitter.

Léirítear a “lárnaí” is atá na cuntais trí mhéid an téacs ina dteideal agus a ghaire do lár na léaráide agus atá siad suite.

Is iad na cuntais is lárnaí agus is mó ó thaobh téacs is mó a mbíonn tarraingt ag pobal na Gaeilge ar Twitter orthu.

Tá uasdátú déanta ag an Ollamh Kevin Scannell ar a mhacasamhail de léaráid a rinne sé cúpla bliain ó shin inar léiríodh ar ‘chomhrá Gaeilge’ Twitter. Tá an léaráid nua á scaipeadh go mear i measc cainteoirí Gaeilge ar an ardán meán sóisialta.

Léirítear sa léaráid an ceangal atá ag cuntais ar Twitter a úsáideann an Ghaeilge go rialta lena chéile agus le haicmí éagsúla úsáideoirí Gaeilge ar an ardán.

Tá 421 cuntas san áireamh sa léaráid is déanaí.

Dá mhéid an téacs in ainm cuntais is ea is mó trácht a bhíonn ag daoine air ina gcomhráite ar Twitter.

Tá brí, freisin, leis an áit ar an léaráid a bhfuil ainm an chuntais le feiceáil, agus leis na dathanna ar an léaráid.

“Aimsíonn an ríomhaire ‘fophobail’ go huathoibríoch, bunaithe go hiomlán ar an nasc, nó na comhráite sa chás seo, idir daoine.  Go bunúsach, bíonn daoine san fhophobal céanna ag caint le chéile níos minice, go staitisticiúil, ná le daoine sna grúpaí eile,” a dúirt Scannell.

Spéisiúil go leor, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil gaol idir na trí phríomhghrúpa atá sa léaráid — comhráite ‘corca’, ‘glas’, agus ‘bándearg’ — agus réigiúin thíreolaíochta. Is iad muintir na Gaeltachta, go príomha, na cuntais atá sa chuid bhándearg den léaráid, muintir an Tuaiscirt den chuid is mó atá sa chuid chorcra di, agus muintir Bhaile Átha Cliath agus cuntais Ghaeilge thar lear atá le feiceáil sa chuid ghlas.

Dúirt Scannell le Tuairisc.ie go ndearna sé suntas de gur tháinig an patrún tíreolaíochta sin chun tosaigh d’ainneoin “nach bhfuil aon eolas faoin tíreolaíocht ag an ríomhaire”. 

Is léir, mar sin, go mbíonn daoine atá gar dá chéile san fhíorshaol ag caint le chéile go minic ar líne freisin, ach tá naisc le feiceáil chomh maith sa léaráid idir cainteoirí Gaeilge i California agus Conamara.

Tá roinnt difríochtaí idir léaráid 2015 agus léaráid 2017. Tá léarscáil na bliana seo níos mó ná leagan 2015, rud a léiríonn an méadú atá tagtha ar líon na gcuntas a bhíonn ag giolcaireacht i nGaeilge ar a laghad uair sa tseachtain. Tá athrú tagtha freisin ar an “tábhacht” a bhaineann le cuntais áirithe Gaeilge ar Twitter. Tá cuid de na cuntais gafa i méid ó 2015 agus cuid acu gafa i laghad. Tá freisin roinnt cuntas ar léaráid 2015 nach bhfuil le feiceáil ar léaráid na bliana seo.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo níos túisce an tseachtain seo go bhfuil a dhá oiread daoine ag úsáid na Gaeilge ar Twitter ná mar a bhí dhá bhliain ó shin.

Sa bhliain 2015, bhí tuairim is 770 cuntas ag giolcaireacht i nGaeilge ar Twitter, ach tá 1,500 cuntas anois ann a sheolann ar a laghad teachtaireacht amháin i nGaeilge uair sa tseachtain.

Tá ardú tagtha freisin ar líon na ngiolcacha Gaeilge a sheoltar sa tseachtain. Dhá bhliain ó shin, bhí tuairim is 6,000 giolc Gaeilge á seoladh gach seachtain ar Twitter. De réir na hanailíse is déanaí ag Kevin Scannell, cuirtear 8,500 giolc Gaeilge, ar an meán, amach gach seachtain.