‘Cé chomh minic is a chaithfimid seasamh anseo ar lá brónach?’

An féidir le Stormont aon cheo a dhéanamh chun déantúsaíocht a chosaint? Tá gníomh á éileamh orthu agus ní den chéad uair é…

‘Cé chomh minic is a chaithfimid seasamh anseo ar lá brónach?’

Pictiúr: Photocall Ireland

Liosta le háireamh iad. Michelin, JTI Gallaher’s, Bombardier… Agus anois Caterpillar. Is é an fathach déantúsaíochta Meiriceánach an fostóir is deireanaí a chinn go ligfí oibrithe chun siúil. An féidir le Stormont aon cheo a dhéanamh chun déantúsaíocht a chosaint? Tá gníomh á éileamh orthu agus ní hé an chéad uair é. Cibé beart a dhéanfar is léir go bhfuil gá le smaointeoireacht úr.

Tá na mílte post sa déantúsaíocht caillte i dTuaisceart Éireann le blianta beaga anuas agus imní ag méadú gur in olcas a ghabhfaidh cúrsaí. Déardaoin, d’fhógair Caterpillar go ndruidfí a ionad i mBaile na Manach i gContae Aontroma mar a scorfar suas le 250 post.

Déanfar an obair a bhíodh ar siúl san láthair sin i monarcha de chuid an chomhlachta i gceantar Chluana in iarthar Bhéal Feirste agus ina ionad i Latharna. Bhí 3,000 fostaithe ag Caterpillar abhus cúpla bliain ó shin ach nuair a chuirfear an plean seo i gcrích beidh líon na n-oibrithe tite go 1,500. Chaill os cionn 700 a bpostanna trí bliana ó shin nuair a d’aistrigh Caterpillar cuid den obair chun na Síne agus bhí cúpla dreas iomarcaíochta eile acu ó shin.

Bhí an t-aer beo le ráflaí ar feadh ceithre huaire fichead sular inis bainistíocht Caterpillar an drochscéal don fhoireann Déardaoin. Bhí na hoibrithe in iarthar Bhéal Feirste an-bhuartha gur ansin a tharlódh ciorruithe i gceann de na ceantair is measa atá buailte leis an dífhostaíocht i Tuaisceart Éireann. Dúirt oibrithe agus iad ag fágáil an ionaid i mBaile na Manach nach raibh aon choinne acusan leis an mbuille a fuair siad mar gur shíl siadsan freisin gur ar Bhéal Feirste a bheadh an mí-ádh.

Dúirt Caterpillar gurbh éigean dóibh atheagar a chur ar an gcomhlacht ar fud na cruinne mar go raibh titim thubaisteach ar an éileamh ar threalamh tógála agus ginte cumhachta. Tá a chuid díolacháin ag titim go seasta i ngeall ar an laghdú ar shirtheoireacht ola agus ar mhianadóireacht agus tá 14,000 oibrí ar fad ligthe chun siúil le bliain agus ráithe.

Gheall an bhainistíocht go raibh siad tiomanta don ghnó i dTuaisceart Éireann ach níl aon duine ag déanamh talamh slán de go bhfuil deireadh leis an gcúlú.

Dúirt an tAire Eacnamaíochta i Stormont, Simon Hamilton gurbh údar díomá é cinneadh Caterpillar. Bhí a fhios le fada go raibh fadhbanna ag an gcomhlacht agus bhí sé féin agus Invest NI i dteagmháil leis an mbainistíocht abhus agus i Meiriceá, a dúirt sé. Meabhraíodh dóibh na buntáistí a ghabhann le lonnú i dTuaisceart Éireann, arsa Hamilton. Gheall sé tacaíocht do na hoibrithe a bheidh as obair.

Ba bheag meas a bhí ag oibrithe ná a gceardchumann ar bhriathra comhbhácha  Tá sé in am gnímh, a dúradh arís agus arís eile.

“Cé chomh minic is a chaithfimid seasamh anseo ar lá brónach ag meabhrú do lucht Stormont go bhfuil gá le straitéis,” a d’fhiafraigh Davy Thompson ó cheardchumann Unite. Nuair a fógraíodh imeacht Michelin agus Gallaher’s, d’éiligh Thompson straitéis speisialta don déantúsaíocht le postanna ardchaighdeáin.

Treisíodh ar an iarratas níos luaithe i mbliana nuair a d’fhógair Bombardier a thuilleadh ciorruithe iomarcaíochta. Tá an t-éileamh ann anois arís, ach is cosúil go bhfuil an DUP agus Simon Hamilton diongbháilte de nach gá díriú ar dhéantúsaíocht per se. Is cuid é den phlean forbartha ginearálta atá ann, dar leis an Aire.

Dúirt Thompson gur náire shaolta é gur chuir páirtithe an Fheidhmeannais, an DUP agus Sinn Féin, bac cúpla mí ó shin ar mholadh an UUP do straitéis déantúsaíochta. Tá ionadaithe an UUP ag gealladh go gcuirfear a straitéis faoi bhráid an Tionóil gan mhoill. Níor mhiste díospóireacht chiallmhar a bheith ann chun an cheist ar fad a scrúdú.

Tá ceisteanna crua le cíoradh. An bhfuil na hathruithe ar an tionsclaíocht chomh bunúsach sin go bhfuil gá le cur chuige nua? An mbeadh sé fánach ag Tuaisceart Éireann a bheith ag iarraidh déantúsaíocht den seandéanamh a chothú? Mhaígh grúpa saineolaithe le déanaí gurbh fhéidir déantúsaíocht a mhéadú sna blianta seo romhainn ach go mbeadh laghdú ar líon na n-oibrithe – táirgiúlacht bhreise ach laghdú ar fhostaíocht. Má bhí an ceart ag na húdair, ní mór do Stormont, na ceardchumainn, an córas oideachais agus an pobal dul i ngleic leis sin.

Fág freagra ar '‘Cé chomh minic is a chaithfimid seasamh anseo ar lá brónach?’'

  • Aodhan: Waste management

    Caithfidh muid ar gcomhlactai fein a bhunu – gan a bheith i gconai bheith ag bheir airgead chuig na multinationals.