Cé chomh maith agus a bhí na hIodálaigh nó cé chomh dona is a bhí siad?

Ba cheart go mbeadh sárchluiche againn idir Éire agus Albain, comórtas lena chinntiú cé a bheas sa tríú háit ar an tábla ag a dheireadh

Pictiúr: ©INPHO/Dan Sheridan
Pictiúr: ©INPHO/Dan Sheridan

Ní minic a bhíonn lá chomh mór againn i gclár rugbaí an limistéir seo agus a bhíonn i mBabhta 5 den chomórtas Sé Náisiún atá linn arís an Satharn seo. An lá sin bíonn trí chluiche á n-imirt le cúl a chéile agus nuair a bíonn siad thart bíonn curaidh an chomórtais ar fáil.

Cuimhnigh, an t-am seo anuraidh bhí na Gaeil fós sa rás tar éis an ceann is fearr a fháil ar Albain i Murrayfield ach b’éigean dúinn fanacht ar thoradh thríú cluiche an lae agus ceann deiridh an chomórtais lena fháil amach cé acu na Sasanaigh nó na Francaigh a bhí chun cinn lena chinntiú cé aige a bhí an líon ba mhó pointí. Mar a tharla, theip ar na Sasanaigh dóthain pointí a fháil agus bhí an séasúr linn.    

Faraor, níl toradh chomórtas na bliana seo idir dhá cheann na meá.  Is cinnte gurb iad na Sasanaigh na curaidh d’ainneoin cluiche i gcoinne na bhFrancach fós le himirt i bPáras acu. Tá siad ar bharr an tábla faoi láthair agus ocht bpointe sa mála acu. Is iad na Breatnaigh atá sa dara háit ar chúig phointe ach níl aon phointí bónais ar fáil sa gcomórtas seo agus níl ach dhá phointe le fáil ag an bhfoireann bhuacach. Fágann sin nach féidir le haon fhoireann teacht cothrom féin leis na Sasanaigh.

Mar sin féin, tá sprioc mhór fós ag na Sasanaigh sa gcluiche deiridh i bPáras an Satharn seo. Má éiríonn leo na Francaigh a shárú ní hamháin gurb iad curaidh an chomórtais ach beidh an Gran Slam acu freisin. Anois, sin aiséirí agus toradh iontach ag foireann ar tugadh bata agus bóthar dóibh as  réamhbhabhtaí  an Choirn Dhomhanda cúpla mí ó shin.  Maidir leis na Francaigh, níl fágtha acu anois ach bród. Ní dóigh gurb leor sin sa gcás seo.

Tabharfaidh na Breatnaigh agus an Iodáil faoina chéile i gCaerdydd i gcéad chluiche an lae. Ní dóigh go mbeidh ach an t-aon toradh amháin ar an gcoimhlint, sin más féidir coimhlint a thabhairt air. Beidh an lá go cinnte leis na Breatnaigh cé gur seans maith go mbeidh siad fós buartha gur chaith siad an chuid is mó den chluiche i gcoinne na Sasanach ina gcodladh an Satharn seo caite. Ach tá an rás sin rite agus é thart anois agus níl ach an dara háit ar an tábla i ndán don Dragún anois.

Sa dara cluiche beidh cluiche iontach i mBaile Átha Cliath idir na cuairteoirí, Albain, foireann atá sa tríú háit ar an tábla ar cheithre phointe agus na Gaeil atá sa gcúigiú háit ar thrí phointe.

Níl sé éasca toradh an chluiche seo a thuar. Cinnte, bhí na Gaeil cumasach i gcoinne na hIodáile an Satharn seo caite. Ach cé chomh maith agus a bhí na hIodálaigh nó cé chomh dona is a bhí siad? Tá go leor den tuairim nach mbeidh Albain in ann drannadh leis na Gaeil má imríonn siad leis an láidreacht agus an neart céanna a bhí acu i gcoinne na hIodáile. Is fiú a mheabhrú freisin gur ag fir Joe Schmidt atá buntáiste an bhaile. Mar sin féin, bhí an bua ag Albain in dhá chluiche i gcomórtas na bliana seo, ceann i gcoinne na bhFrancach ar cheann acu sin.

Fágann sin gur cheart go mbeadh sárchluiche againn idir an dá fhoireann seo, comórtas lena chinntiú cé a bheas sa tríú háit ar an tábla ag a dheireadh.

Tá na geallghlacadóirí ag seasamh leis na Gaeil ag 4 in aghaidh 11 faoi láthair.  Ní minic a bhíonn an dream sin mícheart.

Fág freagra ar 'Cé chomh maith agus a bhí na hIodálaigh nó cé chomh dona is a bhí siad?'