Cé air atá an milleán mar gheall ar aimhréidh na Breatimeachta?

Agus an locht ar fad á chur ar Shasana peaca marfach é labhairt faoi Éirimeacht dar leis an rialtas agus na tráchtairí mór le rá

Cé air atá an milleán mar gheall ar aimhréidh na Breatimeachta?

Tá na comharthaí ann go mbeidh sé fíordheacair Breatimeacht Chrua a sheachaint, agus, dá bharr sin, a chinntiú nach mbeidh teorainn chrua ann ar oileán na hÉireann.

Tá Michel Barnier, atá i bhfeighil na hidirbheartaíochta thar ceann an Aontais, meáite ar phionós a ghearradh ar na Sasanaigh mar rabhadh d’aon stát a leanfadh an sampla sin.

Aontaítear ar gach taobh in Éirinn gurbh fhearr don tír seo go mbeadh an caidreamh is dlúithe agus is compordaí ab fhéidir ag an mBreatain leis an Aontas tar éis na Breatimeachta.

Ach níl an rialtas sásta aon choinníoll a leagan síos d’fhoireann idirbheartaíochta an Aontais. Tá muid ag diúltú aon réamhphlé a dhéanamh leis na Sasanaigh chun teacht ar chomhthuiscint faoin socrú. Tá muid sásta go ndéanfaidh Barnier is a chairde idirbheartaíocht ar ár son agus go bhfuil tuiscint acu faoi céard iad na cúiseanna imní atá againn.

Anois, tá an milleán á chur ar na Sasanaigh arís ag Charlie Flanagan, an tAire Gnóthaí Eachtracha, agus é den tuairim gur chóir do na Sasanaigh plean a fhoilsiú, fad is atá daoine eile ag clamhsán faoi easpa cinnteachta na Sasanach faoina gcuid spriocanna idirbheartaíochta.

Ach tá a fhios againn go léir go dteastaíonn beirt chun dul i mbun an tango.

Gan dabht, b’fhearr leis na Sasanaigh nach mbeadh aon bhac orthusan ar thrádáil leis an Aontas, ach tá Barnier ag tabhairt le fios go láidir nach mbeidh socrú den chineál sin ar fáil.

B’fhearr leis na Sasanaigh go mbeadh saorghluaiseacht taistil idir tíortha na hEorpa agus srian a choinneáil ar an inimirce ag an am céanna, ach arís ní Barnier sásta rud ar bith a ghéilleadh sa chás sin.

Má bhrúitear Breatimeacht Chrua ar na Sasanaigh – is tá gach comhartha anois go mbrúfar – b’fhearr leis na Sasanaigh (bunaithe ar a bhfuil ráite acu) go mbeadh socrú faoi leith ann i dtaobh oileán na hÉireann.

Beidh sé fíordheacair – is ní chun tairbhe éinne a bheadh sé – dá dtosófaí ag cur isteach ar dhaoine ag taisteal thar an teorainn.  Bheadh sé níos éasca córas a chur i bhfeidhm maidir le gluaiseacht earraí a riaradh, cé go mbronnfadh a leithéid deiseanna nua ar lucht smuigléireachta.

Réiteach amháin air seo ar ndóigh ná limistéar faoi leith a dhéanamh de na Sé Chontae, iad leath istigh agus leath amuigh ag an am céanna.

Ach níl cruthúnas dá laghad ann go gceadódh Barnier is an Coimisiún rud ar bith mar sin, is níl aon chomhartha ann ach an oiread go lorgódh rialtas na hÉireann a leithéid.

Is é an t-aon slí eile le teorainn chrua ar an oileán a sheachaint rialuithe teorann a chur i bhfeidhm ar thuaisceartaigh agus deisceartaigh a bheadh ag iarraidh dul chun na Breataine.

Rachadh na hAontachtóirí ar mire dá ndéanfaí a leithéid is bheadh an-drogall ar Theresa May, mar shampla, a leithéid a dhéanamh.  Bheadh brú láidir ó Éirinn riachtanach, brú ó rialtas a bheadh, ag an am céanna, ag iarraidh socrú réasúnta leis an mBreatain a bhrú ar ár ‘bpáirtnéirí’ Eorpacha.

Nuair a fhéachann tú mar sin ar an scéal, feiceann tú láithreach go bhfuil sé neamhréadúil a cheapadh go leanfadh Fine Gael is Fianna Fáil plean den chineál sin.

Tá sé léirithe ag Ray Bassett, iar-ambasadóir na hÉireann go dtí Ceanada, go mbeidh an Bhreatimeacht ina tubaiste dúinn mura bhféachann muid chuige go mbeidh na téarmaí cearta ann.

Molann seisean go gcaithfimid a bheith sásta dúshlán a thabhairt don Aontas: bagairt go n-imeoidh muidne as freisin cheal socrú a oireann dúinne. Agus cuimhnigh go bhfuil Bassett féin ag iarraidh go bhfanfaí san Aontas.

Ach dar leis an rialtas agus na tráchtairí mór le rá sna meáin, is peaca marfach é labhairt faoi Éirimeacht ar bith (is é sin go n-imeodh Éire as an Aontas).

B’fhearr leis na daoine atá i gceannas go leanfadh muid leis an suansiúl seo thar an aill.

Ar deireadh thiar, ar ndóigh, níl an rialtas nó an bhunaíocht buartha beag nó mór faoin Tuaisceart nó faoin teorainn.  Ní chuirfeadh sé as rómhór dóibh an Tuaisceart a thréigean – mar a thréig go deimhin i 1969.

Ach déanann an Deisceart níos mó trádála leis an mBreatain ná mar a dhéanann muid leis an Aontas. Bheadh muid thíos go mór leis da gcuirfí bearna nach bhfuil gá leis idir muid agus an Bhreatain.

Níl sé ródhéanach againn múscailt, áfach,  agus smaoineamh domhain géar a dhéanamh, agus dul isteach san idirbheartaíocht seo le plean a oireann dúinne.

 

Fág freagra ar 'Cé air atá an milleán mar gheall ar aimhréidh na Breatimeachta?'

  • P.

    Dá n-imeodh Éire ón Aontas Eorpach bheadh sí i dtuilleamaí na Breataine arís mar a bhí sula ndeachaigh sí isteach san Aontas. Ní bheadh inti ach oileán beag amach ó chósta na Breataine a bheadh ag brath ar an ‘mórthír’. Tugann an caidreamh idir Éirinn agus an AE neamhspleáchas don tír agus tugann sé an deis di seasamh ar a cosa féin. Tá tábhacht nach beag lenár gcaidreamh leis an mBreatain ar cheart é a chothú ach ní hin le rá go gcaithfimid a bheith síoraí seasta ag sodar ina diaidh. Is san Eoraip atá todhchaí na hÉireann.

    Dála an scéil, is ainmfhocal firinscneach é ‘Breatimeacht’. Caitear leis mar ainmfhocal baininscneach i mbeagnach gach alt a léim faoin ábhar i nGaeilge!

  • M

    Tá vóta ag baile ag Gearmánach AGUS ag pobal na Fraince ach céard faoi an t- Éireannach thar sáile ?????????
    Ní mian le Rialtas 26 condae Vóta a bheith ag pobal n h-Éireann ach ta pas Eorpach acu lastigh den Aontas Eorpach cén fáth an culú sin ?
    Nasc le Riocht Easaontaithe an ea a Thaoiseach agus a Uachtáran ?

  • Eoin Ó Murchú

    Ceartúchan amháin agam ar an bpíosa thuas. Déanann muid níos trádála taobh amuigh den limistéar Euro agus an chuid is tábhachtaí de sin le Sasana. Níl trádáil le Sasana ann féin níos mó ná trádáil leis na tíortha go léir sa limistéar Euro.
    Ach dá mbeadh Éirimeacht ann, ní bheadh muid “ag brath ar Shasana”. Bheadh muid in ann trádáil i gcónai leis an Eoraip faoi mar atá an Ioruaidh, le Sasana mar a bhí sula ndeachaigh muid isteach san AE agus leis an domhan mór mar atá inniu.
    Sé an difir ná go mbeadh muid i gceannas ar chinní a bhaineann linn: mar shampla, glacadh le déine nó é a dhiúltú. Faoi láthair is iad na Gearmáinigh agus na hEorpaigh a thógann na cinní seo.