Cé acu is tábhachtaí, féiniúlacht nó daonnacht?

Tá sé in am ag muintir na hEorpa ceist chrua a chur orthu féin, a deir ár gcolúnaí

IMG_6268

Tharla go raibh mé ar an traein an tseachtain seo, sáinnithe idir daoine a bhí i mullach a chéile chomh dlúth sin nach raibh éinne in ann bogadh. Ar na scáileáin teilifíse sa traein, bhí íomhánna le feiceáil de thraein eile ina raibh daoine sa mhullach ar a chéile chomh dlúth céanna.

I gcathair São Paulo, sa Bhrasaíl, a bhí an traein ina raibh mise.

San Ungáir a bhí an traein eile.

Samhlaíodh dom agus i mé i mo sheasamh sa charráiste traenach sin i gcathair São Paulo go raibh blaiseadh faighte agam de thodhchaí na hEorpa.

Agus rith sé liom freisin nach raibh a dhath mícheart lena bhfaca mé timpeall orm.

Cathair inimirceach í São Paulo. Sa naoú haois déag agus ag tús na fichiú haoise, mheall tionscal an chaife breis agus milliún Iodáileach, na céadta míle Portaingéileach, na céadta míle Spáinneach, na céadta míle Seapánach agus na céadta míle Gearmánach chun na cathrach. Lean na scórtha míle Arabach iad sna 1920í agus sna 1930í. Nuair a bhuail triomach leanúnach oirthuaisceart na Brasaíle sna 1960í, thug na milliúin bochtán ón taobh sin tíre aghaidh ar an gcathair. Inniu, is iad muintir na Bolaíve, Haiti agus Angóla atá meallta ag metropolis Mheiriceá Theas.

An toradh? Meascán mearaí de chiní nach bhfuil a leithéid ar fáil áit ar bith eile ar domhan. Ní meascán mearaí daoine atá i gceist agam, ach meascán mearaí géinte. An bhfaca tú Seapánach gorm riamh? Is ann dá leithéid – i gcathair São Paulo. Agus d’fhéadfadh sloinne Gearmánach a bheith aige lena chois.

Tá céad bliain ann ó bhain an inimirce go cathair São Paulo a buaic amach. Ciallaíonn sé sin go raibh am ag grá agus drúis féiniúlachtaí na bpobal inimirceacha éagsúla a dhíleá agus féiniúlacht nua a fhuineadh astu (táimid pacáilte i mullach a chéile chomh dlúth sin sa traein go ritheann sé liom gur ar éigean a theastódh gníomh an ghnéis féin chun ár gcuid géinte a mheascadh.)

Is ea, féiniúlacht aonchineálach í sin. Inniu, níl fágtha d’oidhreacht chultúrtha agus theanga na n-inimirceach éagsúla ach na miasanna ar an mbiachlár agus blas so-aitheanta mhuintir na cathrach (‘Portaingéilis á labhairt ag inimircigh’ a thugtar ar chanúint São Paulo.) Ach féiniúlacht ghalanta í an fhéiniúlacht nua, leis: ní aimseodh duine dream níos faiseanta, níos oscailte agus níos nuálaí sa Bhrasaíl ná muintir ‘Sampa’ (mar a thugann muintir na cathrach ar a gcathair féin le teann grá.)

Tá sé á mhaíomh ag leithéidí Phríomhaire na hUngáire, Viktor Orbán, agus ag go leor daoine ar thaobh na láimhe deise den speictream polaitiúil go bhféadfadh muintir na hEorpa a bheith ina mionlach ina mór-roinn féin amach anseo. Fiú dá dtarlódh a leithéid (agus tá amhras orm go dtarlódh), an drochrud a bheadh ann?

Má ghlacaimid leis go gcinnteoidh drúis agus grá (.i. ár ndaonnacht féin) gurb é an toradh a bheidh ar ollshruth inimirceach chun na hEorpa, in am trátha, ná sochaí a bheadh cosúil le sochaí chathair São Paulo, dá neamhfhoirfí í, ní fheictear dom gur drochrud a bheadh ann ar chor ar bith.

Tá sé in am do mhuintir na hEorpa ceist chrua a chur orthu féin. Cé acu is tábhachtaí, féiniúlacht nó daonnacht?

Bheadh sé deacair orm a chreidiúint go n-éireodh le héinne ‘féiniúlacht’ a rá tar éis dó an grianghraf a fheiceáil a glacadh an tseachtain seo de chorp Aylan Kurdi, an buachaill trí bliana d’aois as an tSiria a bádh sa Mheanmhuir agus ar tháinig a chorp i dtír ar thrá Thurcach.

I ndeireadh na dála, cad is fiú féiniúlacht mhídhaonna?

Fág freagra ar 'Cé acu is tábhachtaí, féiniúlacht nó daonnacht?'