Cé acu a mbeidh rith an ráis leo ag Féile Cheltenham na bliana seo, ‘Pócaí Folamh’ nó ‘Cloigeann Tinn’?

Cuimhníonn ár gcolúnaí ar ghaiscí Cheltenham agus ar an lá a lig an slua liú astu ag moladh capaill nárbh amhlaidh go raibh an rás buaite aige

Cé acu a mbeidh rith an ráis leo ag Féile Cheltenham na bliana seo, ‘Pócaí Folamh’ nó ‘Cloigeann Tinn’?

Charlie Swan agus Istabraq. INPHO/Patrick Bolger

Níos minice ná a chéile, má chuireann tú ceist ar dhuine cé acu de na rásaí ag Féile Cheltenham is mó a thaitníonn leo is é ‘An Corn Óir’ an freagra a gheobhaidh tú. Is é ar ndóigh an seilgrás is mó le rá sa gcuid seo den domhan agus dóibh siúd a bhfuil tóir acu ar an spórt sin níl radharc níos iontaí ná na déaga de na capaill is fearr in Éirinn agus sa mBreatain a fheiceáil in iomaíocht lena chéile ar lánluas agus 22 claí rompu acu ar chúrsa atá cosamar trí mhíle ar fhad.

Tá siad ann nach dtáinig ar an saol go ceann deich mbliana fichead ina dhiaidh sin a inseoidh duit faoi na mórchoimhlintí idir Arkle agus Mill House i 1964 agus 1965 agus an tríú ceann as a chéile a bheith ag an gcapall Éireannach an bhliain dár gcionn, éacht nach ndearnadh arís gur tháinig réimeas Best Mate i dtús na Mílaoise.

Labhróidh siad ar Dawn Run (1986), ceann de cheithre láir a bhfuil an gaisce déanta acu, ar an gcapall bán Desert Orchid (1989) agus b’fhéidir ach iad a bheith sean a ndóthain ar Glencarrig Lady. Láir Éireannach eile ab ea í siúd agus ba é Frank Berry a bhí sa diallait nuair a bhuaigh siad i 1972, ach blianta ó shin agus é ag tiomáint tacsaí i mBaile Átha Cliath dúirt an seanmharcach Bobby Coonan liom gurbh í ‘The Lady’, mar a thug sé uirthi, an capall ab fhearr ar chaith sé cois riamh thairsti. Cuimhnigh go raibh Coonan ina sheaimpín sé bliana as a chéile idir 1967-1972.

Níl mé cinnte amach agus amach cén fáth gur amhlaidh atá, ach is é an Champion Hurdle, cliathrás na seaimpíní, an rás is ansa liom féin le linn na féile.

Tharlódh go bhfuil baint éicint ag ‘Pócaí Folmha’ leis sin – ar an gcéad lá den Fhéile a ritear an Hurdle agus ar an lá deireanach a ritear an Corn agus is minic an sparán a bheith ídithe go maith faoin tráth sin. Tharlódh freisin go dtagann ‘Cloigeann Tinn’ isteach sa scéal scaití freisin!

Bhí sé d’ádh orm a bheith i láthair i Cheltenham nuair a bhuaigh Istabraq na trí Champion Hurdle as a chéile i 1998, 1999 agus in 2000, rud nach raibh déanta roimhe sin ach ag ceithre chapall eile Hattons Grace (’49-’51), Sir Ken (’52-54) Persian War (’68-’70) agus See You Then (’85-’87). Níl amhras faoin spéir orm ach go sáródh Istabraq an gaisce sin murach gur fhág an galar crúibe is béil gurbh éigean an Fhéile a chur ar athló in 2001.

Ainneoin gur thit an capall den chéad uair ina shaol ag rása i mBaile na Lobhar ar an lá deiridh den bhliain 2000, agus arís in Aibreán 2001, agus cé go raibh ráflaí sa timpeall nach raibh an sé i mbarr a mhaitheasa, ba é Istabraq rogha na coitiantachta (2/1) nuair a ritheadh an Champion Hurdle arís in 2002.

Faraor, bhí bunús leis na ráflaí. Ba liopastach go maith a chaith sé an chéad chlaí agus nuair nach raibh aon chuma níos fearr air ag an dara ceann, shocraigh a mharcach, Charlie Swan, go raibh deireadh déanta. Os comhair an tseastáin amach a tharla sé agus tá an radharc gruama fanta i mo chuimhne go fóill – Swan ag seasamh suas sna stíoróipí, ag tarraingt siar ar shrian Istabraq le h-insint dósan agus dúinne go raibh a rás rite.

Roimhe ná ó shin ní fhaca mé slua ag ligean liú astu ag moladh capaill nárbh amhlaidh go raibh an rás buaite aige. Bhainfeadh sé deoir as do shúil.

Capaill a thraenálann Willie Mullins agus Jessica Harrington a bhuaigh na ceithre Champion Hurdle deireanach atá rite. Tá Hurricane Fly (2013 Mullins) ar féarach sa nGraí Náisiúnta – níl sé mórán le ceithre seachtaine ó chonaic mé uaim é agus mé ar cuairt ansiúd – an Fly ag innilt ar a chompord le trí chapall eile a bhuaigh leathdhosaen rásaí eatarthu ag an bhFéile – Hardy Eustace (Champion Hurdle ’04 agus ’05), Kicking King (Corn Óir ‘05) agus Moscow Flyer (Arkle Trophy ’02; Queen Mother ’03 agus ’05)

Ní bheidh Annie Power ná Faugheen, a bhuaigh an Champion Hurdle do Mullins le dhá bhliain, san iomaíocht Dé Máirt siocair iad a bheith gortaithe, mar atá Jezki, a bhuaigh an rás do Harrington trí bliana ó shin. Dá bharr sin déarfá leat fhéin nach bhfuil caighdeán na gcapall i mbliana chomh hard agus a bhíonn de ghnáth.

Ach an Maolánach a bheith ag cuimhneamh ar an gcaoi sin, tharlódh go bhfágfadh an traenálaí Vroum Vroum Mag sa rás mór, cé go bhfuil sí istigh freisin ar Chliathrás na Láracha a bhuaigh sí an bhliain seo caite. Ag Mullins amháin atá a fhios an bhfuil an capall chomh maith anois agus a bhí sí an lá sin nó an bhfuil sí fós chomh meata agus a bhí nuair a chríochnaigh sí sa dara háit sa Hatton’s Grace i dTeach na Sí i dtús na Nollag seo caite. Roimhe sin bhí 11 rás as a chéile buaite aici.

Tá Petite Mouchoir, capall de chuid Gigginstown atá traenáilte ag Henry de Bromhead, agus a bhuaigh Champion Hurdle na hÉireann i mBaile na Lobhar i dtús na bliana istigh ar an rás freisin, ach is deacair a chumas a chur i gcomparáid le Faugheen, a bhuaigh an bhliain roimhe ná leis an laoch Hurricane Fly, a thug cúig cinn as a chéile leis roimhe sin.

Tá go leor ráite agus cloiste againn faoi chapaill Michael O’Leary a bheith imithe as stábla Willie Mullins agus faoin gcaoi a bhfágann gortuithe Faugheen agus Annie Power a chumas laghdaithe tuilleadh. Cén fáth mar sin nach dtabharfadh an geallghlacadóir níos mó ná 4/7 duit ar gheall gurb é Mullins an traenálaí is mó a mbeidh rath air i Prestbury Park an tseachtain seo chugainn?

Fág freagra ar 'Cé acu a mbeidh rith an ráis leo ag Féile Cheltenham na bliana seo, ‘Pócaí Folamh’ nó ‘Cloigeann Tinn’?'