Cé acu a mbeidh an bua amárach i gcluiche ceannais na hÉireann agus cén fáth?

Labhair Tuairisc.ie le triúr iar-imreoirí faoi Chluiche Ceannais na hÉireann amárach - Aodán Mac Gearailt ó Chiarraí, Coman Goggins ó Bhaile Átha Cliath agus Seán Ó Domhnaill ó Ghaillimh

Beidh captaen Chiarraí Kieran Donaghy ar an mbinse an Domhnach seo. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Beidh captaen Chiarraí Kieran Donaghy ar an mbinse an Domhnach seo. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Arbh é an cinneadh ceart é Paul Geaney a thosú in áit Kieran Donaghy?

Aodán Mac Gearailt: ‘Séard a bhíonn Fitzmaurice a rá leis na meáin ná gurb é an fear is mó a bhfuil ag éirí leis sa traenáil an fear a thosóidh an cluiche. Má chloíonn sé leis sin, tosóidh Geaney. Ar a shon sin, má ag iarraidh scrúdú ceart a chur ar líne lánchúil Bhaile Átha Cliath, go háirithe ag tús an chluiche, b’fhéidir go bhfeicfimid Donaghy.

Níor oibrigh an liathróid fhada do Mhaigh Eo sa chluichí leathcheannais ach is drochphasanna a bhíodar ag cur isteach, cinn díreacha seachas cinn sceabhacha agus ní rabhadar ag faire ar na briseanna ach an oiread. Bheadh liathróid níos fearr ag dul isteach i dtreo Donaghy.

Ó thaobh Marc Ó Sé agus Paul Murphy de, is dócha go mbeifeá den tuairim go dtosnóidís ach is sárimreoir é Fionn Fitzgerald agus maidir le Aidan O’Mahony, bheinnse den aigne gur cheart dó a bheith ag tosnú ar aon nós.

B’fhéidir go bhfuil beagán den ádh ar Peter Crowley. Bhí maith go leor i gcoinne Thír Eoghain ach níl sé ag imirt iontach i mbliana agus bheadh beagán amhrais ar lucht leanúna Chiarraí fé fós.

dhéanann sé an chéad 15 puinn níos laige agus na himreoirí sin ag teacht isteach. B’fhéidir go bhfuil an binse beagáinín níos laige ach bheadh iontas orm mura dtiocfadh, ar a laghad, Marc nó Paul isteach, nó fiú an bheirt acu.

Coman Goggins: Leis an mbealach ar imir Ciarraí in aghaidh Thír Eoghain le Paul Geaney agus an chaoi ar dhéileáil Báile Átha Cliath le Aidan O’Shea sa chluiche leathcheannais, ceapaim go mbeadh Ciarraí níos fearr ag dul le Geaney.

Is cineál ‘Tiki-Taka football’ a imríonn Ciarraí leis an liathróid sciobtha isteach agus bheadh Geaney, agus Colm Cooper agus James O’Donoghue taobh leis, níos fearr aige sin ná Donaghy. Geaney domsa.

Seán Ó Domhnaill: Go pearsanta, phiocfainn Geaney. Breathnaíonn sé nach bhfuil mórán meas ag Fitzmaurice ar ‘Star’ faoi láthair. Níl sé ag tabhairt mórán ama dhó ar an bpáirc agus mura mbufaidh sé an chéad dá liathróid, tógfar amach é.

Le Geaney, tugann sé an luas breise sin dhuit agus is féidir leis brú suas ar chiceanna amach Cluxton. Mar sin fhéin, fiú mbeadh sé ainmnithe, ní bheadh a fhios agat leis an mbeirt bhainisteoir seo cé a thosódh ar an Domhach.

Agus O’Mahony ag teacht isteach, sin é an fhoireann a chríochnaigh an cluiche in aghaidh Thír Eoghain. Cuireadh Marc den pháirc an lá cheana ach bhí a fhios acu nach mbeadh Marc in ann ag Brogan; ní bheadh an luas aige.

Fitzmaurice ag cur amach cúig imreoir déag chun cúigear déag Bhaile Átha Cliath a mharcáil, sin an plean atá aige. Níl aon dabht go dtiocfaidh siad isteach; tiocfaidh Marc isteach ag an deireadh, cosúil le McManamon agus iad sin. Beidh Ciarraí ag iarraidh é sin a chosaint.

Tá amhras an mbeidh Cian O'Sullivan in ann imirt Dé Domhnaigh. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Tá amhras an mbeidh Cian O’Sullivan in ann imirt Dé Domhnaigh. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

an chuma ar an scéal nach mbeidh fáil ag Baile Átha Cliath ar Cian O’Sullivan. Cén plean a bheidh acu gan é?

AMcG: Is é Michael Fitzsimmons an chéad ionadaí a bhí ag Baile Átha Cliath i mbliana agus seans maith gurb é sin a bheidh ag teacht isteach agus Jonny Cooper nó Philly McMahon ag teacht amach go dtí an daichead slat.

Ach nuair a bhí O’Sullivan ag imirt i mbliana, ní raibh sé ag marcáil imreoir ar leith ach ag titim siar sa spás os comhair an líne lánchúil. N’fheadar an bhfuil Jonny Cooper in ann é sin a dhéanamh chomh maith céanna. B’fhéidir go gcuirfidh siad Cooper ar James O’Donoghue agus McMahon ar an daichead slat ach is é Cooper a bheidh ann de réir scéil.

CG: Mura bhfuil O’Sullivan in ann imirt, is fadhb mhór é, is ceann de phríomhimreoirí Bhaile Átha Cliath é sna cúlaithe. Mar sin féin, bhí Michael Fitzsimmons ar fheabhas go dtí seo i mbliana.

Anois, b’fhéidir go mbeadh Baile Átha Cliath in ann rud éigin a dhéanamh maidir le Cooper a bhogadh amach agus Fitzsimmons a fhágáil taobh istigh ach bheadh mise breá sásta Fitzsimmons a fheiceáil mar leathchúlaí ir. Tá compordach ar an liathróid agus tá in ann an ról sin a imirt.

SÓD: Feicim O’Sullivan ag tosú. Seans maith gur scéal é seo atá ag teacht ón gcampa go bhfuil sé níos measa ná mar atá. Mura bhfuil O’Sullivan in ann imirt, is cailliúint aisteach é sa ról sin a imríonn sé os comhair an líne lánchúil. Mar gheall air sin, sílim go n-imreoidh sé mura bhfuil an chos tite dhó go hiomlán.

Éamonn Fitzmaurice agus Jim Gavin i ndiaidh an chluiche i 2013. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Éamonn Fitzmaurice agus Jim Gavin i ndiaidh an chluiche i 2013. Pictiúr: INPHO/James Crombie

acu a mbeidh an bua acu Dé Domhnaigh agus cén fáth?

AMcG: Braitheann sé ar an 20 nóiméad deireanach. Imríonn Baile Átha Cliath le han-chuid luas agus imríonn siad mar sin don 70 nóiméad. Chonaiceamar i gcoinne Mhaigh Eo gur sa tréimhse sin a bhuadar an cluiche le McCaffrey agus McMahon ag déanamh ruathair suas an pháirc.

binse níos láidre ag Ciarraí a bhí ag Maigh Eo agus más féidir na himreoirí cearta a chur isteach ag an am ceart, tabharfaidh sé fuinnimh dóibh agus beidh siad in ann cúlaithe Bhaile Átha Cliath a choinneáil siar agus na ruathair sin a stopadh.

Ba cheart go bhfeicfimis leithéidí Darren O’Sullivan, Donaghy nó Geaney, Bryan Sheehan – fiú Fionn Fitzgerald agus Peter Crowley sna cúlaithe – ag teacht isteach thart ar 50 nó 55 nóiméad. Sin é an difríocht is mó a bheidh idir na foirne, measaim.

CG: bheidh a fhios againn go dtí an cúpla nóiméad deireanach cé a bhuafaidh. Ceapaim go bhfuil beagáinín níos mó ag Baile Átha Cliath, go háirithe ó thaobh na gcúlaithe, ná mar atá ag Ciarraí.

Mar gheall air sin, ag díriú ar na cúlaithe seachas na tosaithe, seans go mbeidh a ndóthain ag Baile Átha Cliath. Tá na cúlaithe atá acu píosa beag níos fearr ó thaobh cosc a chur ar thosaithe an fhreasúra.

SÓD: ag rá BÁC ón tús agus is é an fáth leis sin ná an chailliúint in aghaidh Dhún na nGall anuraidh. Sílim go bhfuil na lochtanna maidir leis na cúil agus an córas leigheasta acu. Tá Ciarraí go maith ach níor cuireadh scrúdú orthu fós i mbliana. Déanadh beagán tástála orthu in aghaidh Thír Eoghain ach d’fhéadfá gur chaill cúl báire Thír Eoghain an cluiche sin.

Is é an t-aon amhras a bheadh orm ná bhíonn sé ag báisteach, mar atá gealta le haghaidh an Domhnaigh. Bhuaigh Ciarraí ar Chorcaigh an dara lá sa bháisteach agus bhuaigh siad ar Thír Eoghain sa mbáisteach agus tá taithí orthu air sin – ach dá mbeinn ag cur airgid air, Baile Átha Cliath a phiocfainn.

Fág freagra ar 'Cé acu a mbeidh an bua amárach i gcluiche ceannais na hÉireann agus cén fáth?'