Cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Phól Ó Gallchóir mar Ard-Stiúrthóir ar TG4?

Alan Esslemont, Pádhraic Ó Ciardha, Lís Ní Dhálaigh agus Rónán Mac Con Iomaire ina measc siúd atá á lua mar chomharba ar Ard-Stiúrthóir TG4

TG4 liosta

Is é Alan Esslemont, atá ag obair le BBC Alba faoi láthair, an duine is mó atá sa treis sa chaint faoi cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Phól Ó Gallchóir mar Ard-Stiúrthóir ar TG4.

I measc na ndaoine eile atá á lua mar chomharba ar Ó Gallchóir, a d’fhógair inné go raibh sé ag éirí as a phost ag deireadh mhí Mheán Fómhair, tá Pádhraic Ó Ciardha, Leas-Phríomhfheidhmeannach TG4, Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Ceannachán agus Aschuir TG4, agus Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ.

Tá Alan Esslemont, a chuir isteach ar an bpost is sinsearaí i TG4 nuair a fógraíodh go deireanach é ocht mbliana ó shin,  ina Cheannasaí Ábhar le Seirbhís Gàidhlig BBC Alba.

D’oibrigh an tAlbanach le TG4 ó thréimhse a bhunaithe go dtí gur fhág sé chun dul ag obair le BBC Alba nuair a athcheapadh Pól Ó Gallchóir ina cheannaire ar an stáisiún Gaeilge in 2008.

Meastar go bhféadfadh go mbeadh suim ag Esslemont i gceannaireacht TG4 i gcónaí, áfach, agus cé go bhfuil sé ag obair anois in Albain tá sé féin agus a chlann lonnaithe i gCamas i nGaeltacht Chonamara.

Is do Esslemont agus Siún Ní Raghallaigh, atá anois ina Cathaoirleach ar Bhord TG4, is mó a thugtar aitheantas as an athbhrandáil radacach a deineadh ar an stáisiún Gaeilge ag casadh na mílaoise, tráth ar athraíodh ainm an chraoltóra ó ‘Teilifís na Gaeilge’ go TG4.

Fear eile a raibh baint mhór aige le bunú an stáisiúin agus le múnlú a chur chuige is ea Pádhraic Ó Ciardha, an té a cheap an mana cáiliúil ‘Súil Eile’ atá ina lóchrann ag TG4 le fiche bliain anuas.

Níl aon amhras ach go mbeadh seans láidir chomh maith ag an Leas-Phríomhfheidhmeannach ar an bpost dá mbeadh suim aige cur isteach air.

Meastar go mbeadh seans an-mhaith leis ag Stiúrthóir Ceannachán agus Aschuir TG4, Lís Ní Dhálaigh, atá ag obair sa stáisiún ó bunaíodh é nach mór 20 bliain ó shin. Tá cumas Uí Dhálaigh, arb as Dún Chaoin in Iarthar Duibhneach ó dhúchas di, aitheanta le fada agus taithí aici ar mhórán gach gné d’obair an stáisiúin.

Fear eile a d’fhág TG4 ach a mbeadh seans aige filleadh ar stáisiún Bhaile na hAbhann mar cheannaire is ea Rónán Mac Con Iomaire a bhfuil ceann de na poist is sinsearaí i saol chraoltóireacht na Gaeilge aige mar Ghrúpcheannasaí Gaeilge RTÉ.

Iar-iriseoir le Nuacht TG4 agus iar-leascheannaire ar RTÉ RnaG é Mac Con Iomaire, arb as an gCeathrú Rua i gConamara dó, a mbeadh an taithí chuí aige faoin tráth seo do phost an Ard-Stiúrthóra i mBaile na hAbhann.

I measc na ndaoine eile atá á lua mar chomharba ar Ó Gallchóir ó fógraíodh inné go raibh sé ag éirí as a phost, tá Seán Ó Cuirreáin, iarchraoltóir a bhí ina leascheannaire ar RTÉ RnaG sular ceapadh mar an chéad Choimisinéir Teanga sa stát é; Irial Mac Murchú, príomhfheidhmeannach agus úinéir an chomhlachta Nemeton TV; Edel Ní Chuireáin, ceannaire RTÉ RnaG; Michael Lally, Príomheagarthóir Nuacht RTÉ; agus Dónall Ó Braonáin atá ina Phríomhfheidhmeannach ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ó 2011 ach a bhí ina chraoltóír agus iriseoir roimhe sin.

Fógraíodh inné go raibh Pól Ó Gallchóir ag éirí as a phost mar Ard-Stiúrthóir ar TG4 tar éis dó 16 bliain a thabhairt ina cheannasaí ar an stáisiún Gaeilge.

Ba in Aibreán na bliana 2000 a ghlac Pól Ó Gallchóir stiúir ar TG4 nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar Chathal Goan, ceannasaí bunaithe na seirbhíse teilifíse a bheidh ag ceiliúradh fiche bliain ar an bhfód Oíche Shamhna.

Ba faoi chúram Uí Ghallchóir a bhain TG4 neamhspleáchas amach ó RTÉ in 2007.

Agus é ag gabháil buíochais le foireann TG4 ar maidin, dúirt Ó Gallchóir “gur mhaith leis tabhairt faoi dhúshlán éigin eile anois”.

Tá sé i gceist ag Ó Gallchóir éirí as ar an 30 Meán Fómhair.

Fág freagra ar 'Cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Phól Ó Gallchóir mar Ard-Stiúrthóir ar TG4?'