Cé a labhróidh amach faoin mBreatimeacht, faoi chás phobal na Gaeilge…?

Tá mórcheisteanna le réiteach againn in 2017, ach cé atá chun aird a tharraingt orthu?

Cé a labhróidh amach faoin mBreatimeacht, faoi chás phobal na Gaeilge…?

Agus muid ag tabhairt aghaidh anois ar an mbliain nua, tá mórcheisteanna romhainn atá fós gan réiteach agus go deimhin an chuma ar an scéal nach bhfuil tuairim ar bith ag lucht ceannais na tíre cén chaoi le déileáil leo.

Tá daoine fós ann i bhFine Gael agus i bhFianna Fáil a chreideann, nó a bhfuil súil acu, nach mbeidh aon Bhreatimeacht ann ar deireadh thiar. Tá daoine eile ann atá chomh feargach sin go dteastaíonn uathu go ngearrfaí pionós mór ar Shasana.

Agus tá daoine eile fós ann a bhfuil lánmhuinín acu as an Aontas Eorpach agus iad ag súil, beag beann ar an bhfianaise, go ndéanfar leas na tíre seo nuair a thiocfaidh an crú ar an tairne.

Anseo sa mbaile, tá Fine Gael agus Fianna Fáil ag cloí leis na polasaithe déine a d’fhág san fhaopach muid.  Tá argóintí beaga ar siúl faoi thuarastail a thabhairt ar ais go dtí na leibhéil a bhí ann roimh an tubaiste, ach níl sé ar chumas an dá pháirtí seo éalú ó chuing an mheon a thugann tús áite i gcónaí do mhianta an mhargaidh– maidir le cúrsaí tithíochta, sláinte, oideachais agus fostaíochta.

Ar ndóigh, más faoin rialtas seasamh leis na conarthaí Eorpacha – Nice, Liospóin agus an Comhaontú Fioscach – níl aon rogha eile ann ach iarracht a dhéanamh na fadhbanna seo a réiteach de réir mhianta an mhargaidh.

Agus muid fós ag iomrascáil le heaspa airgid mar gheall ar an méad a d’íoc muid leis na bainc, deirtear linn go bhfuil cead ag rialtas na hIodáile ualach fiacha na tíre sin a chur ar lucht infheistíochta sna bainc féin, cead nár tugadh dúinne.

Go deimhin tá na fadhbanna seo ag cur as chomh mór sin i gcónaí don gháthshaoránach gur deacair a chreidiúint go bhfuil níos mó tacaíochta ag comhghuaillíocht an oilc – Fine Gael, Fianna Fáil agus Páirtí an Lucht Oibre – ná mar a bhí aimsir an toghcháin.

’Sea, léirigh scéal Apollo House go bhfuil géarchéim na tithíochta ag éirí níos measa, ach níl an tacaíocht a léirigh an pobal dóibh siúd a ghlac seilbh ar an dteach sin ag déanamh mórán imní don Aire Tithíochta Simon Coveney mar tuigeann sé nach bhfuil an agóid ag déanamh aon dochar dósan ar chor ar bith.

Tá cluiche polaitiúil ar bun ag an dá mhórpháirtí, ach cluiche is ea é nach mbaineann le saol an ghnáthdhuine.  Ní dhéanfadh sé pioc difir sa deireadh cén dream a bhuafaidh an cluiche seo mar beidh na polasaithe céanna i gcónaí ann toisc go bhfuil lucht na heite clé rólag is ró-neamhaontaithe le stop a chur leo.

Níl aon réiteach ar na fadhbanna tithíochta, fostaíochta is sláinte ach droim láimhe a thabhairt leis an margadh agus tús áite a thabhairt do riachtanais an phobail i gcoitinne.

Anuas air sin ar fad, tá drochscéal aduaidh againn chomh maith agus baol mór ann do chuid de na hinstitiúidí a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus Chomhaontú Chill Rímhinn.

Níl an baol seo ag cur as do pháirtithe an rialtais – agus is páirtithe rialtais iad Fine Gael is Fianna Fáil araon – mar tá súil acu nach mbeidh Sinn Féin chomh mealltach céanna ó dheas de bharr na ndeacrachtaí ó thuaidh.

Ach má chliseann ar na hinstitiúidí ó thuaidh, is mar gheall ar shoiniciúlacht, sotal agus caimiléireacht a tharlóidh sé.

Féach, mar shampla, ar dhearcadh aineolach dímheasúil an DUP ar an nGaeilge, agus dearmad déanta acu ar an dualgas atá orthu, faoi Chomhaontú Chill Rímhinn, Acht Gaeilge a thabhairt isteach.

Ach arís, níl tada le rá ag na páirtithe móra faoi seo beag nó mór. Is leor don Taoiseach Enda Kenny, is cosúil, go bhfuil sé féin báúil don Ghaeilge ar bhonn pearsanta, rud a fhógraíonn sé go minic.

Caint bhreá cinnte, ach nárbh é Enda Kenny a bhí ina Thaoiseach nuair a d’éirigh Seán Ó Cuirreáin as mar Choimisinéir Teanga le haird a tharraingt ar easpa dáiríreachta an stáit agus an rialtais maidir lena ndualgais i leith na teanga?

Chuirfí fáilte mhór roimh an scéal dá ndéanfadh an Taoiseach beart de réir a bhriathair sa chás seo, , ach ní dóigh liom go gcreideann mórán go mbeidh aon athrú ann.

Cé a labhróidh amach mar sin faoin ngá le himpleachtaí na Breatimeachta a bhreithniú go stuama? Cé a labhróidh faoin ngá le cur chuige nua maidir le bunfhadhbanna a réiteach, cur chuige nach bhfuil i dtuilleamaí an mhargaidh? Cé a labhróidh faoi pholasaí dearfach a chur i bhfeidhm i leith an Tuaiscirt agus cé a déarfaidh nach mbeidh aon ‘ghnó mar is gnách’ ann nó go gcinnteofar a gcearta do phobal na Gaeilge?

An labhróidh tusa amach?