Cé a bhí romham ach an cigire sláinte, nó ‘fear an fhiabhrais deinge’ mar is fearr aithne air…

Tá taithí ag muintir na Brasaíle ar ghalair thrópaiceacha thar mar atá ag muintir na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh, ach ina dhiaidh sin is léir go bhfuil scéinscéal an víris zika ag dul i bhfeidhm orthu, mar a fuair ár gcolúnaí amach an tseachtain seo

medic-563425_1920Más léitheoir rialta de chuid na leathanach seo thú, seans gur thug tú faoi deara nár foilsíodh alt liom anseo i lár na seachtaine seo a chuaigh thart, mar a fhoilsítear de ghnáth. An chúis a bhí leis sin ná go raibh mé siar agus aniar idir leaba agus leithreas ag ráig de thinneas boilg; ceann de na taomanna goile sin a thagann ar dhuine sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm, uair nó dhó sa bhliain toisc nach mbíonn cúrsaí glaineachta agus sláinteachais sna siopaí agus sna tithe bia thar mholadh beirte ó am go céile.

Duine eile a thug faoi deara nach raibh mé ar fónamh ná an bhean atá ina cónaí san árasán díreach fúmsa. Is í atá i gceannas ar chúrsaí airgeadais an bhloic árasáin agus bhuail sí cnag ar mo dhoras nuair nach raibh mé i láthair ag cruinniú a bhí gairmthe aici faoi bhrat nua péinte atá le cur ar an bhfoirgneamh.

Léim sí siar ón doras agus rinne í féin a choisreacan d’aon iarracht aclaí amháin nuair a dúirt mé léi go raibh mé tinn.

Achar sábháilte dhá mhéadar eadrainn, thosaigh sí do mo dhiancheistiú faoina raibh ag cur as dom. Bhí fiabhras orm, a dúirt mé, bhí mo bholg tinn agus bhí mo chloigeann ag pléascadh. D’amhairc sí orm go hamhrasach. ‘Cé chomh hard is atá an fiabhras atá ort? An bhfuil pianta in ailt do ghéaga? An bhfuil gríos dearg ar do chraiceann?’

Bhí comharthaí sóirt an víris zika seiceáilte agam féin an tráthnóna sin ar shuíomh na Roinne Sláinte agus bhí mé ionann is cinnte nach é an zika a bhí orm: ní thuairiscítear an bhuinneach ach go heisceachtúil i gcásanna den ghalar sin agus ní raibh na príomhchomharthaí sóirt – na balscóidí dearga agus na pianta sna hailt – orm ar chor ar bith. Rud a chuir an dá ghalar eile a scaipeann an mhíoltóg a scaipeann an víreas zika – an fiabhras deinge agus an fiabhras chikungunya – as an áireamh freisin.

‘Tá go maith, mar sin,’ a dúirt sí, móramhras ar a haghaidh i gcónaí, agus chuaigh síos staighre chun a bheith ag argóint leis na comharsana eile faoin dath atá le cur ar an bhfoirgneamh.

An mhaidin dár gcionn, buaileadh cnag ar mo dhoras arís. Cé a bhí romham ach an cigire sláinte ón gcomhairle cathrach atá freagrach as an gceantar, nó ‘fear an fhiabhrais deinge’ mar is fearr aithne air sa chomharsanacht. Sa Bhrasaíl, tugann cigirí sláinte cuairt ar chuile theach cónaithe uair gach ráithe chun a chinntiú nach bhfuil Aedes Aegypti, an mhioltóg a scaipeann zika, deinge agus chikungunya, ag déanamh neide sa teach. Bhí tamall ann ó bhí sé istigh chugam, ceart go leor, ach thuig mé láithreach nár chomhtharlúint a bhí sa chuairt seo.

‘Dúirt do chomharsa thíos staighre nach bhfuil tú ar fónamh,’ a dúirt sé, agus isteach leis tharam chun dianscrúdú a dhéanamh ar an árasán lena lóchrann láidir LED. Níor aimsigh sé aon nead míoltóige toisc go mbím cúramach i gcónaí, mar a bhíonn an chuid is mó de mhuintir na háite, gan uisce a fhágáil thart i mbuicéid agus i bpotaí na bplandaí.

‘Tá go maith, mar sin,’ a dúirt sé, agus d’imigh leis. Ar a laghad ní raibh mé le hainmniú agus le náiriú os comhair na comharsanachta mar bhaol don tsláinte poiblí, anuas ar an gcéasadh a bhí á thabhairt dom ag mo phutóga.

Agus os cionn cúig mhíle cás microcephaly tagtha chun solais sa Bhrasaíl ó thosaigh an scéin faoin gceangal a cheaptar a bheith idir an neamhord néareolaíoch sin, a fhágann blaosc linbh ró-bheag don inchinn, agus an víreas zika, is furasta a thuiscint go mbeadh an scéal ag dul i bhfeidhm fiú ar phobal a bhfuil seantaithí acu ar ghalair thrópaiceacha. Tá raidhse gníomhartha á meas sa Bhrasaíl faoi láthair chun dul i ngleic le dúshlán an zika, céimeanna conspóideacha ar nós ginmhilleadh a cheadú i gcás leanaí a bhfuil microcephaly orthu agus míoltóga géinmhodhnaithe a mharódh an cine ar fad, Aedes Aegypti san áireamh. Ach go dtí go ndéanfar cinneadh mór mar sin, cath a chur ar an míoltóg ó theach go teach, mar atá á dhéanamh ag an gcigire sláinte a thug cuairt ormsa, ag a chomhghleacaithe ar fud na tíre agus ag dhá chéad míle saighdiúir atá curtha ar fáil ag an arm, is ea an t-aon bhealach chun dul i ngleic leis an ngéarchéim.

Fág freagra ar 'Cé a bhí romham ach an cigire sláinte, nó ‘fear an fhiabhrais deinge’ mar is fearr aithne air…'