Cé a bheidh mar an chéad Phríomhfheidhmeannach eile ar Fhoras na Gaeilge?

Fógrófar sna seachtainí amach romhainn an folúntas do phost an Phríomhfheidhmeannaigh san Fhoras, ach cé atá á lua leis an bpost?

Muireann agus Seán
Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, agus Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais Fhoras na Gaeilge

Is é Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais Fhoras na Gaeilge, is mó atá á lua leis an bhfolúntas don phost is sinsearaí san eagraíocht teanga trasteorann.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar maidin fógrófar sna seachtainí amach romhainn an folúntas do phost an Phríomhfheidhmeannaigh san Fhoras agus Ferdie Mac an Fhailigh ag éirí as.

Tá meas ar Ó Coinn, arb as an Mullach Bán, i gContae Ard Mhacha dó, laistigh den Fhoras féin agus thuill sé meas eagraíochtaí teanga deonacha le linn na hidirbheartaíochta suaite casta fadálach maidir le ‘cuíchóiriú’ earnáil na Gaeilge.

Duine eile laistigh den eagraíocht atá á lua mar chomharba ar Mhac an Fhailigh ná Shane Ó hEidhin, Stiúrthóir Seirbhísí Corporáideacha an Fhorais.

Cé nach bhfuil ach bliain caite ag Ó hEidhin i mbun an chúraim sin féachtar ar an gcuntasóir as Baile Átha Cliathach mar fhear óg a bhfuil gealladh faoi.

Baile Átha Cliathach eile atá á lua leis an bpost is ea Anna Davitt, Bainisteoir Cumarsáide an Fhorais. Ach an oiread le Ó hEidhin níl Davitt i bhfad ag obair leis an eagraíocht ach tá a cumas aitheanta.

Maidir leis an mbeirt ardbhainisteoirí eile atá ag Foras na Gaeilge, Éamonn Ó hArgáin, Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha, agus Joe Ó Labhraí, Stiúrthóir Seirbhísí Foilsitheoireachta, ní fios an mbeadh suim acu san fholúntas.

I measc na ndaoine ó lasmuigh den eagraíocht a meastar a mbeadh seans acu ar an bpost dá dtoileoidís dul san iomaíocht tá Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Tá taithí fhada bainistíochta ag Ní Mhóráin in eagraíocht náisiúnta agus meas coitianta uirthi i saol na Gaeilge agus an ghaeloideachais.

D’fhéadfadh go mbeadh suim chomh maith sa phost ag feidhmeannaigh shinsearacha na gceann-eagraíochtaí Gaeilge agus thug, mar shampla, Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael, seal ag obair don Fhoras cheana.

Fear eile a d’fhéadfadh a bheith ina iarrthóir suimiúil dá mba spéis leis cur isteach ar an bhfolúntas ná Deaglán Ó Briain, státseirbhíseach sinsearach sa Roinn Dlí agus Cirt a thug blianta fada ag obair i Roinn na Gaeltachta. Bhí Foras na Gaeilge mar chuid de chúraimí bainistíochta Uí Bhriain le linn dó a bheith ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Meastar go mbeidh dúshláin go leor roimh pé duine a cheapfar ina Phríomhfheidhmeannach ar an eagraíocht trasteorann atá buailte go dona ag ciorruithe le blianta beaga anuas agus a bhfuil deacrachtaí ar leith aici de bharr a chasta is atá an caidreamh Thuaidh/Theas, caidreamh atá éirithe níos casta fós de bharr Brexit.