Cé a bheadh ‘ólta’ nuair a d’fhéadfadh sé a bheith ‘ina chamstáca’? Tá gá le Foclóir Pótaireachta…

FRIOTAL: Tá cnuasach téarmaíochta neamhghnách beartaithe ag ár gcolúnaí don té a bhfuil dúil sa deochas, nó ródhúil sa deoch, aige

Fág uait An Foclóir Réalteolaíochta, An Foclóir Bitheolaíochta agus, cé gur deacair é a ligean uait, An Foclóir Déiríochta féin. Nach bhfuil sé in am cnuasach téarmaí a chur i dtoll a chéile a bheas úsáideach ag lucht na Gaeilge ó lá go lá agus iad ag caitheamh a saoil?

Molaimse tús a chur le saothrú na daontéarmaíochta agus Lámhleabhar Ólacháin a fhoilsiú – liosta focal is frásaí a bheas feidhmiúil i dteach an leanna agus in aimsir an Oireachtais.

Saothar tagartha téagartha a bheas ann, leoga, gan dul a dhath níos faide ná seoda as na seanfhoclóirí a chur in oiriúint dár n-aimsir féin.

An té a bhfuil árasán aige i mBarra an Teampaill, bheadh ‘corm-uaill’ (drunken clamour) ina ghnáthfhocal aige. Nó b’fhéidir gurbh fhearr leis ‘bachthormán’ (the noise of drunkards).

In A Galic and English Dictionary atá an leagan sin, foclóir a d’fhoilsigh William Shaw in 1780. Tá gaol gairid aige le focal deas atá ag an Duinníneach: ‘bachlubhra: grog blossoms on the face; literally, drunken leprosy.

Is é an míniú a bhí ag Shaw ar an fhocal chéanna ná pimples in the face from drinking, ach is deacair grog blossoms a bhualadh amach. Fág faoin Chiarraíoch é an friotal fileata a aimsiú.

Is iomaí ‘treachláis’ a chasfaí ort i mBarra an Teampaill (a disordered rabble, as a crowd of men returning drunk from the fair escorted by others not drunk). Mar sin féin, is do Dhún na nGall a thug an Duinníneach an chraobh i gcúrsaí diúgaireachta. I dTír Chonaill amháin, is cosúil, a bhíonn daoine ‘ag drádánacht’ (lingering about a tavern in a state of intoxication).

Ba chliste agus ba chaolchúiseach mar a rianaíodh an Conallach an contanam ó bhogmheisce go deargmheisce. Bheadh maithiúnas le fáil ag an té a bhfuil ‘suathas maith meisce air’ (pretty drunk, but in a mirthful state), ach mo náire an té a bheadh ‘ar na stuic starthacha ar mire ar meisce’ (uproariously blind drunk).

Dála an scéil, ná lig do ridirí na glan-Ghaeilge ‘béarlachas’ a chur i do leith má tá dúil agat san fhocal ‘leathstróicthe’. Tá half-cut sa Bhéarla ceart go leor, ach tá ‘leathstróicthe’ luaite ag Tomás Ó Máille in An Béal Beo – foinse atá sách údarásach domsa. Cá bhfios nach ar iasacht ón Ghaeilge a fuair fear an Bhéarla é an chéad lá riamh? Bítear fial i dteach an óil.

Íosánach a bhí i Láimhbheartach Mac Cionnaoith, ach níor choisc sin air leathanach iomlán de Foclóir Béarla agus Gaeilge a thabhairt suas don iontráil drunk. Cad chuige a mbeimis i dtuilleamaí ‘tá sé ólta’ nuair atá ‘tá sé ina chamstáca’ ann, agus ‘tá sé ar an asal’ agus ‘tá sé ar na cannaí’ agus ‘tá sé ar a chrampa’ agus ‘tá sé faoi lántseoil’ agus ‘tá sé lán go poll an phaidrín’.

D’fhág cuid de liodán leanna Mhic Cionnaith ag tochas mo chinn mé. B’ait liom, mar shampla, ‘chomh hólta le gadaí’. Nach amhlaidh a chaithfeadh an gadaí a bheith ar a chiall?

Ach ná bac leis sin: ól do sháith, tá plá i gCeanannas.

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Cé a bheadh ‘ólta’ nuair a d’fhéadfadh sé a bheith ‘ina chamstáca’? Tá gá le Foclóir Pótaireachta…'