CATHAL MAC COILLE: Tacaíocht láidir seachas caint atá ag teastáil ó dhaoine aosta ón stát

Mheabhraigh an Daonáireamh dúinn go bhfuilimid go léir ag dul in aois

CATHAL MAC COILLE: Tacaíocht láidir seachas caint atá ag teastáil ó dhaoine aosta ón stát

Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Tá fianaise na bhfigiúirí soiléir. Idir 2011 agus 2016, tháinig méadú 19% ar líon na ndaoine sa stát atá os cionn 65 bliain d’aois. De réir an chuntais a rinneadh ar dhaonáireamh na bliana seo caite, bhí 637,567 duine sa stát anuraidh a bhí os cionn 65 – 102,174 níos mó ná mar a bhí san aoischatagóir chéanna in 2011.

Ní cóir go gcuirfeadh ‘liathadh’ an daonra  iontas ar dhuine ar bith sa tír. Ní tearc na tuairiscí oifigiúla ar an gclaonadh atá romhainn ná ar fheabhsú na seirbhísí tacaíochta atá riachtanach cheana féin. Ní tearc ach oiread na moltaí chun déileáil leis an riachtanas a chuir saineolaithe agus eagraíochtaí éagsúla faoi bhráid choistí éagsúla i dTeach Laighean.

Faraor, feidhmíonn rialtais go minic mar a fheidhmíonn gnáthdhaoine. Cuirtear riachtanais na ré atá romhainn ar an méar fhada. Déantar neamhshuim de gach tuairisc, dá fheabhas í. Seachnaítear ullmhúcháin, cé go dtuigeann daoine stuama gur fearr aghaidh a thabhairt ar ullmhú roimh ré seachas ar ball.

Chuir na figiúirí is deireanaí ó Dhaonáireamh 2016 i gcuimhne do gach Teachta Dála gur mithid aghaidh a thabhairt ar an obair a theastaíonn. Cuirfidh cíoradh na bhfigiúirí bonn láidir faoin athmhachnamh atá idir lámha ag dhá ghrúpa ar leith:

An Tionól Saoránach atá i mbun comhdhála i Mullach Íde ar feadh an deireadh seachtaine agus na dúshláin agus deiseanna náisiúnta a bhaineann le dul in aois á phlé. Sampla de na hábhair atá faoi chaibidil: an córas sláinte, pinsin, cúrsaí taistil, an chabhair a theastaíonn ina dtithe féin ó dhaoine aosta (seachas in ionaid altranais), deiseanna oideachais srl.

Comhairliúchán a d’fhógair an Roinn Sláinte Déardaoin chun tuairimí a fháil ón bpobal (roimh 31 Lúnasa) faoi chóras a chuirfeadh tacaíocht níos fearr agus níos fairsinge ar fáil sa bhaile do dhaoine aosta.

Tá amhras ort, a léitheoir dhil? Tá faitíos ort nach mbeidh de thoradh ar an dá thionscnamh thuas ach dhá thuairisc eile a chaithfear i leataobh, gan aon toradh fónta ar an obair?

Tá d’amhras agus d’easpa muiníne intuigthe. Níl ach gléas amháin ar fáil chun faillí an stáit go dtí seo a leigheas. Vótáil.

D’imigh sin agus tháinig seo, Cás 1,745, 923

Tá geallúint shoiléir a thug Fine Gael roimh an olltoghchán curtha ar neamhní acu.

Sa bhforógra toghcháin a d’fhoilsigh Fine Gael i mí Feabhra anuraidh, gheall an páirtí nach mbeadh an Táille Shóisialta Uilíoch (Universal Social Charge, nó USC) á híoc ag duine ar bith faoi cheann cúig bliana: “ Fine Gael will complete the abolition of the USC by 2021.”

Cháin lucht ceannais agus iarrthóirí an pháirtí an Táille arís agus arís eile le linn an fheachtais. Foilsíodh grianghrafanna de Leo Varadkar agus meirge a raibh ‘Abolish the USC’ scríofa air á iompar aige. Dúirt Simon Harris go raibh aiféala air nach bhféadfaí deireadh a chur le leis an USC go hiomlán go dtí 2021.

Agus anois? D’fhógair an tAire Airgeadais Paschal Donohoe sa Dáil Dé Céadaoin go gcónascfaí an USC le PRSI de réir a chéile. U-chasadh ó gheallúint toghcháin ar léir ó thús nach bhféadfaí í a chomhlíonadh, a thug Piaras Ó Dochartaigh ar an socrú nua..

Dúirt Donohoe leis go raibh Taoiseach nua agus aire airgeadais nua i mbun oibre, agus go raibh sé de cheart acu a meastacháin féin a dhéanamh maidir le polasaithe tábhachtacha.

Focal níor dhúirt an t-aire faoin ngeallúint nár mhair ach 17 mí.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i ar RTÉ Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: Tacaíocht láidir seachas caint atá ag teastáil ó dhaoine aosta ón stát'

  • Mise Áine

    @ Níl ach gléas amháin ar fáil chun faillí an stáit go dtí seo a leigheas. Vótáil.

    Aontaím.