CATHAL MAC COILLE: Ré nua Trump, ré nua an mhargaidh

‘Bíonn Trump ag smaoineamh i gcónaí ar an margadh a theastaíonn uaidh’

CATHAL MAC COILLE: Ré nua Trump, ré nua an mhargaidh

 “Ná tabhair ró-aird ar an gcéad rud a bhíonn le rá ag Donald Trump faoi ábhar ar bith,” a dúirt Jared Bernstein liom.

Is iarchomhairleoir eacnamaíochta sa Teach Bán é Bernstein. Bhí sé ar fhoireann Obama go dtí 2011.

“Bíonn Trump ag smaoineamh i gcónaí ar an margadh a theastaíonn uaidh,” a dúirt sé liom.

“Níl sna briathra is túisce a thagann óna bhéal ach céimeanna i dtreo an mhargaidh a theastaíonn uaidh. Beidh ar gach duine, sna Stáit agus thar lear, dul i dtaithí ar a chur chuige go luath. Cuimhnigh i gcónaí: is tábhachtaí ‘cad a theastaíonn uaidh?’ mar cheist i gcás Trump ná ‘cad atá á rá aige?’”

Is ar aonach na gcapall i mBéal Átha na Sluaighe a chuimhnigh an scríbhneoir seo agus Jared Bernstein ag caint ar an uachtarán nua. Bíonn a fhios ag ceannaitheoirí agus díoltóirí uile na gcapall go ndéantar margadh i gcónaí idir an chéad phraghas a iarrtar agus an chéad phraghas a thairgtear.

Gan dabht, dá mbeadh Donald ag beartú capall a cheannach, is le gearán nó le masla a chuirfeadh sé tús leis an idirbheartaíocht. ‘Féach na cosa cama atá ar an gcapall bocht’ b’fhéidir, nó ‘crú gan tairne air – náire ort!’

Chuirfeadh béasa dá leithéid olc ar mhórán, ach d’fhéadfaí margadh a dhéanamh dá ainneoin.

Fillimis ar na dualgais atá air dáiríre.

Tá uachtarán ag cur faoi sa Teach Bán ó inné nár toghadh riamh mar ionadaí polaitiúil.

Nár ghlac páirt riamh i ndíospóireacht pharlaiminte.

Nár mhol seift pholaitiúil thomhaiste riamh.

Nár dhréachtaigh bille ná polasaí riamh.

Nach raibh freagrach riamh as roinn nó eagraíocht stáit.

Nach bhfuil taithí aige ar aimsiú comhréitigh.

Nách léann leabhair.

Fiú má fhágtar na drochthréithe atá ann mar dhuine (na rachtanna feirge, an bhulaíocht, an drochmheas ar mhná srl) as an áireamh, is léir an fáth gur chuir a theacht i gcumhacht imní ar dhaoine ar fud an domhain. Is léir freisin an chontúirt, mar shampla, dá rachadh a fhearg ó smacht agus é ag déileáil le bagairt núicléach ón gCóiré Thuaidh. Ach ní cóir dearmad a dhéanamh ar an taobh eile dá phearsantacht.

Seo a leanas sampla de chur chuige an uachtaráin nua. Seachtain tar éis dó a bheith tofa mar uachtarán, labhair Donald Trump ar an bhfón le huachtarán Taiwan, Tsai Ing-Wen.

Bhí polasaí seasta ag na Stáit Aontaithe go dtí seo gan Taiwan a aithint mar stát toisc go mbreathnaíonn an tSín ar an oileán mar chuid dá críocha náisiúnta.

Chuir glaoch gutháin Trump míshásamh follasach ar rialtas na Síne agus alltacht ar mhórán i dtíortha eile. Glacadh leis go forleathan go raibh bunpholasaí de chuid Mheiriceá á chasadh bunoscionn ag Trump gan aon mhachnamh ná plé a bheith déanta aige ar an scéal roimh ré.

Go gairid ina dhiaidh sin, thug rialtas Taiwan le fios go mbeadh uachtarán na tíre i Nua-Eabhrac (ar a bealach go Guatemala) i dtús mhí Eanáir agus go mb’fhéidir go mbeadh cruinniú aici le Trump. Níor reáchtáladh cruinniú ar bith eatarthu.

Teastaíonn téarmaí trádála nua leis an tSín, thar aon tír eile, ón Uachtarán Trump agus breathnaítear anois ar a ghlaoch gutháin mar chéim i dtreo an mhargaidh a theastaíonn uaidh. De réir na hanailíse seo, ní raibh athrú mór polasaí á fhógairt aige ach bhí rabhadh á sheoladh go Beijing aige: ‘déan margadh nua le Meiriceá, nó ní bheidh gné ar bith den chaidreamh eadrainn slán.’

Ní fios cén toradh a bheas ar chur chuige an uachtaráin nua. Tá an chontúirt soiléir. Sin ráite, níl dea-thoradh doshamhalta.

Idir an dá linn, ní fada go mbeidh margadh níos mó agus níos tábhachtaí don tír seo á phlé dáiríre. Níl aon chosúlacht idir Donald Trump agus leithéid Theresa May agus Michel Barnier mar pholaiteoirí, ach tá an aidhm chéanna acu:  margadh de chineál nua a dhéanamh.

Agus fearacht gach margadh a dhéantar i mBéal Átha na Sluaighe, athróídh a n-éilimh  sara gcroithfear lámha. Is é sin, más féidir margadh a dhéanamh.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: Ré nua Trump, ré nua an mhargaidh'

  • Eoin Ó Murchú

    Tá an t-alt seo i bhfad níos fearr ná an ceannlíne. Rud beag amháin ámh: Maidir le Coiré Thuaidh dúirt Trump le linn an fheachtais nach cóir dona Stáit Aontaithe an oiread sin airgead a chaitheamh sa taobh sin den domhan, is nach coir dóibh bheith bainteach leis an aighneas idir an dá Choiré agus an tSeapáin. Dúirt sé gur chóir an scéal a fhágáil i lámha an Tríúir. Sea, mhol sé dona Sínigh Kim Jong Un a disappearáil, ach is beag baol go gcuirfidh fearg as smacht e faoin abahr seo.