CATHAL MAC COILLE: ‘Ní ann do Phlean B mar ní ann do Phláinéad B’ – ag tabhairt aghaidh ar Trump

Tá an cinneadh a d'fhógair Donald na díchéille Déardaoin ag cur imní ar mhórán. Ach tá ábhair dhóchais againn dá ainneoin

CATHAL MAC COILLE: ‘Ní ann do Phlean B mar ní ann do Phláinéad B’ – ag tabhairt aghaidh ar Trump

Bhí cíoradh ar thoradh an ráis idir Leo Varadkar agus Simon Coveney beartaithe i gcomhair an cholúin seo go dtí tráthnóna Déardaoin. Ach ansin d’athraigh Donald Trump an léargas idirnáisiúnta agus clár oibre an cholúnaí seo ó bhonn.

Beidh ar an Taoiseach nua, fearacht gach ceannaire rialtais ar domhan, aghaidh a thabhairt ar thionchar an chinnidh a d’fhógair Uachtarán na Stát Aontaithe tarraingt siar ón gcomhaontú aeráide a síníodh i bPáras dhá bhliain ó shin.

Cíorfar cúrsaí polaitíochta abhus anseo i gceann cúpla lá. Idir an dá linn ní cóir neamhshuim a dhéanamh den dochar domhanda as cuimse a dhéanfaidh cúlú an uachtaráin ón gComhaontú. Ach is fiú freisin iarracht a dhéanamh cuimhneamh ar ábhair dhóchais dá ainneoin.

Seo a leanas mar sin deich gcúis mhisnigh atá soiléir cheana féin:

1. Ní chuirfidh cinneadh Trump deireadh le Comhaontú Pháras * toisc nach bhfuil aon amhras ar fhormhór mór na dtíortha faoin riachtanas a bhaineann leis. Shínigh ionadaithe as 195 tír an Comhaontú in 2015, agus tá sé daingnithe ag 148 tír ó shin.

2. Is léir cheana féin go mbeidh tíortha eile ag comhoibriú agus ag cabhrú lena chéile chun aidhmeanna an Chomhaontaithe a chomhlíonadh. Mar shampla, tá dlús á chur leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an tSín, ó thaobh athrú aeráide de, mar gheall ar chinneadh Trump.

3. Tá dlús á chur freisin leis an gcomhthuiscint idir bhallstáit an AE (fág an Bhreatain as an áireamh) toisc go bhfuil an teannas agus an easpa tuisceana idir an Eoraip agus na Stáit ag dul i dtreise in aghaidh an lae beagnach. Beidh an chomh-tharraingt seo riachtanach de réir mar a chuireann an Breatimeacht brú ar struchtúir agus ar gheilleagar an Aontais.

4. Ní féidir a bheith lánchinnte faoi thionchar an athraithe meoin seo ar an AE i gcoitinne. Ach tá seans réasúnta ann go bhfágfaidh sé go mbeidh cóir ghaoithe éigin le hiarrachtaí an rialtais beartas a mholadh a laghdóidh an díobháil a dhéanfaidh an Breatimeacht san oileán seo.

5. Tarraingeoidh an droim láimhe a thug Trump le Comhaontú Pháras aird níos mó abhus, agus san AE b’fhéidir chomh maith, ar na spriocanna a bhaineann le haschur carbóin nár comhlíonadh, agus nach gcomhlíonfar, sa tír seo. Más maith is mithid.

6. Cé go laghdaíonn cinneadh Trump fiúntas an Chomhaontaithe fiche faoin gcéad, tá an fód á sheasamh go láidir ina choinne ag ceannairí Eorpacha. Dúirt uachtarán Macron na Fraince, mar shampla, nach bpléifí comhaontú nua a bheadh níos laige ná an ceann a síníodh in 2015. “Níl plean B ar fáil”, a dúirt sé, “toisc nach bhfuil pláinéad B ar fáil’.

7. Is léir freisin go bhfuil gluaiseacht láidir sna Stáit Aontaithe in aghaidh chinneadh an uachtaráin. Tar éis ráiteas an uachtaráin Déardaoin, d’fhógair méaraí as 68 cathair (ina measc Nua-Eabhrac, Bostún agus Washington DC) go ndéanfaidís gach dícheall chun aidhmeanna an Chomhaontaithe a chur i gcrích.

8. Dúirt Trump Déardaoin: “I was elected by the voters of Pittsburgh, not Paris.” Scríobh méara Pittsburgh tvuít láithreach inar gheall sé go gcomhlíonfaí an Comhaontú sa chathair sin. D’eisigh gobharnóir California Jerry Brown ráiteas den tsórt céanna, agus cinneadh “craiceáilte” Trump á cháineadh aige.

9. Léiríodh drochmheas as cuimse ar shaineolas agus ar shaineolaithe le linn an fheachtais uachtaránachta sna Stáit anuraidh, agus roimh an reifreann ar an mBreatimeacht. Má laghdaíonn tacaíocht Trump, ar léir a aineolas gach uair a labhraíonn sé, líon na ndaoine nach n-éisteann le saineolaithe toisc gur saineolaithe iad, cén dochar?

10. An chúis dóchais is mó. Bhí sotal, aineolas agus féinmheas an uachtaráin chomh soiléir agus a chinneadh faoi Chomhaontú Pháras á fhógairt aige gur spreag sé an ceannlíne ‘TRUMP TO WORLD: DROP DEAD!’ sa Daily News i Nua-Eabhrac Dé hAoine. Tá na fáthanna (a) go mbuafar air i dtoghchán 2020 nó (b) go mbeidh air éirí as oifig roimhe sin ag dul i líonmhaire in aghaidh an lae.

* Is í bhunaidhm Chomhaontú Pháras srian 2°C (dhá chéim Ceinteagrád) a chur ar théamh na cruinne, i gcomparáid lena teocht sa ré réamhthionsclaíoch. Is ar gheallúintí deonacha go laghdóidh tíortha aschur ó bhreosla iontaise (‘fossil fuels) atá an Comhaontú bunaithe. Ainneoin a ndúirt Trump Déardaoin, ní chuireann foráil ar bith sa Chomhaontú iachall ar thír ar bith rud ar bith a dhéanamh.

An dá phríomhgheallúint a thug na Stáit Aontaithe: (1) gur sna Stáit a dhéanfaí fiche faoin gcéad den laghdú iomlán ar aschur ó bhreosla iontaise, agus (2) go gcuirfeadh Washington $3 billiún isteach i gciste a chabhródh le tíortha bochta a n-aschur a laghdú.

Tá téacs agus faisnéis bhreise faoin gcomhaontú ar shuíomh gréasáin na Náisiún Aontaithe (www.un.org).

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTÉ Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: ‘Ní ann do Phlean B mar ní ann do Phláinéad B’ – ag tabhairt aghaidh ar Trump'

  • Braoin Ó Braoin

    …tá súil le Dia agam go bhfágfaidh Sé Cathal ina scríbhneoir de chuid Tuairisc go ceann na mblianta fada amach anseo…

  • Aedín Clements

    Go raibh maith agat as an gcúntas soiléir seo. Beidh mé ag cur brú ar mo chathair féin i Michigan fanacht le aidhmeanna an Chomhaontaithe, agus tá plean ag an gcathair cheana féin, ach é a chur i gcrích.
    Ar ndóigh, tá náire orm, mar atá ar gach aon Mheiriceánach a bhfuil ar aithne agam, faoin gciniúint sin ag an [uachtarán].
    Is maith liom gur leag tú amach na pointí go soiléir.