CATHAL MAC COILLE: Is ar Fhianna Fáil is mó a bheidh brú tar éis lá an Bhuiséid

Léireoidh an Buiséad a fhógróidh Michael Noonan éifeacht an chur chuige nua polaitiúil…nó a mhí-éifeacht

CATHAL MAC COILLE: Is ar Fhianna Fáil is mó a bheidh brú tar éis lá an Bhuiséid

Micheál Martin. Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Ní raibh deis chomh soiléir riamh ag an bhfreasúra brú a chur ar rialtas agus buiséad á dhréachtú.

Ní hionann agus rialtas ar bith a toghadh ó bunaíodh an stát, tá Fine Gael agus na neamhspleáigh atá páirteach sa rialtas leo ag brath go hiomlán ar phríomhpháirtí an fhreasúra leis na beartais a fhógrófar ar an 11 Deireadh Fómhair a chur i gcrích.

Tá 158 Teachta i nDáil Éireann, agus 59 ar a mhéid ag tacú leis an rialtas mionlaigh. Teastaíonn 79 vóta chun rún a rith sa Dáil, is é sin má vótálann gach Teachta i bhfabhar nó in aghaidh an rúin.

Gheall Fianna Fáil tacaíocht do bhuiséid an rialtais má bhíonn a mbeidh iontu ag teacht leis an gcomhaontú a rinne siad le Fine Gael. Tá sé réasúnta soiléir cheana féin go molfaidh Fianna Fáil na beartais atá molta acu féin (mar shampla, ardú ar an bpinsean agus caiteachas breise ar oideachas tríú leibhéal).

Bí cinnte freisin go ndéarfaidh Micheál Martin agus a chomrádaithe nach bhfuil cabhair mar ba chóir á tairiscint do dhreamanna áirithe. Díreach mar a bheidh á rá ag páirtithe eile an fhreasúra, agus iad a vótáil in aghaidh an Bhuiséid.

Dúirt Enda Kenny sa Dáil Dé Céadaoin nach raibh an t-airgead ar fáil chun gach duine a shásamh. Mar is eol do chách. De réir gach meastachán, níl ach thart ar bhilliún euro sa bhreis ar fáil chun caiteachas rialtais a mhéadú nó chun cáin a laghdú. Beidh coibhneas 2/1 idir caiteachas breise agus laghdú ar cháin (agus USC san áireamh) i gceist, de réir an tsocraithe idir FG agus FF.

Dáiríre is ar Fhianna Fáil a bheidh an brú is mó tar éis lá an Bhuiséid. Ní fhógródh Michael Noonan beartas ar bith mura mbeadh sé cinnte roimh ré go vótálfaidh móramh ina fhabhar sa Dáil.

Ach beidh ar Fhianna Fáil rogha a dhéanamh idir tacú leis an mBuiséad ainneoin iad a bheith ag gearán faoi chodanna de nó vótáil ina choinne, rud a chiallódh go mbeadh olltoghchán gan mhoill ann.

Is eol dúinn ar fad, sílim, cén rogha a dhéanfaidh Fianna Fáil. Ach an rachaidh sé chun sochair nó dochair dóibh? Sin scéal eile.

DROIM LÁIMHE LE MOLADH AIRE

Ní de réir an ghnáthnóis a d’fhreagair Enda Kenny ceist faoin gcáinaisnéis a chuir Micheál Martin air sa Dáil Dé Céadaoin.

Thagair a cheist do smaoineamh a scaip an tAire Fostaíochta agus Fiontair Mary Mitchell O’Connor, nó duine éigin a bhí ag labhairt ar a son, leis an Irish Independent. De thoradh an chomhrá, thug tuairisc sa nuachtán sin Dé Mairt le fios go raibh faoiseamh nua cánach beartaithe chun eisimircigh a mhealladh abhaile.

Thug an Taoiseach an gnáthfhreagra ar gach ceist eile faoin mBuiséad. Níl cinneadh ar bith déanta fós ag an rialtas, tá beartais éagsúla molta, roghanna le déanamh…agus mar sin de.

Ach nuair a d’fhiafraigh ceannaire Fhianna Fáil de ar aontaigh sé leis go mbeadh faoiseamh d’eisimircigh míchothrom, dúirt Enda leis láithreach go mbeadh. Gan cur lena ráiteas ná baint de.

Ní fios agus na briathra seo á scríobh cé chomh sásta a bhí Mary Mitchell O’Connor le caint dhíreach an Taoisigh.

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: Is ar Fhianna Fáil is mó a bheidh brú tar éis lá an Bhuiséid'