Cathal Mac Coille: EISIACH! Comhrá eile nach raibh ag Enda le duine ar bith riamh

Samhlaíonn ár gcolúnaí comhrá idir Angela Merkel na dea-chuimhne agus Enda Kenny na droch-chuimhne

Cathal Mac Coille: EISIACH! Comhrá eile nach raibh ag Enda le duine ar bith riamh

Angela Merkel leis an Taoiseach Enda Kenny. Pictiúr: Photocall Ireland David Sleator/The Irish Times

ANGELA: A Thaoisigh, wilkommen in Berlin! Tá fáilte romhat, a sheanchara.

ENDA: Vielen dank, Kanzler. Is mór an pléisiúr é, a Angela, bualadh leat arís.

A: Ja, ja, tá a fhios agam. Ach, más fíor na scéalta, is pléisiúr sa bhreis, nó faoiseamh ar leith duit, do chuairt an babhta seo. Ich bin richtigh?

[Ateangaire: ‘an bhfuil an ceart agam?]

E: Ha ha! Tuigeann tú mo chás, féar plé dhuit, Angela. Chlis ar mo chuimhne beagáinín. Tá gach duine ag magadh fúm sa bhaile, agus ní ar airí rialtais amháin atáim ag trácht.

A: Enda, mein lieber Freund, is féidir leat an fhírinne ghlan a insint anseo. Tá tú i bhfad ó bhaile. Níl duine ar bith ag éisteacht, ach amháin na Rúisigh, b’fhéidir. Cogar, tá tú ag rá gur chum tú scéilín beag?

E: Is ionann labhairt leatsa Angela agus dul ar faoistin. Gabhaim mo leithscéal, tá a fhios agam gur Protastúnach tú…

A: Is fíor duit, níl faoistin againn san eaglais Liútarach, ach tuigim céard atá i gceist agat. Admháil iomlán agus maithiúnas iomlán. Coinnigh ort.

E: Tá an ceart agat. Bím ag smaoineamh uaireanta ar cad is ceannaireacht rialtais ann, ní mar a bhíonn sí dáiríre, ach í mar dhualgas a chomhlíonaim uaireanta i ngan fhios don phobal, ach nach féidir a chomhlíonadh i gcónaí.

A:  Enda stop, das ist zu viel! [ateangaire: tá sé seo iomarcach]. Ní ag labhairt sa Dáil atá tú anois. An fhírinne lom, bitte.

E: Tá fadhb mhór againn leis na póilíní. Chuala tú an scéal?

A: Natürlich.

E: Agus bhí aire nua rialtais ag déileáil le drochscéal nua a chuir go mór le castacht na faidhbe. Bean bhreá, neamhspleách chumasach a rugadh i Meiriceá ach atá ag cur fúithi in Éirinn le fada. Níl lán taithí aici fós ar chúrsaí rialtais, agus ar bhealach bhreathnaigh mé uirthi mar dhalta scoile, agus orm féin mar mhúinteoir ag cuidiú léi.

A: Tuigim a Thaoisigh. Bíonn an múinteoir ina mhúinteoir go deo, mar a dúirt m’athair liom fadó. So, das nächste, was…?

E: D’inis mé scéal le linn agallaimh raidió faoi chomhrá idir mé féin agus an t-aire seo, comhrá nár tharla riamh. Rinne mé cur síos ar an gcomhairle a theastaigh uaim a thairiscint di, ach nár thairg, faraor.

A: Wie schade, Enda bocht. Agus tá tú cráite ó shin?

E: Bhí sé dona go leor ar feadh cúpla lá mar gheall ar an gcontrárthacht idir a ndúirt mise agus ráitis an aire –Katherine Zappone is ainm di, dála an scéil. Ach is in olcas a chuaigh an magadh tar éis dom a admháil nach raibh leagan cruinn den scéal inste agam.

A: Ha ha. Sie-haben keine scham! [ateangaire: ní thagann náire ort riamh!] Ní leagan míchruinn den scéal a d’inis tú, ach finscéal. Cosúil leis an scéal a d’inis tú faoin arm a chur ar dualgas taobh amuigh de na bainc.

E: A Sheansailéir, níl sárú do chuimhne ag aon cheannaire rialtais eile.

A: Enda, cogar, ar smaoinigh tú riamh ar éirí as oifig sara mbéarfar ort is tú i sáinn cheart? Cibé toradh a bheas ar an olltoghchán anseo sa bhFómhar, zwischen uns [ateangaire: eadrainn féin], tá mise ag smaoineamh ar imeacht. Táim tuirseach, agus táim trí bliana níos óige ná tusa, más buan mo chuimhne.

E: Tá tú, a Angela, cé go bhfuil cuma na girsí ort i gcónaí.

A: Enda bitte! Cogar, ba mhaith leat Brexit a phlé arís?

E: Ba mhaith, go raibh maith agat. Mar a dúirt mé le Wolfgang Schäuble sa Bhruiséil an tseachtain seo caite, ní…

A: Enda, ENDA! Éist in ainm Dé. Ní raibh Wolfgang sa Bhruiséil in aon chor an tseachtain seo caite. Bhí sé anseo i mBerlin ag plé cúrsaí na Gréige agus cúrsaí cáinaisnéise liomsa gach lá. Gach lá, verstehen?

[Ateangaire: an dtuigeann tú mé?]

Tost. Ólann Enda braon caife. Breathnaíonn Angela amach trín fhuinneog. Tar éis tamaill, labhrann an Taoiseach arís.

E: Gabhaim mo leithscéal, Angela. B’fhéidir gur ag caint le Hans a bhí mé, ní cuimhin liom a shloinne anois.

A: Enda, mein lieber lieber Freund, níl a leithéid de dhuine is Hans i mo rialtas…

Tost ar feadh i bhfad.

…Tóg go bog é a Thaoisigh. B’fhéidir gur mhaith leat gloine dheas mineralwasser

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTÉ Raidió a hAon.