CATHAL MAC COILLE: Is cosúil ár dTeachtaí Dála nuathofa le scata daltaí scoile ag an gcéilí sa Ghaeltacht…

Ní dóigh lenár gcolúnaí go dtiocfar ar ghnáthchomhréiteach maidir le comhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael. Tá an neamhthoil róláidir sa dá pháirtí, ach is léir don dá pháirtí freisin an riachtanas

File Photo Enda Kenny and Michael Martin Potential Partners in Government.7/11/2012 Childrens Referendums Campaigns. Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenny with Sinn Fein's Caoimhghin O Caolain(3dr R) Minister for Children Frances Fitzgerald and Fianna Fail party leader Micheal Martin during the launch of the Yes for Childrens Referendun campaign bus at Government Buildings. Photo Leon Farrell/RollingNews.ie
Pictiúr: Leon Farrell/RollingNews.ie

Tá ár dTeachtaí Dála nuathofa cosúil le scata daltaí scoile atá ag freastal ar choláiste samhraidh sa Ghaeltacht. Tá sé ráite leo go bhfuil céilí á reáchtáil sa halla. Iad go léir ag freastal, cuid acu go drogallach. Gach duine acu ag cleachtadh roimh ré.

Abair gur ‘Muintir na hÉireann’ ainm an choláiste agus gur ar an 10 Márta a bheas an céilí.

Seo sampla den chomhrá roimh rince:

Muintir na hÉireann: Damhsa Dála anois. Páirtithe, le bhur dtoil. Brostaigí!

Enda: Ba mhaith liom mo mhachnamh a dhéanamh air ar feadh tamaill.

Muintir na hÉireann: Bhuel is fearr machnamh a dhéanamh ná diúltú glan. Maith an buachaill.

Mícheál: Ná breathnaigh ormsa. Tá dualgas damhsa orainn go léir.

Muintir na hÉireann: Tá, gan dabht (cloistear osnaíl). Gerry, céard fútsa?

Gerry: Orthusan atá an dualgas. Níl beirt níos oiriúnaí dá chéile sa halla seo.

Joan: Déanfaidh mé rince amháin. Sin an méid. Táim rólag.

Shane agus a chairde: Táimid ar fáil i gcónaí. Tabhair cuireadh chun rince dúinn am ar bith…

Beidh go leor anonn ‘s anall ar bun idir na páirtithe idir seo agus an chéad chruinniú den Dáil nua ar an 10 Márta. Cloisfear cuid de ar na meáin. Molfar machnamh, measarthacht, freagracht, comhréiteach agus (ar deireadh) cainteanna. Ach ní bheidh sa chaint phoiblí ach geáitsíocht, cosúil leis an gcéad amharc trasna an halla sula n-iarrtar damhsa.

Is tábhachtaí go mór an chumarsáid phríobháideach atá ar bun cheana féin nó a bheas ar bun faoi cheann cúpla lá. Ní fheicfear toradh ar an gcur is cúiteamh rúnda seo ar an 10 Márta ach níl aon amhras faoin bpríomhábhar cainte.

Ní dóigh liom go dtiocfar ar ghnáthchomhréiteach maidir le comhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael. Tá an neamhthoil róláidir sa dá pháirtí. Ach is léir don dá pháirtí freisin an riachtanas.

Teastaíonn margadh de chineál éigin eatarthu a choinneoidh rialtas mionlaigh i réim ar feadh tamaill.

Is é sin mura dteastaíonn olltoghchán eile gan mhoill uathu. Ní theastaíonn.

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: Is cosúil ár dTeachtaí Dála nuathofa le scata daltaí scoile ag an gcéilí sa Ghaeltacht…'