CATHAL MAC COILLE: Comhairle do Theachta Dála nua Fhianna Fáil, seachain!

Tá an ceacht staire soiléir do Stephen Donnelly. Má sheasann tú i dtoghchán tar éis duit aistriú de do dheoin féin ó pháirtí amháin go dtí páirtí eile, seachain!

CATHAL MAC COILLE: Comhairle do Theachta Dála nua Fhianna Fáil, seachain!

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Beidh Stephen Donnelly ag súil le post mar aire má éiríonn le Fianna Fáil dul i gcumhacht tar éis an chéad olltoghcháin eile. Ach ní mór dó féin, agus dá pháirtí nua, a bheith san airdeall san idirlinn.

Dála an scéil, níor shíl mórán, fiú i measc lucht leanúna Fhianna Fáil, go léifidís ‘má’ dá leithéid go deo arís, tar éis do vótóirí léasadh gan trócaire a thabhairt dóibh in olltoghchán 2011.

Ach d’imigh sin agus tháinig seo. Casann gach roth polaitiúil le himeacht aimsire, go mall uaireanta. Nó i gcás Stephen Donnelly, in imeacht bliana.

Stair sholúbthacht Stephen

2011 Toghadh mar Theachta Dála neamhspleách é i gCill Mhantáin.

2015 Bhunaigh sé na Daonlathaigh Shóisialta i dteannta Róisín Shortall agus Catherine Murphy.

2016 Feabhra: choinnigh sé a shuíochán Dála san olltoghchán, mar bhall den pháirtí nua a bhunaigh sé

2016 Meán Fómhair: d’fhág sé na Daonlathaigh Shóisialta.

2017 Feabhra: ghlac Fianna Fáil lena iarratas ar bhallraíocht sa pháirtí, agus tugadh post láithreach dó ar an mbinse tosaigh agus é ina urlabhraí ar chúrsaí Breatimeachta.

Baineadh sult ar chaon taobh i dTeach Laighean as an gcor is deireanaí i saol polaitiúil Stephen Donnelly. Breathnaítear air mar fhear cumasach éirimiúil, ach mar dhuine ar róléir don saol a uaillmhian, agus a mhífhoighne.

Níor cheil sé an díomá a bhí air nuair a dhiúltaigh Róisín Shortall agus Catherine Murphy páirt a ghlacadh sa chomhrialtas a bunaíodh tar éis an olltoghcháin.

Síleadh go mbeadh sé corrthónach sula i bhfad, agus tháinig an tuar faoin tairngreacht tar éis achair ghairid.

Bhí an Daonlathaí Sóisialta ina neamhspleách arís tar éis seacht mí. Tar éis cheithre mhí eile, bhí sé á thionlacan Déardaoin ag Micheál Martin os comhair iriseoirí agus é ina chomhalta nua de Fhianna Fáil.

Ciallaíonn a theacht go Fianna Fáil go mbeidh beirt iarrthóirí ag an bpáirtí i gCill Mhantáin-Ceatharlach Thoir sa chéad olltoghchán eile, Stephen Donnelly agus Pat Casey.

Tá cúig shuíochán sa dáilcheantar faoi láthair. Beirt Teachtaí ag Fine Gael, an tAire Sláinte Simon Harris agus Andrew Doyle. Is ag John Brady ó Shinn Féin atá an suíochán eile.

Tá údar dóchais réasúnta ag Fianna Fáil go mbeidh siad ábalta an dá shuíochán a choimeád sa chéad olltoghchán eile, ach ní gan dua a fhillfidh Donnelly agus Casey ar Dháil Éireann.

Bhí Donnelly chun cinn ar gach iarrthóir eile ar an gcéad chomhaireamh anuraidh agus 20.9 faoin gcéad de na vótaí céad rogha aige. Níor ghnóthaigh Pat Casey ach a naoi faoin gcéad, agus is ar an gcomhaireamh deireanach a toghadh é.

Ní féidir a thuar cén leagan amach a bheas ar an dáilcheantar tar éis don Choimisiún Dáilcheantair na teorainneacha a bhreithniú. Ach beidh dhá chúis imní breise ag an bpáirtí.

Ar an gcéad dul síos, is féidir talamh slán a dhéanamh de nach mbeidh go leor vótóirí a thug tacaíocht do Stephen Donnelly anuraidh toilteanach tacú leis agus é ina iarrthóir ag Fianna Fáil.

Agus ar an dara dul síos? Cuimhnigh ar ar tharla do na hiarTheachtaí Dála seo a leanas tar éis dóibh aistriú ó pháirtí amháin go dtí páirtí eile roimh olltoghchán 2016:

Lucinda Creighton (ReNua), a d’fhág Fine Gael.
Colm Keaveney (Fianna Fáil), a d’fhág an Lucht Oibre.
Chris Andrews (Sinn Féin), a d’fhág Fianna Fáil.

Ach bíonn vótóirí na hÉireann cineálta go leor le Teachtaí Dála a fhágann páirtí le seasamh mar neamhpleáigh. Mar shampla, is mar neamhspleáigh a choinnigh na hiarchomhaltaí seo de pháirtithe éagsúla (idir lúibíní thíos) a suíocháin anuraidh:

Tommy Broughan (Lucht Oibre)
Catherine Murphy (Lucht Oibre, Daonlathas Clé, Páirtí na nOibrithe)
Mattie McGrath (FF)
Denis Naughten (FG)
Shane Ross (FG)
Róisín Shortall (Lucht Oibre)

Tá an ceacht staire soiléir. Má sheasann tú i dtoghchán tar éis duit aistriú de do dheoin féin ó pháirtí amháin go dtí páirtí eile, seachain!

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: Comhairle do Theachta Dála nua Fhianna Fáil, seachain!'

  • Manus

    Cic sa tóin gránna atá anseo dúinne a thogh Stephen Donnelly ; ar mhaithe le tús nua mar a cheap muid. An chéad rud eile ná Beirtí ag seasamh do phost an Uachtaráin.