CATHAL MAC COILLE: Cibé rogha a dhéanfar, beidh ar dhuine éigin íoc as…

Ní chloistear sách minic an fhírinne shearbh faoi chúrsaí airgeadais an Stáit

CATHAL MAC COILLE: Cibé rogha a dhéanfar, beidh ar dhuine éigin íoc as…

John McHale, chathaoirleach ar an gComhairle Fhioscach. RollingNews.ie

An féidir le rialtas breis airgid a chaitheamh gan breis airgid a aimsiú?

Ní féidir ar ndóigh. Ní chloistear an fhírinne shearbh go minic, ach bhí an cur síos a rinne an t-ollamh John McHale ar chúrsaí airgid an stáit ríshoiléir.

Tá deireadh le téarma John mar chathaoirleach ar an gComhairle Fhioscach, a d’fhoilsigh tuairisc inné ar riar airgeadais an rialtais. Ní foláir cuimhneamh gur bunaíodh an Chomhairle le feidhmiú rialacha airgeadais an AE abhus a iniúchadh. Ní foláir do gach ballstát, go háirithe ballstát atá i bhfiacha, aird a thabhairt ar na rialacha agus ar mheasúnú na Comhairle.

Seo mar a mhínigh an tOllamh McHale an fhírinne, de réir mar a chítear í don Chomhairle:

1. Ní bheidh airgead ar bith le spáráil ag an rialtas an bhliain seo chugainn. I bhfocail eile, níl ‘spás fioscach’ ar bith anois ann.

2. Má chaitheann an rialtas breis airgid in 2017 ná mar a beartaíodh sa bhuiséad (ar phá sa tseirbhís phoiblí mar shampla) ní bheidh aon dul as acu ach cáin a ardú nó caiteachas ar rudaí eile a laghdú.

3. Más rogha dá leithéid a dhéanfar, is é is dóichí ná a mhalairt go roghnóidh an rialtas laghdú ar chaiteachas.

4. Má choinnítear an tseirbhís sláinte, seirbhísí poiblí eile agus sochair leasa shóisialta mar atá anois gach bliain, ní bheidh airgead ar bith le spáráil ag an rialtas go dtí 2021.

5. Má théann cúrsaí ar gcúl gan choinne san idirlinn (mar gheall ar Bhreatimeacht, mar shampla), beidh an státchiste faoi bhrú.

I bhfocail eile: i gcás práinne, ní bheidh aon rogha ag an rialtas ach cáin a ardú agus/nó caiteachas a laghdú.

Ní foláir a rá láithreach nach gciallaíonn léargas dearóil John McHale nach mbeidh an rialtas ábalta teacht ar mhionairgead chun déileáil le fadhbanna beaga. Mar shampla, ní theastódh mórán sa bhreis ón státchiste leis an tseirbhís farantóireachta idir Inis Mór agus an mhórthír a choinneáil ar snámh ar feadh an gheimhridh.

Ach ní hacmhainn don stát, dar leis, roghanna crua a sheachaint má bheartaítear mórchaiteachas breise idir seo agus 2021.

Tá ábhar dianmhachnaimh sa chur síos seo do gach duine a bheas páirteach go luath (a) i gcoiste ‘uisce’ nua an Oireachtais agus (b) sna comhráite faoi chúrsaí pá idir an rialtas agus na ceardchumainn sa tseirbhís phoiblí.

Cibé rogha a dhéanfar, beidh ar dhuine éigin íoc as.

Sturgeon sa Seanad

Nicola_Sturgeon_SNP_leader

De ghnáth nuair a thugtar cuireadh do cheannaire rialtais ó thír eile óráid a thabhairt i dTeach Laighean, tugtar bualadh bos ina dhiaidh agus imíonn siad.

Ach nuair a labhair Céad-Aire na hAlban, Nicola Sturgeon le cruinniú den Seanad Dé Máirt, d’fhreagair sí ceisteanna ó Sheanadóirí i ndiaidh a hóráide. Thapaigh 21 Seanadóir an deis.

Dúirt cuid mhór acu léi go raibh súil acu go n-éireodh le feachtas an Pháirtí Náisiúnta (SNP) neamhspleáchas a bhaint amach. Agus ar ndóigh chualathas caint arís agus arís eile ar an gcosúlacht agus ar an gcairdeas fada idir an dá thír.

Ag ócáidí mar seo, téann corrdhuine thar fóir leis an gcaint chairdiúil, mar a rinne an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee ó Fhianna Fáil.

Tá náisiúnachas Nicola Sterling an-chosúil, a dúirt sí, le náisiúnachas na bhfear agus na mban a bhí páirteach in Éirí Amach 1916.

Ní nach ionadh, níor thagair an Chéad-Aire do chomparáid aisteach an tSeanadóra.

Go bhfios dúinn, níl éirí amach ná feachtas míleata beartaithe ag an SNP, ná gluaiseacht rúnda i mbun comhcheilge á ullmhú i ngan fhios dóibh.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.