CATHAL MAC COILLE: Céard atá i gcoitinne ag scéalta an Reifirméisin, Vítneam agus an Bhreatimeachta?

Ní tearc an fhianaise go mb'fhéidir nach mbeidh sé ar chumas Rialtas na Breataine margadh a dhéanamh faoin mBreatimeacht

CATHAL MAC COILLE: Céard atá i gcoitinne ag scéalta an Reifirméisin, Vítneam agus an Bhreatimeachta?

Pictiúr: RollingNews.ie

Glactar leis de ghnáth gur mian le gach rialtas leas a thíre féin a chur chun cinn. Ach uaireanta, ní leas ach aimhleas tíre a dhéantar mar gheall ar chur chuige leanúnach rialtais.

Rinne an staraí  Meiriceánach Barbara Tuchman cur síos ar cheithre shampla de chur chuige leanúnach den tsórt seo ina leabhar The March of Folly a foilsíodh i 1984.

Na samplaí:

1. Cinneadh mhuintir na Traí capall adhmaid na nGréagach a ligean isteach trí gheataí na cathrach.

2. Faillí, sotal agus mí-iompar Phápaí na Róimhe sa tréimhse roimh an Reifirméisean.

3. Faillí, sotal agus lámh láidir na Breataine sa tréimhse roimh Chogadh na Saoirse sna Stáit Aontaithe (1775-83).

4. Faillí, éidreoir agus lámh láidir na Meiriceánach sular díbríodh as Vítneam iad sna 1970í.

Bhí an chontúirt soiléir i ngach cás acusan, dar le Tuchman, agus i ngach cás bhí go leor dea-chomhairle ar fáil do na daráis faoi shlite ina bhféadfaí an tubaiste a bhí ag bagairt orthu a sheachaint. Ach ainneoin gach comhairle agus ainneoin gach fianaise go raibh roghanna contráilte á ndéanamh, leanadar orthu agus a n-aimhleas iomlán á dhéanamh acu.

Tá béim á cur ar an mBreatimeacht arís ag Theresa May i bhfeachtas thoghcháin na Breataine. Ní bheidh rath ar an idirbheartaíocht leis an AE, dar léi mura dtoghfar príomh-aire láidir le móramh láidir parlaiminte san olltoghchán ar an 8 Meitheamh. 

Níl míniú ar bith tugtha fós aici ar an gcineál margaidh a theastaíonn uaithi, seachas caint ghinearálta ar “a good deal for Britain”. Níl aon mhíniú tairgthe aici ach oiread ar a ráiteas “no deal is better than a bad deal”, ná ar an bhfáth go mb’fhearr Breatimeacht crua ná socrú éigin a chuideodh le comhlachtaí na Breataine earraí a dhíol san AE.

Ba léir do mhórán an chontrárthacht idir briathra Theresa May agus a ndúirt an  Rúnaí Breatimeachta David Davis seachtain ó shin faoin toradh a bheadh ar an idirbheartaíocht mura ndéanfaí margadh sásúil leis an AE:

“If we fail, the consequences for working people will be dire,” arsa David Davis. 

Síleadh go dtí seo i mórán tíortha eile gur dhóichí ná a mhalairt go bhfeicfí maolú ar sheasamh righin na Breataine amach anseo. Cloistear caint láidir roimh gach próiseas idirbheartaíochta, a deirtear, ach tagann solúbthacht agus toil chun comhréitigh go barr uisce faoi dheireadh. 

De ghnáth, is mar sin a tharlaíonn. 

Ach ní oireann na focail “de ghnáth” do chás na Breataine faoi láthair.

Taobh amuigh den Ríocht Aontaithe, is léir gur fusa dul i mbun idirbheartaíochta le príomh-aire a bhfuil móramh láidir seasmhach aici. Ach níl aon chosúlacht ar an scéal go n-athróidh toradh an olltoghcháin sa Ríocht Aontaithe tuairim ar bith i mballstáit eile san AE.

Tá May agus airí Briotanacha eile ag caint i gcónaí ar aidhm nach féidir an chuid is mó di a chomhlíonadh: éirí as ballraíocht i gclub agus éirí as íoc na táille ballraíochta, ach sciar mór de na buntáistí ballraíochta a choimeád in ainneoin an imeachta.

Is léir abhus, cé nach n-oireann sé dár rialtas é a admháil fós go poiblí, go bhfuil bearna den tsórt céanna idir aidhmeanna agus féidearthachtaí maidir leis an teorainn.

Más Breatimeacht crua atá romhainn, ní fiú brobh féir ráitis thall ar nós “no return to the borders of the past”.

Ní léir cumas, cur chuige ná toil réitigh a bheith ann i Londain. Ní féidir athrú meoin amach anseo a chur as an áireamh, ach níl an bhearna bhunúsach idir an dá thaobh á tógáil ó thaobh aidhmeanna, sonraí ná easpa tuisceana de.

Dá mbeadh leas iomlán na Ríochta Aontaithe á bhreithniú ar an taobh eile de Mhuir Éireann, mar a dhéantar de ghnáth i ngach tír, d’fhéadfaí a bheith dóchasach go dtiocfaí ar chomhréiteach faoi dheireadh.

Faraor, ní léir go bhfuil.

Dá mbeadh eagrán eile de leabhar Tuchman á scríobh (fuair sí bás i 1989), d’fhéadfaí an Bhreatain a chur san áireamh mar thír a rinne a haimhleas féin san Eoraip, agus a íocfaidh go daor as imeacht. 

Faraor, íocfaimidne go daor as freisin.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTÉ Raidió a hAon

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: Céard atá i gcoitinne ag scéalta an Reifirméisin, Vítneam agus an Bhreatimeachta?'

  • Eoin Ó Murchú

    Tá’s agam go dtugann na foclóirí ‘Reifirméisean’ ar Reformation, ach is focal fíor-ghranna mí-nádúrtha é, agus – imo thuairim – bheadh sé níos fearr an Béarla féin a úsáid nó ‘An tAthchóiriú Eaglaise’ a rá.
    É sin ráite, alt suimiúil atá ann. Ach amháin nach botún ar chor ar bith don Bhreatain cumhacht ar a ngnaithe féin a fháil ar ais ón Eoraip. (Agus sé an tAE atá ag glacadh seasamh righin faoin scéal). Ba chóir dúinne freisin an sampla a leanacht, agus ceannas mhuintir na hÉireann ar an tír seo a fháil ar ais mar a fógraíodh i 1916.