CATHAL MAC COILLE: Ceannlínte nuachta 2017, bliain na héiginnteachta…

Is mairg don té a dhéanfadh deimhin dá bharúil faoi céard a tharlóidh in 2017, ach is níor cheart mórán a chur as an áireamh…

CATHAL MAC COILLE: Ceannlínte nuachta 2017, bliain na héiginnteachta…

17 Márta: Chas an Taoiseach Paschal Donohoe agus an tUachtarán Donald Trump ar a chéile sa Teach Bán i Washington inniu

28 Bealtaine: Tá luach an euro ag titim ó d’fhógair an tUachtarán Marine Le Pen ar maidin go bhfágfaidh an Fhrainc córas an euro ar an 1 Eanáir 2018

16 Meán Fómhair: Dúirt Vladimir Putin gur ordaigh sé d’fhórsaí na Rúise dul thar teorainn isteach sa Laitvia ‘chun an pobal Rúiseach ann a chosaint’

B’fhéidir go mbreathnófar amach anseo ar thairngreachtaí nuachta mar atá thuas mar thaom áiféise a bhuail duine ag deireadh na bliana 2016. Níl ach freagra réasúnta amháin ar lucht an amhrais. Cuimhnigh ar an tairngreacht a rinne Nate Silver in 2015.

Cé hé Nate Silver? Ollamh Meiriceánach a bhfuil meas air go forleathan sna Stáit mar fhear a dhéanann cíoradh oibiachtúil ar phobalbhreitheanna. Ach féach a ndúirt sé in 2015 agus é ag cur síos ar iarracht Donald Trump ar ainmniúchán na bPoblachtánach do thoghchán na huachtaránachta a fháil:

Our emphatic prediction is simply that Trump will not win the nomination.’*

Agus tuairimí faoina bhfuil romhainn in 2017 á bplé anseo, bíodh tuairimí Silver agus a leithéidí mar fhainic againn. Sin ráite, ar a laghad tá bunús réasúnta leis na tuairimí seo a leanas. (Tá bunús réasúnta fúthu faoi láthair, pé scéal é…)

1. Beidh léargas polaitiúil agus eacnamaíochta na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh níos soiléire ó mhí an Mhárta, nuair a chuirfidh rialtas na Breataine iarratas foirmiúil Brexit chun na Bruiséile.

2. Neartóidh an t-iarratas ar imní agus ar ghruaim i ngach cuid den AE, agus in Éirinn go háirithe. Ní léir go bhfuil seans ar bith gur féidir teacht ar chomhréiteach idir an Ríocht Aontaithe agus na ballstáit atá ar aon tuairim faoi shaorghluaiseacht daoine, earraí, caipitil agus seirbhísí.

3. Ní hionann sin agus a rá nach ndéanfar margadh idir an dá thaobh uair éigin amach anseo. Sa ghearrthéarma ar a laghad, áfach, tá dúshlán an AE tugtha ag an mBreatain. Níl aon dul as ag an gcuid eile den Aontas ach an fód a sheasamh ina coinne.

4. Má bhuann Marine Le Pen toghchán uachtaránachta na Fraince i mí na Bealtaine, cuirfear tús lé ré chorraitheach nua i stair an AE ar dhóigh nach féidir a thuar go cruinn. Ach ní bheartóidh sí ‘Fraincimeacht’ cosúil le Breatimeacht, toisc go mbreathnaíonn muintir na Fraince orthu féin mar Eorpaigh.

5. Tairngreacht: ní thoghfar Marine Le Pen mar uachtarán. Toghfar an coimeádach François Fillon sa dara babhta vótála le cabhair vótóirí nach n-aontaíonn leis ach ar láidre a ndrochmheas ar Le Pen.

Gan dabht, is léir don scríbhneoir seo an baol go mbeidh an tairngreacht seo chomh lochtach leis an gceann a rinne Nate Silver bocht (féach thuas).

6. Tairngreacht eile: beidh deireadh le ré Enda Kenny mar Thaoiseach roimh dheireadh na bliana. Mar is eol do chách, is iad Leo Varadkar agus Simon Coveney na príomhiarrthóirí chun dul i gcomharbacht air, ach ná cuir Paschal Donohoe as an áireamh.

7. Tairngreacht amháin eile: fé cheann bliana beidh an tseirbhís sláinte agus cúrsaí tithíochta ag cur an oiread céanna imní agus feirge ar dhaoine (nó níos mó feirge agus imní).

8. Is léir cheana féin nach leor caiteachas breise an rialtais ar an tseirbhís sláinte chun freastal ar othair nua ná chun ciorrú suntasach a dhéanamh ar na liostaí feithimh.

Níltear in aon ghaobhar ach oiread do réiteach a fháil ar an ngéarchéim tithíochta, ainneoin beartais éagsúla a d’fhógair an rialtas le cúpla mí.

Tá bliain mhór éiginnteachta romhainn. I Washington, ón 20 Eanáir amach, a bheidh an t-údar éiginnteachta is mó againn. Cá bhfios cén dochar, nó cén tairbhe theoranta, b’fhéidir, a dhéanfaidh sé dá thír agus don domhan uilig in 2017?

* Is anseo ar an líonláithreán a bhfuil sé ina phríomheagarthóir air a chuir Nate Silver a thuairim róchinnte i gcló.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: Ceannlínte nuachta 2017, bliain na héiginnteachta…'