CATHAL MAC COILLE: Cás na hÉireann agus Brexit – níl aon réiteach bog ar na cruacheisteanna

Tá saothar fada achrannach roimh airí ar an dá thaobh de Mhuir Éireann sula mbeidh aon socrú ann faoi Brexit, bíodh sé ina Brexit ‘bog’ nó ‘crua’

CATHAL MAC COILLE: Cás na hÉireann agus Brexit – níl aon réiteach bog ar na cruacheisteanna

Tá Michael Noonan i Londain inniu chun Brexit (nó Breatimeacht más fearr leat an leagan Gaeilge) a phlé le hairí rialtais thall.

Tá saothar fada achrannach roimh airí ar an dá thaobh de Mhuir Éireann sula mbeidh an socrú iar-imeachta soiléir. Faraor, ní féidir tús fiúntach a chur leis an obair ar dhá chúis.

1. Ní léir fós cén uair a chuirfidh an Ríocht Aontaithe iarratas foirmiúil chun na Bruiséile faoi imeacht, mar a theastaíonn de réir Airteagal 50 de Chonradh an AE.

2. Ní heol do dhuine ar bith fós cén cineál caidrimh iar-imeachta leis an AE a theastaíonn ón Ríocht Aontaithe.

Cúpla lá roimh an reifreann ar Bhreatimeacht ar an 23 Meitheamh, dúirt státseirbhíseach sinsearach i mBaile Átha Cliath leis an scríbhneoir seo go mbeadh fadhb mhór amháin le réiteach dá vótálfaí thall i bhfabhar scaradh ón Aontas Eorpach.

Níl tuairim ag an dream atá i bhfabhar imeachta céard a theastaíonn uathu má éiríonn leo. Dá bhrí sin, ní léir dúinne cén cineál socrú a d’fhéadfaí a dhéanamh leo, má vótálann siad i bhfabhar imeachta.”

Tá an ráiteas thuas chomh bailí agus chomh fírinneach anois agus a bhí sé trí mhí ó shin. “Brexit means Brexit,” a dúirt Theresa May nuair a ceapadh ina príomh-aire í. Níl barúil againn fós cén chiall a ba chóir a bhaint as a ráiteas, seachas ciall chiorclach.

Deir tuairiscí ón mBruiséil, rinne ionadaithe na Breataine iarracht margadh iar-imeachta a phlé roimh ré lena gcomhghleacaithe san AE. Dúradh leo arís agus arís eile nach bpléifí na sonraí in aon chor leo go dtí go dtosódh an plé dáiríre.

D’fhéadfaí a bheith níos dóchasaí mar gheall ar theacht ar chomhréiteach idir an dá thaobh, a laghdódh an dochar a dhéanfaidh Brexit, murach an bhearna eatarthu maidir le cúrsaí inimirce.

Ní fiú a bheith ag caint ar shocrú iar-imeachta a shásódh rialtas ar bith sa Bhreatain mura mbeadh cead srian a chur le hinimirce ón AE mar chuid de. Ní fiú a bheith ag caint ar shocrú a shásódh gach ballstát san AE (mar atá riachtanach de réir Chonradh na hEorpa) mura mbeadh saorchead taistil agus cónaithe mar chuid de.

Ní léir dóigh ar bith leis an dá thrá sin a fhreastal, ná le teacht ar chomhréiteach eatarthu, mar a dheimhnigh a ndúirt príomh-airí éagsúla ó oirthear na hEorpa tar éis chruinniú mullaigh an AE sa Bhratasláiv.

Ar fhaitíos na míthuisceana, dúirt príomh-aire na Slóvaice Robert Fico thar ceann cheithre bhallstát:

Mura mbeidh barántas ar fáil go mbeidh daoine ar chomhchéim, cuirfimid veto ar chomhaontú ar bith idir Aontas na hEorpa agus an Bhreatain. Sílim go bhfuil a fhios ag an mBreatain nach nglacfaimid le comhréiteach ar bith maidir leis an ábhar seo.

Dúirt Enda Kenny Dé Céadaoin gur shíl sé go gcuirfeadh an Bhreatain tús foirmiúil leis an bpróiseas imeachta i mí Eanáir nó i mí Feabhra in 2017. Is ina dhiaidh sin a léireofar cé mar is féidir, nó an féidir, teacht ar shocrú Angla-Éireannach chun teorainn ‘chrua’ a sheachaint.

Níl aon amhras ar phríomhthráchtaire eacnamaíochta an Financial Times, Martin Wolfe, faoin toradh a bheas ar na comhráite leis an AE.

Brexit ‘crua’ nó scaradh iomlán atá romhainn, dar leis, toisc nach bhfuil socrú ‘idir-eatarthu’ indéanta.

Ní féidir a bheith cinnte go mbeidh na rialtais i mBaile Átha Cliath agus i Londain ábalta na socruithe thuaidh-theas, agus thoir-thiar, a oireann dóibh araon, a chosaint go hiomlán.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ I lathair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: Cás na hÉireann agus Brexit – níl aon réiteach bog ar na cruacheisteanna'