CATHAL MAC COILLE: Bímis imníoch faoi Brexit, ach ní ró-imníoch…

Tá cuid dá bhfuil ráite faoi Brexit ag polaiteoirí thall cosúil leis an gcaint a chloisfear ag aonach capall Bhéal Átha na Sluaighe as seo go deireadh na seachtaine

CATHAL MAC COILLE: Bímis imníoch faoi Brexit, ach ní ró-imníoch…

De réir a chéile, tá gach duine a bheas páirteach san idirbheartaíocht á searradh féin. Chuir ráiteas Theresa May, gur san earrach a chuirfear fógra foirmiúil imeachta chun na Bruiséile, i gcuimhne do chách go mbeidh Brexit á phlé dáiríre i gceann sé mhí.

Le linn chomhdháil na gCaomhach, mheabhraigh a ndúirt airí éagsúla sa Bhreatain dúinn nach féidir a bheith cinnte go dtiocfaidh saorchead taistil, oibre agus cónaithe idir an dá thír slán ón margadh cinniúnach a dhéanfar.

Mar shampla, dúirt an rúnaí gnóthaí baile, Amber Rudd leis an gcomhdháil go gcuirfí iachall ar chomhlachtaí liostaí a choinneáil amach anseo ina mbeadh cuntas ar líon na n-oibrithe ón iasacht a bheadh ag obair sa chomhlacht. An aidhm? A dheimhniú nach mbeadh postanna á gceilt ar oibrithe na Breataine.

Fág i leataobh an teannas agus an t-eascairdeas a spreagfadh liostaí dá leithéid (liostaí neamhoifigiúla ar na meáin shóisialta, mar shampla) dá rachfaí chun cinn leo. An mbeadh Éireannaigh san áireamh mar eachtrannaigh agus an cuntas á dhéanamh? Freagra níor thug Amber Rudd, ná aire ar bith eile.

Níl i gceisteanna mar seo ach samplaí den éiginnteacht a bheas ag bagairt orainn ar feadh dhá bhliain go leith ar a laghad. Ní hamháin nach féidir a bheith cinnte go n-aimseofar réiteach sásúil faoi dheireadh, níltear cinnte conas a aimseofar réiteach sásúil.

Cén fáth? Ní bheidh rialtais na hÉireann agus na Breataine ar comhchéim agus socruithe a d’oirfeadh dóibh araon á bplé idir ionadaithe an AE agus na Breataine. Beidh cead a gcinn ag rialtas na Breataine a rogha socruithe a mholadh agus a chur i bhfeidhm. Beidh ar ár rialtas géilleadh do shrianta dlíthiúla agus polaitiúla an AE agus socruithe thuaidh-theas agus Angla-Éireannacha á gcur chun cinn acu.

Beidh deis ag polaiteoirí, lucht gnó agus eagraíochtaí eile ón dá chuid den oileán Brexit nó Breatimeacht a phlé lena chéile an mhí seo chugainn.

2 Samhain: reáchtálfaidh an rialtas fóram sibhialta chun éisteacht le tuairimí éagsúla faoin dóigh inar chóir Brexit a láimhseáil. Níl an tinreamh socraithe fós, ach beidh cead cainte ag údaráis áitiúla, lucht gnó, ceardchumainn agus ollscoileanna, chomh maith leis na príomhpháirtithe thuaidh agus theas.

Dúirt Céad-Aire an Tuaiscirt, Arlene Foster nach mbeadh sí i láthair.

16 Samhain: reáchtálfar cruinniú den Chomhaire Airí Thuaidh-Theas. Beidh Arlene Foster i láthair. Cé nár cheil Foster a neamhthoil ó thús freastal ar chruinniú Uile-Éireann ar bith eile chun Brexit a phlé, tá ábhar réasúnta gearáin aici. Is i ráitis phoiblí, seachas i gcomhráite príobháideacha, a chuir an rialtas i mBaile Átha Cliath gach cuireadh chun cainte chuici go dtí seo.

Maidir leis an toradh a bheas ar na comhráite faoi dheireadh, is léir na hábhair imní ach ní foláir gan dul thar fóir leis an imní chéanna go fóill.Tá ráitis Theresa May agus a rialtas faoi Bhreatimeacht cosúil faoi láthair leis an gcaint a chloistear ó cheannaire ceardchumainn nó ó fhostóir, sula dtosaíonn idirbheartaíocht dáiríre.

Tá cuid dá bhfuil ráite ag polaiteoirí thall cosúil leis an gcaint a chloisfear ó gach duine a bheas ag díol nó ag ceannach capaill i mBéal Átha na Sluaighe as seo go deireadh na seachtaine.

Iarrtar praghsanna áiféiseacha ar chapaill go minic sula ndéantar margadh. Cuirfear cuid den áibhéil a chualamar ó rialtas na Breataine le cúpla lá i leataobh san idirbheartaíocht chasta atá romhainn.

Is é sin, más margadh seachas raic a theastaíonn uathu.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.