CATHAL MAC COILLE: An mairfidh an chomhthuiscint nó an baol don lár?

An Lár i mbun rialtais –  an chomhthuiscint idir Fine Gael agus Fianna Fáil

CATHAL MAC COILLE: An mairfidh an chomhthuiscint nó an baol don lár?

Michael McGrath/Paschal Donohoe. Pictiúr: Sam boal/Rollingenws.ie

Bhí an Dáil níos ciúine ná mar a bhí le deich mbliana ar a laghad le linn óráidí an Bhuiséid Dé Máirt.

Ba léir do chách an phríomhchúis.

Níor thug aire airgeadais ar bith óráid cháinaisnéise, ó thosaigh an geilleagar agus an státchiste ag titim as a chéile in 2008, gan Teachtaí ar an taobh eile den Dáil a bheith ag béicíl, ag magadh agus ag cur isteach ar an aire ó thús go deireadh.

Ach bhí dea-bhéasa i réim Dé Máirt. Is é sin, má fhágtar eisceacht amháin as an áireamh. Bhí an oiread monabhair agus comhráite príobháideacha le cloisteáil le linn óráid an aire Paschal Donohoe nach raibh aon dul as ag gCeann Comhairle Seán Ó Fearghaíl ach ‘a little silence’ a iarraidh.

Ní theastaíonn fiosrú mór chun teacht ar an bhfáth go raibh an t- athrú meoin chomh follasach. Dheimhnigh an comhréiteach iarthoghcháin idir Fine Gael agus Fianna Fáil nach mbeadh an gnáth-achasán agus fonóid le cloisteáil.

Léirigh an tost freisin téagar na comhthuisceana idir an dá phríomhpháirtí. Thagair Paschal Donohoe don chomhthuiscint go hindíreach agus críoch á cur aige lena óráid. Dar leis gur thaispeáin beartais an bhuiséid go raibh sé ar chumas na ndaoine atá i lár báire sa saol polaitiúil tarraingt le chéile.

Thaispeáin an buiséad freisin, dar leis, go raibh ar a gcumas an fód a sheasamh agus fás chomh maith. Bhí a ráiteas chomh tábhachtach, dar leis an scríbhneoir seo, gur fiú a ndúirt Paschal Donohoe faoin gcomhthuiscint nua seo le sean-naimhde Fhine Gael a léamh sa mBéarla inar dhúirt sé é. Tá sliocht as i gcló thíos*.

Bhí aisfhreagra Fhianna Fáil chomh suntasach céanna. Tá sliocht as a ndúirt urlabhraí airgeadais an pháirtí Michael McGrath thíos**  (is féidir teacht tar an dá óráid iomlán ag www.oireachtas.ie).  Dar leis go bhfuil dualgas ar pholaiteoirí, atá sa lár ó thaobh tuairimí de, comhoibriú lena chéile.

Ní ar an eite chlé ná ar an eite dheas atá tuairimí mhóramh an phobail, a dúirt McGrath. Is daoine measartha a mbunús, a dúirt sé, atá ag iarraidh cur chuige stuama polaitiúil ar mhaithe leis an leas coitinn.

Ar ndóigh, ní aontóidh gach léitheoir le hardmheas na beirte ar a chéile agus ar a bpáirtithe. Ach tá mianach suntasach machnaimh faoin léargas polaitiúil sa dá óráid.

Ní raibh Fine Gael agus Fianna Fáil ar aon tuairim faoi gach beartas a fógraíodh sa bhuiséad. Dhiúltaigh Fine Gael, mar shampla, d’iarratas FF go dtairgfí lacáiste cánach do chéad-cheannaitheoirí tithe athláimhe chomh maith le ceannaitheoirí tithe nua. Ach bhí an comhoibriú níos soiléire ná riamh. 

Moltar stuaim agus comhoibriú polaitiúil go minic. Ach dúisíonn comhthuiscint na bpríomhpháirtithe deiseanna agus dainséir dóibh araon.

Rachaidh sé dian orthu mar shampla a chur ina luí ar vótóirí roimh an gcéad olltoghchán eile nach rachadh comhthuiscint eile chun tairbhe don tír ina dhiaidh.

Agus ní gan dua a bheidh na príomhpháirtithe ábalta iad féin a chosaint go héifeachtach ó ionsaithe Shinn Féin agus an AAA/PBP go háirithe. Buille faoi thuairim faoin gcineál ceist chrua a chuirfidh siadsan ar Fhianna Fáil agus ar Fhine Gael:

Nár sheachain sibh athruithe bunúsacha polasaí a theastaíonn chun déileáil le fadhbanna sláinte, mar shampla, nó tithíocht?

An bhfuil aon difríocht eadraibh dáiríre?

Nach léir, a déarfar, nach bhfuil sa teannas eadraibh idir seo agus an chéad olltoghchán eile ach cogadh na mbó maol? 

* Sliocht as an óráid a thug Paschal Donohoe sa Dáil Dé Máirt:

Those of us in the middle ground of politics have a duty to show that co-operation and consensus can work; to show that our tone can be moderate, but still convincing; and to show that things will not just fall apart and the centre can and will hold, stay firm and will grow.

**Sliocht as an óráid a thug Michael McGrath sa Dáil Dé Máirt:

 When one looks at the alternative, one realises just how vital it is that the centre holds. Most people in Ireland are not on the hard left or extreme right; they are moderate, fair-minded people who want to see their politicians act sensibly and for the common good.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: An mairfidh an chomhthuiscint nó an baol don lár?'