CATHAL MAC COILLE: An fiú breathnú ar fhíseán seachtainiúil an Taoisigh?

Cuireann ár gcolúnaí go leor ama amú ag breathnú ar fhíseáin ar líne, ach an fiú am a chaitheamh ag féachaint ar fhíseáin sheachtainiúla Leo Varadkar?

CATHAL MAC COILLE: An fiú breathnú ar fhíseán seachtainiúil an Taoisigh?

Faoistin, i dtosach. Cuireann scríbhneoir an cholúin seo am amú ag breathnú ar fhíseáin, rómhinic faraor. Físeáin ghairide go háirithe, ar Twitter go háirithe, agus ainneoin cúraimí tábhachtacha eile go háirithe.

Na hábhair? Idir throm agus éadrom, mar is léir ón liosta samplach seo. Trump ag maslú Hillary arís. Cait ag súgradh. Polaiteoirí ag argóint. Gaiscí spóirt. Óráidí Dála. Radharcanna deasa ar Bhealach an Atlantaigh Fhiáin. Giotaí nuachta, ar ndóigh. Samplaí neamhghnácha de chineáltas an chine dhaonna. Agus go leor eile nach gá a áireamh anseo.

Ní haon údar mórtais é an oiread ama a bheith curtha amú lena leithéid. Go háirithe nuair atá ábhar ar líne ar fiú breathnú air mar chuid den ghortghlanadh a theastaíonn sula scríobhtar an colún seo. Físeáin Leo Varadkar, fiú amháin.

Tá físeán seachtainiúil á eisiúint ag an Taoiseach le trí mhí, mar fhorbairt ar na ráitis sheachtainiúla i gcló a bhíodh á n-eisiúint ag Enda Kenny roimhe. Is féidir breathnú ar fhíseáin Leo Varadkar ach iad a lorg ar a chuntas Twitter (@campaignforleo), ar facebook Fhine Gael, nó ar shuíomh gréasáin Fhine Gael.

Dúirt Leo Varadkar sa chéad fhíseán a d’eisigh sé ar an 7 Iúil, go ndéanfadh sé cur síos ann ar a shaothar féin mar Thaoiseach agus ‘ar shaothar tábhachtach rialtais ar bhur son’. Mhair an chéad fhíseán cúig nóiméad, ach tá a chur síos ag dul i ngiorracht le tamall. Níor mhair caint na seachtaine seo caite ach trí nóiméad.

Tá cur síos iomlán ar na hábhair a luaigh an Taoiseach sa liosta seo a leanas.

– Cruinniú leis an gcoimisinéir Eorpach Phil Hogan, gan aon fhaisnéis a thabhairt faoi.

– Cruinniú le seansailéir na Breataine, gan aon fhaisnéis a thabhairt faoi.

– Cruinniú a bhí ag an rialtas le heaspaig Chaitliceacha, gan aon fhaisnéis a thabhairt.

– Seirbhís aeir nua idir Baile Átha Cliath agus Hong Cong – ‘dea-scéala’.

– Cead pleanála don Ospidéal Máithreachais Náisiúnta.

– Cainteanna i Stormont: comhréiteach de dhíth seachas daingniú ar sheasaimh Shinn Féin agus an DUP.

– Easpa tithíochta agus dídine: tá dlús á chur le tógáil tithe sóisialta, dar leis, ach tá sé dian ar an rialtas an lámh in uachtar a fháil ar an bhfadhb toisc go bhfuil dídean á cailliúint ag daoine gach seachtain.

– Cruinniú leis na húdaráis áitiúla á reáchtáil an tseachtain seo ag an aire tithíochta Eoghan Murphy, chun beartais thithíochta nua a phlé.

– Cuairt ar Chiarraí (a) chun fód a iompú ar ionad tógála scoile i Lios Tuathail, (b) chun maoiniú do thógáil 56 teach sóisialta a fhógairt i dTrá Lí, agus (c) chun freastal ar dhinnéar Fhine Gael mar ómós don iarTheachta Dála Jimmy Deenihan.

Ní foláir nóta a chur anseo mar aguisín leis an liosta thuas. Ní raibh aon tagairt i bhfíseán an Taoisigh don bheirt gan dídean, Stephen Watson agus Danielle Carroll, a fuair bás cúpla lá sular labhair sé Dé hAoine seo caite. Thángthas ar chorp mná eile a bhí gan dídean, Jennifer Dennehy, i gCorcaigh Dé Sathairn.

Is féidir físeáin mar seo a mheá ar dhá bhealach. Tá siad á n-eisiúint mar chuid de chur chuige nua cumarsáide atá beartaithe ag Leo Varadkar. Tá stiúrthóir nua cumarsáide John Concannon (a bhí i gceannas ar fhógraíocht Bhealach an Atlantaigh Fhiáin agus tograí éagsúla eile roimhe seo) ceaptha aige leis an straitéis nua a threorú.

Bí cinnte go gcuirfidh an freasúra go leor ceisteanna ar an Taoiseach sa Dáil go luath maidir le maoiniú agus maidir le fiúntas na straitéise seo.

Ach is léir cheana ceist bhunúsach a dhúisíonn na físeáin. Cé mhéad duine, seachas na dílseoirí is dílse ina pháirtí féin, a thabharfaidh aird ar fhíseán ina molann sé a shaothar féin agus saothar an rialtais, agus ina seachnaíonn sé ábhair nach n-oireann dá chás?

Ar an taobh eile den scéal, is féidir dhá cheist réasúnta eile a chur. Cén dochar a dhéanfaidh eisiúint na bhfíseán? Níl ann ach leagan nua-aimseartha den fhéinchosaint ar dlúthchuid den pholaitíocht í. Ní cóir mar sin Leo Varadkar a cháineadh toisc gur mian leis labhairt gan polaiteoir ná iriseoir ná duine ar bith eile a bheith ag cur isteach air agus á cheistiú.

Ach mura bhfuil ach dílseoirí an Taoisigh ag breathnú orthu, an fiú na físeáin a eisiúint, go háirithe má fhágann siad gur féidir a chur i leith an chainteora go bhfuil sé ag seachaint fadhbanna crua?