Cathair mar a tuairisc í…

Ceardaithe maithe atá taobh thiar de A Most Violent Year, cé go n-imíonn sé ar bhóiléigear ábhairín mar scannán

amvy_day6-219.CR2

A Most Violent Year

Stiúrthóir: J.C Chandor

Cliar: Oscar Issac, Jessica Chastain, David Oyelowo, Albert Brooks

Ba chathair shuaite, ghruama, fhoréigeanach í Nua Eabhrac i ndeireadh na seachtóidí agus tús na n-ochtóidí. Bhí slad á dhéanamh ag na buíonta coirpeach (na Westies in measc). Bhí géarchéim fhioscach ann i 1975. I 1977 bhí an chathair ina chíor thuathail nuair a bhí sí gan chumhacht ar feadh lae. Bhí Son of Sam i mbun maraithe an bhliain chéanna, bhí an geilleagar ag teip, lucht na meánaicme ag tabhairt na gcos leo chuig na bruachbhailte agus slad á dhéanamh ag cnagchócaon agus hearóin.

Ba chathair mar a tuairisc í.

Bhí an choiriúlacht in airde láin i mbliain an teidil, 1981, tráth a dúnmharaíodh 1,826 duine (328 a dúnmharaíodh anuraidh). Scroicheadh buaicphointe coiriúlachta eile i dtosach na nóchaidí ach cuimhnítear ar ar na seachtóidí/ochtóidí mar cheann de na tréimhsí is duairce, is gruama agus is dainséaraí i stair na cathrach. Deirimse Gotham City leat.

Thug scannáin cosúil le Death Wish (1974), Taxi Driver (1976), and Escape From New York (1981) léamh an chultúuir choitinn ar an tréimhse. Ithir mhéiniúil don scríbhneoir/stiúrthóir samhlaíoch le dul ag treabhadh inti.

Ní cathair mar a tuairisc í an scannán ar shlí. Bhí uisce lenár bhfiacla againn agus sinn ag súil le táirge foréigeanach, corraitheach cosúil le Casino (1995) nó dá mbeadh an t-ádh linn, saothar a bheadh inchurtha le Goodfellas (1990).

Ní hamhlaidh atá, áfach. Is saothar machnamhach, aigneolaíoch atá anseo a bhogann ar aghaidh ar a bhogstróc, a bhaineann macalla as radharcanna teaghlaigh na Sopranos ar uairibh.

Is inimirceach é Abel Morales (Isaac) a bhfuil a chomhlacht seachdta/díolta ola aige agus a bhfuil a chóta bán déanta. Teastaíonn uaidh forbairt, áfach, agus luíonn amach air féin ó thaobh an airgeadais le paiste talún cois farraige a cheannach.

I rith an ama tá ionsaithe á ndéanamh ar a lorraithe agus an ola á ghoid. Ní nach ionadh, síneann sé méar i dtreo a chéilithe comhraic a bhfuil boladh na camastaíle uathu ar fad, agus uaidh féin go deimhin mar go bhfuiltear i mbun fiosraithe faoina gcleachtais ghnó.

Cuirtear ina luí orainn gur fear macánta, díograiseach é atá i ngreim an dá bhruach agus é ag iarraidh a shaol agus a ghnó a tharrtháil fad is atá an chathair faoi bharr lasrach.

Léirítear é mar fhear nach bhfuil in ann an práta beag a shnáthadh leis an bpráta mór, nó nach dteastaíonn uaidh. Déanann Issac, a charachtar, a ionramháil ar a dhícheall ach ar an drochuair is carachtar patuar é ar uairibh. Tá a bhean chéile (ar de bhunadh na mbithiúach í) á ghríosadh à la Lady Macbeth agus tugann Chastain taispeántas cumasach uaithi.

Is é Chandor a sholáthraigh an scéal/scríbhinn agus is léir ó Margin Call (2011) gur ceardaí faoi leith é a thuigeann atmaisféar an teannais agus atá in ann scéal a bhaint as an neamh-mheabhair.

Bímid ag fanacht leis, agus lena phríomhcharachtar, an cárta cúil a thaispeáint, ach ní tharlaíonn sin agus fágtar sinn le deireadh díbheo agus ábhairín seanchaite.

D’imigh sé ar bhóléigear ábhairín mar sin. Níor éirigh leis buaicphointí aicsin, foréigin agus carachtrachta Casino/Goodfellas a bhaint amach agus ní dhéantar an caidreamh baile agus an choimhlint aigneolaíoch a ionramháil chomh cumasach céanna le The Sopranos.

 

Fág freagra ar 'Cathair mar a tuairisc í…'