Cathair dhátheangach mar a tuairisc í…

Chuir dátheangachas éasca, gan stró mhuintir Miami gliondar ar ár gcolúnaí

IMG_0973

Chríochnaigh mo thuras timpeall na Stát Aontaithe san áit ar thosaigh sé, i gcathair nach mbeinn tar éis cuimhniú cuairt a thabhairt uirthi go brách murach gurbh ann a d’fhág m’eitilt abhaile: Miami.

Seachas lá nó dhó ag siopadóireacht i meal ollmhór éigin ní raibh súil agam le mórán; is éard a fuair mé ina ionad ná eispéireas cultúrtha agus teanga nach raibh coinne ar bith agam leis.

Den chéad uair i mo shaol, bhí mé i gcathair dhátheangach dháiríre. Is í an Spáinnis, ar ndóigh, a chloistear ar shráideanna geala, glana Miami i dteannta Bhéarla na Stát Aontaithe. 

Cinnte, bhí a fhios agam gur le himpireacht na Spáinne Florida tráth agus go bhfuil an Spáinnis á labhairt ag dream amháin nó eile sa stát le nach mór cúig chéad bliain anuas. Cinnte, bhí a fhios agam gur thug os cionn céad míle Cúbach nach raibh sásta maireachtáil faoi réimeas Castro aghaidh ar chósta Florida i mbáid bheaga sna seascaidí, sna seachtóidí agus sna hochtóidí. Cinnte, bhí a fhios agam gurb é aerfort Miami an bealach isteach go dtí na Stáit Aontaithe do mhór-roinn Mheiriceá Theas ar fad. Ach níor thuig mé gurb í an Spáinnis an teanga a labhraíonn 70 faoin gcéad de mhuintir Miami ag baile.

Agus ní amháin ag baile. Spáinnis a bhí á labhairt ag foireann an óstáin inar fhan mé, Spáinnis ba mhó a labhair na paisinéirí le tiománaí an bhus, Spáinnis a bhí á labhairt ag an lucht freastail i dteach caife ar bith ar chuir mé cos thar tairseach ann, cuma an sa cheantar Cúbach ‘Calle Ocho’ a bhí mé nó i gcroílár na cathrach, mar a bhfuil an Béarla, teanga na ngnólachtaí móra, níos forleithne. Go deimhin ba i dteach caife i lár na cathrach a tháinig mé ar chomhartha aonteangach, i Spáinnis:

Los empleados deben lavarse las manos antes de regresar al trabajo.

Ní raibh radharc ar bith ar leagan Béarla a chuirfeadh faoi deara do bhaill foirne nach raibh Spáinnis acu a lámha a ní roimh fhilleadh ar an obair dóibh.

Lena gceart a thabhairt do na húdaráis áitiúla, tá an chomharthaíocht oifigiúil ar fad ilteangach. Bíonn an Béarla, nach mbíonn á labhairt ach ag 23 faoin gcéad de dhaonra na cathrach, in uachtar – ach is dócha go gcaithfear cuimhniú gurb é an Béarla, agus ní an Spáinnis, máthairtheanga 73 faoin gcéad de mhuintir stát Florida ina iomláine. Tá contae Miami-Dade, an t-údarás áitiúil a dtiteann cathair Miami faoina chúram, chomh dáiríre sin faoi chearta teanga na bpobal éagsúil go mbíonn an tríú teanga le feiceáil ar chomharthaí oifigiúla freisin: an Kreyòl, teanga Chriólach mhuintir Háítí, atá á labhairt ag 5 faoin gcéad de dhaonra na cathrach.

Níor chuala mé an teanga rúndiamhrach sin á labhairt ag éinne, ach thug mé suntas don anonn is anall éasca a bhí ag muintir Miami idir Spáinnis agus Béarla, agus sin an fáth go dtugaim ‘cathair dhátheangach dháiríre’ uirthi. Ní nach ionann agus an chathair Éireannach a thugann ‘cathair dhátheangach’ uirthi féin, tá dhá phríomhtheanga Miami á labhairt ag sciar suntasach den daonra. Ní amháin sin, ach bíonn an Béarla ar a dtoil ag formhór mór na gcainteoirí Spáinnise, agus bíonn Spáinnis mhaith ag cuid mhór cainteoirí Béarla.

Lena chois sin – agus admhaím nár chaith mé ach trí lá sa chathair – níor mhothaigh mé pioc den strus sóisialta a bhaineann le bheith ag lorg seirbhíse i nGaeilge i gcathair dhátheangach na hÉireann, abair, nó le bheith ag lorg seirbhíse in Ísiltíris sa Bhruiséil (cathair atá dátheangach go hoifigiúil ach a bhfuil an lámh in uachtar ag an bhFraincis ann sa lá atá inniu ann).

Ar ndóigh, bíonn staid na dteangacha i gcathair dhátheangach ag síorathrú. Tá líon na gcainteoirí Béarla in Miami ag dul i laghad, más fíor. Ach ag an am céanna, léiríonn staitisticí uile-Mheiriceá faoi inimircigh a labhraíonn Spáinnis go n-iompaíonn a sliocht ar an mBéarla tar éis trí ghlúin.

Ó am go chéile, chuala mé códmheascadh as cuimse ag muintir Miami. Nuair a chuaigh bus a bhí do mo thabhairt go lár na cathrach i bhfostú i dtrácht an mheáin lae, thosaigh mé ag cúléisteacht le comhrá idir lánúin scothaosta a bhí ina suí ar an taobh thall den phasáiste. Bhí oiread focal agus abairtí iomlána Béarla á gcaitheamh isteach ina cuid Spáinnise ag an mbean nár léir uaireanta cé acu den dá theanga a bhí á labhairt aici, cé gur léir óna blas gurbh í an Spáinnis, agus ní an Béarla, an teanga a bhí aici ón gcliabhán. Suimiúil go leor, níor fhreagair a fear céile í ach i Spáinnis, ach ba léir ó nádúrthacht a gcomhrá gur thuig sé Béarla a mhná céile go rímhaith.

Mar a tharla, bhí mo mhálaí ar fad liom agus an anailís iomlán neamheolaíoch seo ar bun agam ar nósanna teanga na lánúine seo; bhí mé ar mo bhealach chuig stáisiún meitreo as a bhfaighinn traein go dtí an t-aerfort.

If you see something, say something’, a d’fhógair comhartha sa meitreo orm go trítheangach: Se ve algo, diga algo’, ‘Si ou wé yon bagay di yon bagay’.

Bagairtí sceimhlitheoireachta a bhí i gceist ag comhlacht na traenach gan dabht ach bhain mise brí éagsúil as: is éard a chonaic mé le linn mo chamchuairte i Meiriceá ná gur tír i bhfad níos ilghnéithí, i bhfad níos ilchineálaí agus i bhfad níos ilchultúrtha í ná mar a cheaptar go minic, agus tá súil agam gur éirigh liom blaiseadh a thabhairt den mhéid sin i mo chuid colún le cúpla seachtain anuas.