Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh – CUID 9

CUID 9 – Cuirtear críoch anseo le Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh, úrscéal nua le Pól Ó Muirí d’fhoghlaimeoirí agus do léitheoirí i gcoitinne á léamh ag Dara Ó Cinnéide. Tá súil againn gur bhain sibh tairbhe agus taitneamh as.

CATH image

Bhog Heinrich go ciúin tríd an tuath. Chonaic sé a thrúpaí féin ach sheachain sé iad. Chonaic sé trúpaí Meiriceánacha ach sheachain sí iad fosta. Bhí cathú air géilleadh do na Meiriceánaigh ach níor lig an eagla dó. B’fhéidir go scaoilfeadh siad é. Lena chois sin, dá ngéillfeadh sé, ní fheicfeadh sé Adele. Ba í Adele an chloch ba mó ar a phaidrín. Bhí air Adele a fheiceáil arís. Bhí air í a choinneáil sábháilte. Thiocfadh leis a éide a bhaint de féin agus fanacht léi. Déarfadh sí gurb é a fear céile é. Bheadh siad sábháilte le chéile.
Shiúil sé leis go ciúin. Sea, sin an aisling a bhí aige; bheadh siad beirt sábháilte le chéile. Bhí ocras air ach shiúil sé leis go ciúin. Bhí tart air ach shiúil sé leis. Bhí tuirse air ach shiúil sé leis. Ní stopfadh sé go dtí go mbainfeadh sé teach Adele amach. Shiúil sé leis. Sa deireadh, d’aithin sé gur ag teacht i ndeas do theach Adele a bhí sé. Tógáil chroí a bhí ann. D’aithin sé an ceantar go cinnte. Níorbh fhada anois go mbeadh sé léi. Níorbh fhada anois go mbeadh siad le chéile. Thabharfadh sé aire di; thabharfadh sé aire dá bpáiste. Bheadh siad sona sásta le chéile.
Chonaic sé an teach roimhe. Cúpla céad méadar. D’amharc sé thart. Ní raibh duine ná deoraí le feiceáil. Bhí gach rud ciúin. D’amharc sé thart arís. Chonaic sí Adele i bhfad roimhe. Bhí sí sa gharraí lena máthair. Bhí an leanbh leo. Bhí gliondar ar Heinrich; bhí áthas air. Ní fada go mbeadh sé ina gcuideachta. Chuideodh sé leo. Chaithfeadh sé an éide sa tine. Ní throidfeadh sé arís. Bhog sé chun cinn. Ní raibh duine ná deoraí le feiceáil. Thosaigh sé ag rith. Ní fhaca Adele go fóill é. Bhí sé ar tí scairteadh agus is ansin a chuala sé iad – beacha. Beacha sa spéir. Beacha dubha. Beacha dorcha. Beacha dubha dorcha thuas sa spéir. Beacha colgacha. Beacha feargacha. Beacha marfacha. Néal dubh dorcha beach. Beacha tormánacha. Beacha callánacha.
Thit na buamaí. Scread Heinrich: “Adele! Adele! Adele!” Chuala sí é. Thiontaigh sí chuige. Chuala sí é. D’ardaigh sí a lámh. Bhí miongháire ar a haghaidh. Chonaic Heinrich an miongháire. Ach d’imigh an miongháire go tobann. Chuale Adele na beacha fosta. D’amharc Adele ar an spéir. Chonaic sí na beacha. D’amharc sí ar a máthair; d’amharc sí ar a leanbh, d’amharc sí ar Heinrich. D’imigh an miongháire agus tháinig eagla uirthi. Chuala sí an bhean sí; chuala sí amhrán marfach an bhean sí. Thiontaigh sí lena leanbh a thógáil ón chliabhán.
Beacha! Beacha! Beacha colgacha. Beacha feargacha. Beacha marfacha. Beacha tormánacha. Beacha callánacha.
Rith Heinrich chuici. Rith sé oiread agus a thiocfadh leis. Ní fada anois go mbeadh sé léi. Ní fada anois go mbeadh sé lena leanbh. Ní fada anois go mbeadh siad uilig le chéile. Ní fada anois go mbeadh siad uilig ag siúl cois farraige. Mhaithfeadh Dia a chuid peacaí dó. Ní mharódh sé duine ar bith eile go deo. Déarfadh sé paidir gach lá. Rachadh sé ar Aifreann. Rachadh siad uilg ar Aifreann. Scread Heinrich arís agus arís agus arís: “Adele! Adele! Adele!” Ach d’imigh sí as radharc sa toit. D’imigh sé as radharc sa tormán. D’imigh sí as radharc sa phléascadh. D’imigh sí. D’imigh sí. D’imigh sí. D’imigh siad. D’imigh siad. D’imigh siad.
Scread Heinrich arís: “A Dhia, tá Adele neamhchiontach! Tá Adele neamhchiontach! Ní dhearna Adele dochar do dhuine ar bith. Ní dhearna sí dochar do dhuine ar bith!”
Ach mhúch na beacha colgacha a ghlór.