Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh – CUID 8

CUID 8 – Tá áthas ar Tuairisc.ie Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh, úrscéal nua le Pól Ó Muirí d’fhoghlaimeoirí agus do léitheoirí i gcoitinne, a fhoilsiú anseo

CATH image

Bhí briseadh an lae ann. Níor chorraigh Adela as an leaba. Ní raibh misneach ar bith aici aghaidh a thabhairt ar an lá. Níor chorraigh sí. Dhiúltaigh sí éirí. Bhí oíche chorrach aici. Chuala sí eitleáin ar feadh na hoíche. Chuala sí trup agus troid ar feadh na hoíche. Bhí eagla uirthi; bhí eagla mhór uirthi. Ní raibh a fhios aici cá raibh Heinrich. Ní raibh a fhios aici cad a tharla dó. Ní raibh a fhios aici cé acu a bhí sé beo nó marbh. Chuir sé a lámha ar a bolg. Mhothaigh sí tinn. Bhí sí tinn le heagla. Chorraigh an leanbh sa chliabhán. An raibh an leanbh uaigneach i ndiaidh a athar? Ar thuig an leanbh beag soineanta go raibh a athair i mbaol agus i gcontúirt? Thosaigh Adele ag canadh go bog don leanbh. “Fuist, fuist, a leanbh. Beidh gach aon rud togha,” a dúirt sí os ard, “tiocfaidh d’athair ar ais.”

Bhí a fhios aici nach raibh muintir an tsráidbhaile sásta léi; bhí páiste aici le saighdiúir Gearmánach. “Striapach,” a bhí siad ag tabhairt uirthi. Ba chuma léi. Bhí mórán de na daoine céanna sásta earraí a dhíol leis na Gearmánaigh. Dhíol siad uibheacha agus arán agus fíon leis na Gearmánaigh. Cérbh iad na striapaigh i ndáiríre? Cá mhéad acu a throid in éadan na nGearmánach? Ní mórán. Ach bhí siad ag éirí cróga agus na Gearmánaigh ar tí imeacht. D’aimsigh siad an tírghrá agus na Meiriceánaigh ar leac an dorais acu. Cá raibh an tírghrá sin roimhe seo? a smaoinigh sí léi féin.

Agus cén mhaith an tírghrá di féin, a smaoinigh sí. Nach bhfuair a hathair féin bás sa Chogadh Mór de bharr tírghrá don Fhrainc? Ar chuir a bhás arán ar an tábla di féin nó dá máthair? Ar chuir an tírghrá earraí sna cófraí dóibh? Uaigh féin ní raibh ag a hathair. Ní raibh fágtha de ach ainm greanta i gcloch. Taisí féin, ní raibh fágtha. Tírghrá? Nach cruálach an ní tírghrá? a smaoinigh Adele.

Ach grá féin? Sin scéal eile. Thuig sí an cineál sin grá. Thuig sí an grá a bheadh agat do dhuine. Thuig sí an grá a bheadh agat do duine os do chomhair. Thuig sí an grá a bhí le fáil i ngéaga fir. Thit sí i ngrá le saighdiúir Gearmánach. Bhí sí ag iompar a bpáiste. Thuig sí cad é a bhí déanta. Thuig sí cén sort duine a bhí i Heinrich. Bhí a fhios aici cad é a bhí déanta ag Heinrich thoir sa Rúis. Chlis sé as a chodladh oíche amháin agus na deora leis. Bhí sé ag beicíl: “Tá mé ciontach, Adele, tá mé ciontach. Rinne mé rudaí uafásacha. Ní thuigeann tú. Rinne mé rudaí uafásacha. Mharaigh mé daoine. Mharaigh mé gach duine a casadh orm, bíodh siad san arm nó ná bíodh. Tá mé ciontach.”

D’inis sé gach rud d’Adele. D’inis sé di faoi shráidbhailte a dhóigh sé go talamh; faoi fhir a scaoil sé chun báis; faoi Ghiúdaigh a chruinnigh sé le chéile. Chuir sé ar traenacha iad agus bhí a fhios aige gur an bás a bhí i ndán dóibh. Chonaic sé seanfhir, mná, páistí ag stánadh air agus bhí a fhios aige gur an bás a bhí i ndán dóibh: “Tá mé ciontach, Adele, tá mé ciontach. Níor cheart go mbeinn anseo leat. Ní mhaithfidh Dia mo chuid peacaí dom. Tá mé ciontach.”

Shuaimhnigh sí é. Thit a chodladh air sa deireadh ach níor chodail Adele. Thuig sí cén sórt fir a bhí ann; thuig sí gurb é athair a páiste é. Thuig sí go raibh grá aici dó in ainneoin a chuid peacaí. Ba chuma léi. “Deir an sagart linn gur peacaigh uilig muid,” a dúirt sí léi féin. “Is é mo Heinrich é. Is liomsa anois é.”

Fág freagra ar 'Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh – CUID 8'