Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh – CUID 7

CUID 7 – Tá áthas ar Tuairisc.ie Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh, úrscéal nua le Pól Ó Muirí d’fhoghlaimeoirí agus do léitheoirí i gcoitinne, a fhoilsiú anseo

CATH image

Foilsítear anseo Cuid 7 den leagan scríofa agus fuaime de  Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh le Pól Ó Muirí. Is é an craoltóir aitheanta Dara Ó Cinnéide atá i mbun na léitheoireachta. Sárscéal ó Ultach á léamh go cumasach ag Muimhneach! Bainigí taitneamh as agus bígí ag foghlaim!


Níor chodail ceachtar acu go maith an oíche sin. Bhí brionglóid chorrach acu beirt. A bhéal. A béal. A shúile. A súile. A theanga. A teanga. A chraiceann. A craiceann. A bholg. A bolg. A phóg. A póg. A anáil. A hanáil. A bhéal oscailte. A béal oscailte. A shúile oscailte. A súile oscailte. A theanga bhog. A teanga bhog. A chraiceann geal. A craiceann geal. A bholg tais. A bolg tais. A phóg ghrámhar. A póg ghrámhar. A anáil mhilis. A hanáil mhilis. A pháiste féin. A páiste féin. A bpáiste féin.

Bhí briseadh an lae ann. Níor chorraigh Heinrich. Bhí solas ann. Luigh sé siar arís. Ní raibh fonn air éirí. Ní raibh fonn air imeacht. Ní raibh fonn air aghaidh a thabhairt ar an lá. “Fanfaidh mé anseo,” a dúirt sé leis féin. “Fanfaidh mé anseo go dtí go dtiocfaidh na Meiriceánaigh. Ní bhogfaidh mé. Ní throidfidh mé arís. Fanfaidh mé leis na Meiriceánaigh. Ní bhogfaidh mé. Ní throidfidh mé arís.”

Chúlaigh sé siar arís i measc chraobhacha an chrainn. D’éist sé go cúramach. Ní raibh tada le cluinstin go fóill. D’éist sé go cúramach. Éan! Chuala sé éan. Is fada ó chuala sé éan. Lón dubh a bhí ann. Nach binn an t-amhrán a bhí ag an lón dubh? Ba bhinne a cheol ná ceol an bhean sí. Ba bhinne i bhfad a cheol ná aon cheol eile a chuala Heinrich riamh roimhe sin. Ceolfhoirm aonair a bhí ann; aon éan amháin agus é ag seinm do Heinrich amháin. Bhí an lón dubh ina sheasamh go mórtasach ar an chrann. Bhí sé ag canadh leis. Ansin, go tobann, d’imigh an t-éan. Bhí an saol ciúin arís. Níor chorraigh Heinrich go fóill. Eagla a bhí air bogadh. D’éist sé agus d’éist sé agus d’éist sé. Ní raibh rud ar bith eile ag bogadh.

“Ní bhogfaidh mé,” a dúirt sé leis féin. Ach, ansin, smaoinigh sé ar Adele. Smaoinigh sé ar an leanbh sa chliabhán, a bpáiste beag soineanta féin. Smaoinigh sé uirthi agus í léi féin. “Beidh eagla uirthi,” a smaoinigh Heinrich, “beidh eagla mhór uirthi. Níl a fhios aici cad é a tharla dom. Níl a fhios aici cé acu atá mé beo nó marbh. Beidh eagla mhór uirthi.”

Bhí eagla ar Heinrich féin, eagla mhór. Ach níor chorraigh sé go fóill beag. D’éist sé arís eile. Ní raibh rud ar bith le cluinstin. “Caithfidh mé imeacht,” a dúirt sé leis féin, “caithfidh mé éirí. Caithfidh mé Adele a bhaint amach.”

Bhog sé go faiteach. D’amharc sé amach as na craobhacha go cúramach. Ní raibh duine ná deoraí le feiceáil. Bhí an tír tostach go fóill. Bhog sé go faiteach arís. Chuir sé cos amháin ar an talamh; chuir sé an dara cos ar an talamh. “Tá mé chomh faiteach le coinín,” a dúirt sé leis féin. D’amharc sé thart uair amháin eile go cúramach. Bhí an domhan mór tostach. D’imigh sé.