Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh – CUID 5

CUID 5 – Tá áthas ar Tuairisc.ie Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh, úrscéal nua le Pól Ó Muirí d’fhoghlaimeoirí agus do léitheoirí i gcoitinne, a fhoilsiú anseo

Caith2
Léaráid: Mark Wickham

Foilsítear anseo Cuid 5 den leagan scríofa agus fuaime de  Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh le Pól Ó Muirí. Is é an craoltóir aitheanta Dara Ó Cinnéide atá i mbun na léitheoireachta. Sár-scéal ó Ultach á léamh go cumasach ag Muimhneach! Bainigí taitneamh as agus bígí ag foghlaim!


Cuid 5

 

Mhothaigh Heinrich créafóg ina bhéal. Mhothaigh Heinrich créafóg ina shúile. Mhothaigh Heinrich créafóg ina chluasa. Mhothaigh Heinrich créafóg ina ghaosán. Mhothaigh Heinrich créafóg thart ar a cholainn ar fad. “Tá mé in ifreann,” a dúirt sé leis féin, “tá mé in ifreann.”

D’oscail sé a shúile ach ní fhaca sé ach dorchadas. Ní raibh roimhe ach dorchadas, dorchadas fliuch, dorchadas domhain. Bhí sé beo – ar éigean. Bhí créafóg sa mhullach air. Ní thiocfadh leis bogadh; ní thiocfadh leis corrú. Bhí an chréafóg á ithe; bhí an chréafóg á ithe orlach ar orlach. Bhí Heinrich ag dul síos; mhothaigh sé go raibh sé ag titim síos go hifreann; mhothaigh sé go raibh sé ag titim síos ina uaigh féin.

Smaoinigh sé ar Adele; smaoinigh sé ar a ainnir agus rinne sé iarracht paidir a rá. Ach ní thiocfadh leis a bhéal a oscailt. Bhí créafóg ina bhéal. Bhí sé ina uaigh féin. Smaoinigh sé ar Adele agus smaoinigh sé ar phaidir: “Heilige Maria…” Stad sé. Bhí sé rólag. Ní thiocfadh leis na focail a thabhairt chun cuimhne. Bhí sé rólag. Bhí deireadh leis. Rinne sé iarracht eile paidir a rá. Heilige Maria. Ní raibh maith ann. Bhí fonn caointe air. Bhí deireadh leis. Heilige Maria…

Rinne sé iarracht comhartha na croise a ghearradh air féin. D’éirigh leis lámh amháin a bhogadh. Mhothaigh sé a mhéara ar a chlár éadain. Thit cuid den chréafóg siar. Heilige Maria. Bhog sé a lámh arís. Thit cuid eile den chréafóg siar. D’imigh an dorchadas. Chonaic sé solas. Ghlan sé cuid eile den chréafóg dá aghaidh. Bhí solas geal roimhe.

Heilige Maria. Tháinig fuinneamh gan choinne chuige. Heilige Maria. Chonaic sé an spéir os a chionn.

“Tá mé ar neamh,” a smaoinigh sé.

Thóg sé é féin as a uaigh; thóg sé é féin as an talamh. Bhain sé an chréafóg de féin. Rinne sé iarracht seasamh. Ní thiocfadh leis seasamh. Bhí sé rólag.

Thit clábar de. Chonaic sé a chraiceann féin. Ní saighdiúir a bhí ann níos mó. Bhí a éide scriosta nach mór. Is ar éigean go raibh éide ar bith air anois. Bhí a sheacaid ina ribíní. Bhí a a bhristí clúdaithe le clábar agus créafóg. Bhí fuil agus clábar lena chloigeann agus lena chliabh. Ní saighdiúir a bhí ann a thuilleadh ach duine, duine a bhí nocht os comhair Dé.

Sheas sé. D’amharc sé thart. Ní raibh sé ar neamh ach in ifreann. Bhí an ceantar ar fad le thine. Bhí gach rud le thine; bhí na tancanna agus feithiclí le thine. Bhí coirp ina luí fud fad na háite. Bhí a chomrádaithe marbh. Níor chorraigh neach ar bith beo. Bhí na héin féin ina dtost. Sheas sé faoin ghrian; d’amharc sé ar an spéir. Bhí sé beo. Ar éigean. Tháinig an phaidir chuige go tapa; tháinig na línte chuige as a chroí: “Heilige Maria.”