Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh – CUID 4

Foilsítear anseo Cuid 4 den leagan clóite agus fuaime de  Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh le Pól Ó Muirí. Is é an craoltóir aitheanta Dara Ó Cinnéide atá i mbun na léitheoireachta. Sár-scéal ó Ultach á léamh go cumasach ag Muimhneach! Bainigí taitneamh as agus bígí ag foghlaim! Cuid 4 Thuig máthair Adele, Angela, go raibh […]

Caith2
Léaráid: Mark Wickham

Foilsítear anseo Cuid 4 den leagan clóite agus fuaime de  Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh le Pól Ó Muirí. Is é an craoltóir aitheanta Dara Ó Cinnéide atá i mbun na léitheoireachta. Sár-scéal ó Ultach á léamh go cumasach ag Muimhneach! Bainigí taitneamh as agus bígí ag foghlaim!


Cuid 4

Thuig máthair Adele, Angela, go raibh rud éigin contráilte. Thuig sí go raibh rud éigin ag cur isteach ar a hiníon.

“Cad é atá ort?” a d’fhiafraigh sí dá hiníon.

Níor labhair Adele.

Thiontaigh sí a ceann agus rinne sí neamhiontas den cheist.

D’amharc a máthair uirthi.

D’fhiafraigh sí di arís: “Cad é atá ort?”

Rinne Adele moill bheag eile sular labhair sí.

“Tá mé trína chéile,” a d’fhreagair sí.

Thuig máthair Adele an méid sin.

“Heinrich?” a d’fhiafraigh sí go ciúin.

Chlaon Adele a ceann: “Cúrsaí eile.”

Bhí imní anois ar Angela.

Cúrsaí eile?

Bhi rud éigin contráilte go cinnte.

Chorraigh an babaí ina chliabhán. Bhí ocras air, bíodh geall.

Rinne Angela moill bheag sular labhair sí arís. Chlaon sí síos agus thóg sí an leanbh as a chliabhán.

“Seo, seo, seo,” a dúirt sí leis agus phóg sí é faoi thrí.

“Seo, seo, seo. Nach tú atá ocrach? Nach tú atá ocrach?”

D’éirigh an leanbh ciúin seal.

Bhí an triúr acu ciúin seal.

Ba í Angela a labhair arís: “Cúrsaí eile?”

D’fhreagair Adele a máthair an iarraidh seo: “Lucht an tsráidbhaile. Bhí siad confach liom.”

“Mar gheall ar Heinrich?” a d’fhiafraigh Angela.

“Mar gheall ar Heinrich,” a d’fhreagair Adele.

Tháinig fearg ar Angela.

“Na bithiúnaigh,” a dúirt sí, “na bithiúnaigh! Éiríonn siad confach leat anois agus Heinrich ar shiúl. Éiríonn siad confach leat anois! Na bithiúnaigh! Na cladhairí!”