Cath na gCorcaíoch – Titley ag marcáil Keane

LÉIRMHEAS: Scimeáil shleamhain ar uachtar an chraicinn atá i leabhar Roy Keane. É ag preabadh agus ag plimpeáil mar a bheadh burgar ar thine.

9/10/2014 Roy Keane Autobiographies
Pictiúr: Photocall Ireland

Bhí col agam leis an leabhar seo. Col áirithe. Ní maith liom Rockmount. Ní maith liom Cobh Ramblers. Bhuaigh siad orm féin agus ar Tramore Athletic cúpla uair. Nuair a bhínn ag imirt leo. Ní miste liom Manchester United. Táim báúil le Glasgow Celtic. Is fearr liom iad ná Rangers.

Fós léigh mé é. Ó thosach go deireadh. Tá gonta. Níos gonta. Ná seo. Ar eagla go léifeadh daoine é. A raibh cleachtadh acu ar an Sun. Agus an Star.

Leabhar deas é. Tá pictiúr den laoch ar an gclúdach. É ag stánadh ort. Níor mhaith leat go bhfeicfeadh sé caipín do ghlúine. Ar eagla na heagla. Ar eagla na heagla na heagla na heagla na droch-chuimhne.

Ait go leor, bhí meas aige ar Arsenal. Ní léir an raibh an meas céanna aige ar Urinal, ach streallaimis é sin tharainn.

Tosnaíonn leis an speach sin ar Haaland, a mhór nó a mhór. Deir sé gur ‘prick to play against’ a bhí ann. B’in priocadh a thuill speachadh, gan bhréag. Gabhann saghas leath-leithscéal. Ceathrú scéil más maith leat.

Maidir le turnamh ManU, thug le fios go bhféadfadh a bheith de réir a chéile. B’in abairt fhada. Mo bhrón, mo mhairg, mo threighid. Stop anois. Nó go tobann. Ar nós an Tíogair Cheiltigh a fuair bás gan choinne.

Bhí seans ann ar íoróin. Seans beag. Is fíor. Nuair a chnag sé Peter ‘Schliemel’ lena chloigeann. B’é Nicky Butt an réiteoir! An raibh sin cothrom?

Maidir le Ruud Van Nistelroy. Deir sé: ‘he had his own traits. He could be moody at times – unlike me.’ Mo thóin atá gorm ó phriocadh mo phrumpa ó shin. Má bhí iarann sna bróga, ní raibh íoróin san insint.

Bhí mé ag iarraidh gan gean a thabhairt. Ach thug. Ar a laghad ar barra. Mar atá an leabhar. Scimeáil shleamhain ar uachtar an chraicinn. É ag preabadh agus ag plimpeáil mar a bheadh burgar ar thine.

Má lean tú ManU le blianta, seo é an leaid duit. Dá mba mhaith leat go bhfionnfaí cad a dhéanann siad ó lá go lá, faightear seanliathróid chriostail. Deir sé go bhfuil sé ‘open-minded about sports psychology’. Cad ina thaobh? Níl ann ach cac. Seans go raibh sé ag iarraidh a bheith go deas.

Tá go maith timpeall ar an inchaint. An chabaireacht ann is as. Ceapann an stíl ghon…ta. É seo go binn, is go neamhbhinn.

Fiafraíonn sé ‘Would I go back to Cobh Ramblers next week?’. Tá comhthéacs áirithe laistiar den cheist seo. Ach nach cuma sin? Ba cheart dó.

Mar tá siad ina ghá. Agus dhéanfadh an bheart a bhfuil sé saolaithe chuige. A bheith ina pheileadóir.

Deacair a chreidiúint go ndéanfaidh bainisteoir d’aon rath. Níl an smacht céanna aige ar a bhéal agus a bhí aige ar a chosa. Luann sé nuair a bhí sé mar bhainisteoir le Sunderland. Tar éis eachtra áirithe amháin deir sé gurbh é ‘one of the first times I lost the rag’ é. Má deineadh gáire le múchadh, múchtar é.

Tá smutanna den leabhar atá iontach macánta. Is maith liom gur thug sé taitneamh don fhuath idir Glasgow Celtic agus Rangers: ‘the hatred…I enjoyed all that.’ Fós féin, chaith sé an poipín.

Na pictiúir bheaga is suimiúla. Barthez agus Laurent Blanc ag ól tobac sa leithreas ag leath ama. Francaigh iad. Ní raibh chomh huafásach le Lev Yashin ag slogadh bhodca roimh chluichí agus i lár cluichí. Agus b’eisean an cúlbáire ab fhearr ar domhan lena linn!

Thaitin liom in ainneoin mo dhíchill. Seans nach mbeidh an chéad eachtra eile Sent Off, Management My Arse chomh maith céanna.