Cath na gcomharsan chugainn agus an Cheathrú Rua agus Mícheál Breathnach ag cur tús le Craobh Peile na Gaillimhe

Tabharfaidh dhá chlub Gaeltachta, an Cheathrú Rua agus Mícheál Breathnach, aghaidh ar a chéile sa chéad bhabhta de Chraobh Peile na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo

Imreoir Mhícheál Breathnach agus na Gaillimhe, Seán Denvir, i rith cluiche ceannais Chomórtas Peile na Gaillimhe 2014. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
Imreoir Mhícheál Breathnach agus na Gaillimhe, Seán Denvir, i rith cluiche ceannais Chomórtas Peile na Gaillimhe 2014. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

nach bhfuil muid seachtain fágtha go dtí Comórtas Peile na Gaeltachta in Ard an Rátha, is cath Gaeltachta eile a bheidh ag tarraingt aird lucht leanúna peile na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo.

Cuirtear tús le Craobh Peile na Gaillimhe an Satharn beag seo agus i bPáirc an Phiarsaigh ar an Domhnach (4i.n.), áit a dtabharfaidh Mícheál Breathnach agus an Cheathrú Rua aghaidh ar a chéile sa chéad bhabhta. Fear amháin a bhfuil taithí ar leith aige ar na foirne seo ná iarimreoir na Gaillimhe, Seán Ó Domhnaill, fear a bhí ina bhainisteoir ar na Breathnaigh suas go dtí anuraidh agus atá i gceannas ar fhoireann sinsear a bhaile dúchais i mbliana.

Is é an cluiche ar an Domhnach an chéad uair a imreoidh na foirne in aghaidh a chéile ón mbabhta céanna i 2008, nuair a bhí bua d’aon phointe amháin ag an gCeathrú Rua, 2-13 in aghaidh 3-9. Bhí Ó Domhnaill ag imirt do na buaiteoirí an lá sin agus deir seisean go bhfuil daoine ag súil go mór leis an gcoimhlint ag an deireadh seachtaine.

“Mar a deirtear sa Bhéarla, is ‘local derby’ atá ann. Déantar beag is fiú de na taicticí uaireanta i gcluichí cosúil leis seo. Ní áireofar tada agus is cluiche crua, díograiseach a bheas ann,” a deir Ó Domhnaill.

bainisteoir nua ag Mícheál Breathnach i mbliana chomh maith agus iarimreoir Mhaigh Eo Maurice Sheridan tagtha isteach in áit Kevin Walsh. Agus triúr acu ar fhoireann an chontae, Seán Denvir, Fiontán Ó Curraoin agus Peadar Óg Ó Gríofa, is iad na Breathnaigh rogha na coitiantachta in aigne go leor daoine ach tá imreoirí nua á dtabhairt isteach ag bainisteoir na Ceathrún Rua agus tá súil Ó Domhnaill gur chun a leasa a bheidh an ‘fhuil nua’.

dul chun cinn á dhéanamh ag foirne faoi aois na Ceathrún Rua faoi láthair agus na mionúir cáilithe do chluiche ceannais iarthar na Gaillimhe i mbliana. Bhí an cosantóir Jack Ó Gaoithín ar fhoireann Faoi 21 na Gaillimhe a shroich cluiche ceannais an chúige an mhí seo caite agus is imreoir óg eile é Oisín Ó Gríofa a bhfuil gealladh faoi. Dar lena mbainisteoir nua, bhí athrú den chineál seo ag teastáil ón gCeathrú Rua le tamall.

“Tá iontach tábhachtach go bhfuil an obair mhaith seo faoi aois á dhéanamh mar gan é, ní bheadh dul chun cinn á dhéanamh ag an gclub. Tá an fhoireann tite siar le roinnt blianta anuas. Níl mé ag cur aon mhilleán ar na foirne bainistíochta a bhí ann roimhe seo; bhí imreoirí ag éirí níos sine agus lads ag cailleadh suim sa bpeil.”

gur cluiche idir dhá comharsa é an choimhlint seo, is é tuairim Ó Domhnaill go mbeidh díomá ar aon duine atá ag súil le aon salachar ar an Domhnach. “Tá an pheil athraithe. Cosúil le cluiche Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo caite, is ‘handbags’ atá ann go leor den am. Tá níos mó achrainn feicthe agam taobh amuigh den séipéil anois is a fheicfidh tú ar an bpáirc.

“Tá fhios agat anois nach bhfuil cead agat an dorn a úsáid. Má dhéanann tú é sin, beidh do chuid peile thart don samhradh so bheidh aon bhrocamas ann. Beidh muid uile ag iarraidh gortuithe a sheachaint. Is é an rud faoi na Breathnaigh i gcónaí go bhfuil a fhios agat go mbeidh siad ag iarraidh peil a imirt agus beidh muid féin ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh.”

Mar atá luaite, ní hiad an Cheathrú Rua rogha na coitiantachta ach ní chuirfidh sé sin as dóibh; bhí siad ar chorrlach i bhfad níos troime chun Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach a bhualadh ag an stáitse céanna anuraidh, agus d’éirigh leo teacht aniar aduaidh ar a gcéilí comhraic an lá sin.

Mar a tharla sé, is iad Bóthar na Trá a chuir deiridh le feachtas Mhicheál Breathnach níos deireanaí sa samhradh. Bheadh díomá ar na Breathnaigh nár shroich siad na babhtaí ceathrú ceannais fiú anuraidh agus is cinnte go bhfuil sé mar aidhm acu dul níos faide i mbliana, go háirithe agus cumas na n-imreoirí atá acu.

Fadhb amháin atá ann d’aon fhoireann a shroicheann na babhtaí deireanacha de chraobh na Gaillimhe ná go gceaptar nach féidir Cora Finne a bhualadh sa chomórtas. Tá siad 1/4 cheana féin ag na geallghlacadóirí áitiúla chun ann chraobh a bhuachan. Deir Ó Domhnaill gur drochrud é an smacht iomlán seo atá acu ar an gcraobh do pheil na Gaillimhe ach gurb é sprioc na gclubanna eile sa chontae ná deireadh a chur leis.

Fág freagra ar 'Cath na gcomharsan chugainn agus an Cheathrú Rua agus Mícheál Breathnach ag cur tús le Craobh Peile na Gaillimhe'